Foilsithe ar 

Laghdú ar an ráta dífhostaóichta - An Phríomh-Oifig Staidrimh

	 20160223 CSOQNHS

Edel Flannery, ón Phríomh-Oifig Staidrimh, ag caint faoi na torthaí

Tháinig laghdú ar an ráta dífhostaíochta i Ráithe 4 2015, dar leis an Phríomh-Oifig Staidrimh. Bhí torthaí an Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh le haghaidh Ráithe 3 2015 amuigh inniu. 

Bhí méadú bliantúil i bhfostaíocht arbh ionann é agus 2.3% nó 44,100 sa bhliain chuig an gceathrú ráithe de 2015, ag tabhairt an líon iomlán i bhfostaíocht go 1,983,000. 

Ar bhonn choigeartú séasúrach, tháinig méadú 4,700 (+0.2%) ar fhostaíocht sa ráithe. Leanann sé seo ar aghaidh ó méadú coigeartaithe séasúraigh de chuid 9,600 (+0.5%0 i bhfostaíocht i R3 2015. 

Tháinig laghdú ar an ráta dífhostaíochta coigeartaithe go séasúrach ó 9.2% go 9.1% i gcaitheamh na ráithe. Laghdaigh dífhostaíocht faoi 26,100 (-12.2%) sa bhliain go R4 2015, ag tabhairt líon iomlán na ndaoine dífhostaithe go 187,500. Tháinig laghdú ar an ráta dífhostaíochta fadtéarmaí ó 5.8% go 4.7% i gcaitheamh na bliana go R4 2015. Ba í dífhostaíocht fhadtéarmach ba chúis le 54.5% den dífhostaíocht iomlán i R4 2015 i gcomparáid le 57.8% bliain roimhe sin agus 61.4% sa gceathrú ráithe den bhliain 2013. 

Bhí an líon iomlán daoine sa lucht saothair sa gceathrú ráithe den bhliain 2015 comhrom le 2,170,500, arb ionann é sin agus méadú de chuid 18,000 (+0.8%) i gcaitheamh na bliana. B'ionann an líon daoine nach raibh sa lucht saothair i R4 2015 agus 1,448,000, laghdú de chuid 1,300 (-0.1%) i gcaitheamh na bliana.