Foilsithe ar 

Plean Teanga agus maoiniú de €100,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Cheantar na nOileán

Tá plean teanga ceadaithe ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, do Cheantar na nOileán i gConamara faoin bpróiseas pleanála teanga. D'fhógair an tAire freisin allúntas bliantúil - suas le €100,000 - chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean agus le Comhairle Ceantar na nOileán, an eagraíocht atá i gceannas ar an bplean. Is é aidhm na bpleananna teanga an Ghaeilge a láidriú ar bhealach comhordaithe agus méadú ar a húsáid sa bhaile, sa phobal áitiúil, in oideachas agus i ngnó sna réimsí pleanála teanga. Dírítear sa phlean áirithe seo ar phobail i gCeantar na nOileán lena n-áirítear Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin, chomh maith le bailte eile.

Dúirt an tAire Kyne:

Le ceadú an phlean teanga agus an chiste bhliantúil ar fiú €100,000 do limistéar pleanála teanga Cheantar na nOileán, cuirfear tús leis an gcéad chéim eile den phróiseas pleanála teanga sa limistéar sin. Cuirfidh Comhairle Ceantar na nOileán tús le feidhmiú bhearta an phlean, atá bunaithe ar na riachtanais áitiúla a d’aithin siad agus iad i mbun oibre chun an phlean a ullmhú.

Tá líon suntasach gníomhartha sa Phlean atá dírithe ar thacú leis an nGaeilge sa chuid seo de Chonamara agus lena chinntiú go mairfidh sí mar theanga an phobail. Tacóidh an maoiniú ó mo Roinn le réimse beart a bhaineann leis an gcóras oideachais, lena n-áirítear seirbhísí luathoideachais, seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí don aos óg agus d’aoisghrúpaí eile, deiseanna foghlama lasmuigh den chóras oideachais, an earnáil ghnó, eagraíochtaí pobail agus comharchumainn, na meáin chumarsáide, seirbhísí poiblí, agus seirbhísí sóisialta agus caitheamh aimsire.

Tréaslaím leis an gCeanneagraíocht as ucht an dianobair atá déanta acu chun ceadú an phlean a bhaint amach. Ní gá a rá go bhfuilim féin agus mo chuid oifigeach agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag súil go mór le bheith ag obair as lámh a chéile leis an gCeanneagraíocht chun tacú le cur i bhfeidhm phlean teanga Cheantar na nOileán sna blianta atá romhainn.

Chuir Comhairle Ceantar na nOileán fáilte roimh an bhfógra inniu. Dúirt Eilís Ni Lochnáin, Cathaoirleach na heagraíochta, go tabharfaidh sé seo

deis iontach dúinn an teanga a chaomhnú sa gceantar dona todhchaí. Tá súil ag an gComhairle dul i mbun earcaíochta go luath chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun na bearta atá sa bplean a chur i bhfeidhm ar son phobal an cheantair.  Ba mhaith linn freisin buíochas a ghabháil le chuile dhuine a bhí páirteach i gcur le chéile an phlean seo.