Foilsithe ar 

Ráiteas ón Aire Stáit Mac Fhionnlaoich, faoi fhógra an Choimisinéara Teanga

Chuir an Coimisinéir Teanga, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, in iúl dom inniu (4 Nollaig 2013) go bhfuil sé chun éirí as a chuid dualgas i mí Feabhra na bliana seo chugainn, tar éis deich mbliana a bheith caite aige mar Choimisinéir Teanga.

Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis an Choimisinéir Teanga agus chun tréaslú leis as an méid atá curtha i gcrích aige i gcaitheamh na mblianta sin. Mar an chéad Choimisinéir Teanga, chuaigh sé i gceann a oifige nua a bhunú le fís agus díograis agus tá an t-ardmheas atá air i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tuillte dá réir aige. Níl amhras ar bith ach go bhfuil fís, díograis agus proifisiúntacht ar leith léirithe aige ina phost ón chéad lá ar ceapadh é.

Is trua liom, ar ndóigh, go bhfuil cinneadh tógtha ag an Choimisinéir gan a théarma ceapacháin – a mhaireann go dtí Aibreán 2016 - a chríochnú.

Guím gach rath air féin agus ar a theaghlach sa todhchaí.