Foilsithe ar 

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Maoiniú ar fiú breis is €4.2 milliún é fógartha ag an Aire Humphreys do scoileanna, clubanna spóirt, clóis súgartha agus eagraíochtaí pobail

  • 104 tionscadal le tairbhe a bhaint as maoiniú faoin gclár CLÁR
  • Béim ollmhór ar dhaoine óga agus ar shaoráidí faoin aer a fhorbairt
  • An tAire Humphreys: Is iad daoine óga na tíre laochra na Paindéime: Anois an t-am chun tacú leo

 

 

Tá sonraí fógartha ag Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu (Dé Luain, 30 Lúnasa) ar mhaoiniú ar fiú breis is €4.2 milliún é chun tacú le scoileanna, clóis súgartha, tionscadail bhonneagair agus eagraíochtaí pobail na tíre ar fud Cheantair Thuaithe na hÉireann.

 

Cuirtear an maoiniú ar fáil faoi chlár CLÁR na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, atá ina chuid thábhachtach de Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, straitéis cúig bliana an Rialtais chun bailte agus sráidbhailte tuaithe na tíre a athbheochan.

 

De réir fhógra an lae inniu, tabharfar tacaíocht ar fáil do 104 tionscadal i bpobail thuaithe faoi Bheart 1 & faoi Bheart 2 de chlár CLÁR 2021.

 

Beidh an tAire Humphreys ag déanamh tuilleadh fógraí faoin gclár CLÁR sna seachtainí romhainn amach.

 

Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Humphreys:

 

"Tugtar tús áite do dhaoine óga na tíre le clár CLÁR 2021. Trí infheistíocht a dhéanamh i scoileanna, clóis súgartha, saoráidí faoin aer agus i dtionscadail eile sa tír - táimid ag taispeáint go bhfuil meas agus tuiscint againn ar cheannairí na todhchaí.

 

“Má tá rud amháin foghlamtha againn de bharr na Paindéime, is é sin gur ábhar dóchais dúinn iad daoine óga na tíre.

 

“Trí infheistíocht a dhéanamh iontu, táimid ag déanamh infheistíocht i dtodhchaí na tíre - is é sin bun agus barr fhógra an lae inniu.

 

“Is sampla den scoth é an fógra seo faoi chlár CLÁR mo Roinne den chaoi a thionscnóidh 'Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann' athrú ó bhonn ar cheantair thuaithe na tíre.

 

“Trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail den scoth mar atáimid inniu, táimid ag léiriú go bhfuilimid tiomanta do mheon daoine óga a athrú maidir leis an dearcadh atá acu faoi láthair go mbeidh orthu a bpobal a fhágáil chun dul chuig na cathracha móra.

 

“Is é an ról atá agam mar Aire ná ceantair thuaithe na hÉireann a athbheochan - Tá rún daingean agam féin agus ag lucht mo Roinne go ndéanfaimid amhlaidh. Tá an fógra seo, agus fógraí eile mar é faoin gclár CLÁ‏R, ina bhfianaise ar straitéis cúig bliana na Roinne, 'Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann'."

 

Tá maoiniú breis is €38m curtha ar fáil d'os cionn 1,600 tionscadal faoi bhearta éagsúla den chlár CLÁR ó cuireadh tús arís leis in 2016.

 

Cuirfear beagnach €2 milliún ar fáil faoi Bheart 1 den Chlár i mbliana chun tacú le tionscadail i 52 pobal.

 

Déanfar bonneagar sábháilteachta, amhail cosáin, soilsiú poiblí, bearta moillithe tráchta agus saoráidí páirceála carr a chur ar fáil agus a fheabhsú mar chuid de na tionscadail. Cuirtear tacaíocht leanúnach ar fáil faoin mbeart seo freisin do thionscadail a chuidíonn le timpeallacht scoileanna agus saoráidí pobail a chur in oiriúint chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn ón bpaindéim. 

 

Faoi Bheart 2, cuirtear maoiniú ar fáil do shaoráidí áineasa pobail faoin aer agus cuirfear maoiniú breis agus €2.2 milliún ar fáil i mbliana chun tacú le 52 tionscadal i bpobail ar fud na tíre. Áirítear ar an mbeart seo tacaíochtaí chun spásanna poiblí nua a fhorbairt agus feabhas a chur ar spásanna poiblí atá ann cheana, lena n-áitítear tacaíochtaí do chlóis súgartha agus do Limistéir Ilúsáide Cluichí (MUGAnna).

 

I measc samplaí de na tionscadail ar éirigh leo agus a fógraíodh inniu tá:

 

  • An Clár: Conair shiúil nua 1500 méadar ag Club Lúthchleasaíochta na Tulaí - na coillte mórthimpeall, boird phicnice agus fál sceach a chur: €43,560
  • Dún na nGall: Cumann Forbartha Chúil Dabhcha, chun feabhas a chur ar an limistéar cois cladaigh - an clós súgartha in aice leis a fheabhsú agus trealamh aclaíochta faoin aer a chur ar fáil, binsí picnice agus suíocháin atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí a shuiteáil: €50,000
  • Ciarraí: Club Iomána & Peile CLG Chill Gharbháin: Racaí rothar a lonnú, áit babhlála faoin aer, áit phicnice, bonneagar páirceála, áit pháirceála do dhaoine faoi mhíchumas a shuiteáil agus tírdhreachú bithéagsúlachta a dhéanamh. €50,000
  •  Laois:- Cumann Forbartha Pobail an Bhaile Fhinn - Clós súgartha a chur ar fáil do leanaí; dromchlú sábháilte a dhéanamh, suíocháin, fálú, bithéagsúlacht & plandú céadfach - €49,500
  •  Sligeach: - Cuideachta Forbartha Chúil Áine – Pumpraon le bailchríoch asfalt air a thógáil - €49,500

 

Tá an liosta iomlán de na tionscadail ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/bailiuchan/bd890-clar-2021-funding-approvals/

Fógrófar na tionscadail ar éirigh leo faoi na Bearta CLÁ‏R eile sna seachtainí amach romhainn.

 

CRÍOCH

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

076-1006855 / 087-1734633

Press.office@drcd.gov.ie

 

Nóta d'eagarthóirí;

Tá CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus is cuid é de bheartas nua uaillmhianach cúig bliana na Roinne é do cheantair thuaithe na hÉireann, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann.

 

Clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR do cheantair thuaithe a bhfuil sé mar aidhm leis maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le tionscail bheaga bonneagair i gceantair atá buailte go dona mar gheall ar thitim i ndaonra thar thréimhse faoi leith. Tá limistéir CLÁR ainmnithe i gach contae sa tír seachas i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i Loch Garman. Is féidir teacht ar shonraí na gceantar ainmnithe anois.

 

Oibríonn maoiniú CLÁR i gcomhar le cláir mhaoinithe áitiúla agus ar bhonn tosaíochtaí arna sainaithint go háitiúil. Cuireadh tús le CLÁ‏R 2021 i mí Márta 2021 agus bhí iarratais á lorg faoi na ceithre Bheart seo a leanas:

Beart 1:     Tacaíocht do Scoileanna / Sábháilteacht Pobail

Beart 2:    Saoráidí Áineasa Pobail Lasmuigh

Beart 3:    Tacaíocht Folláine Pobail

(a) Gairdíní Pobail agus Cuibhrinn Phobail

(b) Soghluaisteacht agus Iompar Cúraim Ailse  

Beart Nuálaíochta CLÁR: Maoiniú le haghaidh tionscadail nuálacha nó píolótacha trína ndéantar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar leith a mbíonn roimh phobail i gceantair CLÁR.

 

Is féidir sonraí maidir leis na tionscadail ar éirigh leo faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 a fháil ar anseo.

 

Fógrófar sonraí an mhaoinithe faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 inniu.  Fógrófar na tionscadail ar éirigh leo faoi na Bearta CLÁ‏R eile sna seachtainí amach romhainn.

 

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann

  • Is é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Is ionann é agus cloch mhíle nua sa chur chuige i leith beartas forbartha tuaithe d'Éirinn, agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna do cheantair thuaithe agus an leas is fearr a bhaint astu.

 

  • Bainfear amach cuspóirí an bheartais trí níos mó ná 150 gealltanas a sheachadadh lena gcur i bhfeidhm ar fud réimse ranna agus gníomhaireachtaí rialtais.

 

  • Leis an maoiniú CLÁ‏R atá á fhógairt inniu, tá gealltanas faoi Bheart 81 de Chlár Oibre 2021 á bhaint amach: Infheistíocht a chur ar fáil do spásanna ilchuspóireacha sa phobal (e.g. ionaid phobail, leabharlanna agus cumainn spóirt) do réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear soláthar fóillíochta, pobail, cultúir agus seirbhísí. 

 

  • Is féidir teacht ar an mBeartas agus ar an gClár Oibre gaolmhar ag www.gov.ie/OurRuralFuture