Foilsithe ar 

An Foclóir nua Béarla-Gaeilge á sheoladh

Sheol Uachtarán na hÉireann, Michéal D Ó hUigínn Foclóir Béarla-Gaeilge nua Fhoras na Gaeilge ag ócáid sa Ghailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath inné. Is é seo an chéad fhoclóir náisiúnta Béarla-Gaeilge ó foilsíodh foclóir de Bhaldraithe in 1959.

Is féidir teacht ar an bhfoclóir nua ar líne saor in aisce ag

www.focloir.ie

agus tá timpeall trian dá ábhar deiridh ar fáil ann faoi láthair. Cumhdaóinn sé sin thar 80% de ghnáthúsáid an Bhéarla. Beifear ag cur leis an leagan ar líne i mbliana agus an bhliain seo chugainn, agus foilseofar an leagan deiridh ar líne agus mar leabhar araoin in 2015.

Féach ar an agallamh leis an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich faoin foclóir nua thíos...