Foilsithe ar 

Seolann an Taoiseach ceiliúradh 110 bliain de Sheachtain na Gaeilge

Tá an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan ag ceiliúradh 110 bliain ar an saol i mbliana agus beidh na céadta imeachtaí á reáchtáil ar fud na cruinne mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012 ón 5 – 17 Márta 2012.

Is é an réalta raidió agus teilifíse Eoghan Mac Diarmadaatá ina phearsa ag Seachtain na Gaeilge 2012, ach beidh cabhair aige ag spreagadh an phobail le páirt a ghlacadh i gceann de na féilte Gaeilge is fadmharthanaí ar an bhfód, ó tá an Taoiseach Enda Kenny ag tacú le seoladh na féile níos déanaí inniu.

Cuirfear críoch le seoladh oifigiúil na féile náisiúnta i gClub Chonradh na Gaeilge ag 6.00in inniu leis, áit go mbeidh Eoghan Mac Diarmada ina fhear an tí fad agus a labhróidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich agus Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, ar ról Sheachtain na Gaeilge ag spreagadh na teanga i measc an phobail ó 1902 go dtí an lá atá inniu ann.

Labhair Sráidmhuirfean.ie leis an Taoiseach agus an tAire  Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich faoin féile....