Foilsithe ar 

Maoiniú fógartha ag an Aire Martin agus Chambers do thograí caipitil sa Ghaeltacht

     Os cionn €660k ceadaithe do thograí sa Ghaeltacht i gContaetha na Gaillimhe, Chiarraí, Dhún na Gall agus Mhaigh Eo

 

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, go bhfuil ciste ar fiú breis agus €660,000 d’os cionn 20 togra caipitil faoi leith ceadaithe  i gceantair Ghaeltachta i gContaetha na Gaillimhe, Chiarraí, Dhún na nGall agus Mhaigh Eo.

Is faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne atá na deontais á gceadú chun tacú le heagraíochtaí éagsúla Gaeltachta obair athchóirithe a chur i gcrích chomh maith le trealamh a cheannach.

Tá 10 ndeontas faoi leith ar fiú breis agus €130,000 iad ceadaithe do thograí éagsúla caipitil i nDún na nGall.

I nGaillimh, tá 8 ndeontas faoi leith ceadaithe do thograí éagsúla caipitil, ina measc deontas ar fiú €424,462 é d’ionad pobail nua ar Inis Meáin. Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta (Tionscadal Éireann 2040) atá an deontas seo ceadaithe. Is maoiniú sa bhreis é seo ar an €31,880 a cheadaigh an Roinn roimhe seo don togra maidir le costais ghairmiúla – rud a fhágann go bhfuil cúnamh beagán os cionn €455,000 ceadaithe ag an Roinn don togra.

I nGaeltacht Chiarraí Theas tá deontas ar fiú os cionn €20,000 é ceadaithe do CLG Naomh Micheál chun trealamh aclaíochta a cheannach agus tá dhá dheontas ceadaithe do dhá thogra caipitil i nGaeltacht  Mhaigh Eo.  Tá na sonraí ar fad thíosluaite.

Ag fógairt na ndeontas dúirt an tAire Martin: “Léiríonn fógra an lae inniu a thiomanta is atá mo Roinn agus an Rialtas tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta, agus feabhas a chur ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sna ceantair sin. Ainneoin na ndúshlán faoi leith atá romhainn ag an tráth seo de bharr na paindéime, is ábhar misnigh agus dóchais  é go bhfuil coistí agus cumainn ar fud na Gaeltachta ag saothrú leo go deonach ar mhaithe lena bpobail faoi leith. Is údar áthais dom féin agus don Aire Stáit Chambers a bheith in ann tacú ar bhealach praiticiúil leis an obair sin.”

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Le go mbeidh feidhmiú an phróisis pleanála teanga, atá faoi lán seoil anois bisiúil ní mór tacú ar bhealach praiticiúil le pobal na Gaeltachta chun a mianta féin a bhaint amach. Is údar sásaimh dom go pearsanta, ach an oiread leis an Aire Martin, a bheith in ann cabhrú na mianta sin a thabhairt a fhíorú leis an gcúnamh seo a chur ar fáil.”

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.13, 2.20, 2.22 agus 2.21 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá na deontais seo á gceadú.

NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ

Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. na Gaillimhe:

Iarratasóir /Sonraí

Ceadaithe

Naíolann an nOileán f/c Mhuintearas – trealamh do sheomra Montessori

 €8,618

CLG An Spidéal – trealamh don pháirc peile

 €17,124

Comharchumann Mhic Dara – radaitheoirí leictreacha cliste

 €2,650

CLG na Ceathrún Rua -  tarracóir nua agus binsí don pháirc peile

 €7,454

CLG Bhearna – Cuaillí agus obair ghaolmhar

 €17,638

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach – obair ar dhíon an ionaid

 €15,738

Cumann Forbartha Chois Fharraige – Irisleabhar

 €3,000

Comhlacht Forbartha Inis Meáin – ionad pobail nua

€424, 462

Iomlán

€496,684

Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. Mhaigh Eo:

Iarratasóir /Sonraí

Ceadaithe

Muintir an Chorráin Teo – veain do bhéilí ar rothaí

 €8,050

Comhar Dhún Chaocháin – táillí gairmiúla don pháirc spraoi

 €5,535

Iomlán

€13,585

Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. Dhún na nGall:

Iarratasóir /Sonraí

Ceadaithe

Áislann Chill Charthaigh – obair bhreise feabhsúcháin ar an ionad

 €3,235

Ghalfchumann Ghaoth Dobhair  - trealamh

 €16,524

Coláiste   Ghaoth Dobhair –   trealamh ranga don Choláiste.

€4,536 

Togra Óige Mhuire – trealamh d’ionad sealadach don óige i nGaoth Dobhair

€13,025 

Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór  - uasghrádú ar an ionad

 €3,260

Coláiste Árainn Mhór - obair áirithe feabhsúcháin

€25,000 

Scoil Náisiúnta Taobhóige, An Clochán,  – uasghrádú ar shíleáil na scoile

 €3,683

Comhlacht Forbartha an Fháil Charraigh – athchóiriú ar charrchlós an ionaid

€47,354

CLG Ghaoth Dobhair – córas fuaime

 €9,699

Cumann Cheiltigh Ghaoth Dobhair – binsí foirne

 €5,735

   Iomlán

 €132,051

Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. Chiarraí:

Iarratasóir /sonraí

Ceadaithe

CLG Naomh Mícheál, Baile an Sceilg –trealamh aclaíochta

 €23,482