Foilsithe ar 

• Ceadaítear Ioncam Bunúsach do na hEalaíona do 27 ealaíontóir inniu – in áit tairiscintí a diúltaíodh

Inniu d’fhógair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus  Meán, go mbronnfar 27 deontas d’ealaíontóirí tríd an scéim phíolótach nua um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Ní deontais bhreise iad seo, ach tá 2000 áit ar an iomlán ar fáil ar an Scéim agus dhiúltaigh 27 deontaí don tairiscint chun páirt a ghlacadh ann, ag cur 27 áit ionaid deontais ar fáil.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Inniu bhí áthas orm a chur in iúl do 27 ealaíontóir gur roghnaíodh iad le páirt a ghlacadh sa Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Cuireadh na háiteanna seo ar fáil in ionad 27 iarratasóir a dhiúltaigh dá dtairiscintí chun páirt a ghlacadh sa Scéim. Áiríodh os cionn 6,000 iarratasóir a bhí incháilithe don Bhun-Ioncam ach nár roghnaíodh cheana chun páirt a ghlacadh i roghnúchán randamach gan ainm chun na 27 áit a líonadh. Táim ag súil leis na chéad íocaíochtaí a eisiúint sna seachtainí atá romhainn.”

Rinneadh níos mó ná 9,000 iarratas faoin Scéim agus measadh go raibh breis agus 8,200 incháilithe agus áiríodh iad i bpróiseas roghnúcháin randamach gan ainm i mí Lúnasa. Bhí 2,000 áit ar fáil agus rinneadh tairiscintí don 2,000 ealaíontóir a roghnaíodh go luath i mí Mheán Fómhair. Mar a bheifí ag súil leis ní raibh gach iarratasóir in ann leas a bhaint as an Scéim agus dhiúltaigh 27 nó 1.4% don deontas ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear, gan cónaí orthu in Éirinn a thuilleadh, tar éis glacadh le hoideachas lánaimseartha agus gan iad a bheith ag obair sna healaíona a thuilleadh. Theastaigh ón Aire a chinntiú gur baineadh leas as an 2,000 áit ar fad, mar sin cuireadh gach iarratasóir incháilithe nár roghnaíodh chun páirt a ghlacadh roimhe seo san áireamh i roghnúchán randamach breise chun na 27 áit a líonadh. Táthar ag súil le híocaíochtaí na Scéime a dhéanamh go luath agus cuireadh é seo in iúl do na faighteoirí.

Tá eolas faoi na critéir incháilitheachta agus conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Phíolótach ar fáil ANSEO.

 

CRÍOCH  

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Príomhphointí na Scéime:

Ar an mórgóir, tá sé mar aidhm ag an Scéim:

  • tacaíocht phíolótach shainearnála do na healaíona a chur ar fáil, i bhfoirm bunioncaim, chun aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann leis an am a chaitear ar chleachtas cruthatiheach agus d’oibrithe ealaíon a chuireann go mór leis an bpróiseas cruthaitheachta;
  • A chur ar chumas ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach díriú ar obair ealaíonta agus chruthaitheach gan a bheith orthu dul i mbun fostaíochta in earnálacha eile chun iad féin a chothú;
  • Tacú le rannpháirtithe a gcleachtas a fhorbairt trí ioncam a sholáthar le linn tréimhsí ina bhfuil cleachtas agus portfóilió á bhforbairt;
  • Aitheantas a thabhairt do luach na n-ealaíon agus ról an chleachtais chruthaithigh i sochaí na hÉireann;
  • Cailliúint Scileanna agus Taithí a íoslaghdú san earnáil ealaíon.
  • Roghnaíodh 2,000 iarratasóir go randamach ó 8,000 iarratasóir incháilithe. Rinneadh conradh le EY mar fhíoraitheoir neamhspleách an phróisis roghnúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an Roghnúchán lena chinntiú go raibh sé randamach agus gan ainm.
  • Gheobhaidh siad íocaíocht – €325 in aghaidh na seachtaine – a íocfar ar bhonn míosúil.
  • Beidh ar rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gclár taighde ina mbeidh orthu sonraí a bhailiú agus a roinnt ar roinnt topaicí lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:
  • Am a chaitear ar ghníomhaíochtaí éagsúla lena n-áirítear cleachtas cruthaitheach, obair sna healaíona, obair in earnálacha eile, oiliúint, forbairt ghairmiúil, am fóillíochta srl.;
  • Ioncam a thuilltear ó na healaíona agus ó earnálacha eile lena n-áirítear ioncam teaghlaigh;
  • Sonraí déimeagrafacha e.g. aois, inscne, eitneachas, stádas míchumais, foirm ealaíne, suíomh geografach srl.;
  • Táscairí folláine
  • Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go mbeidh na sonraí a bhailítear i measúnú na Scéime gan ainm agus go ndéanfar iad a mheas ar leibhéal comhiomlán seachas ar leibhéal aonair.
  • Toisc gur scéim phíolótach taighde í seo ní dheimhnítear go leanfar leis an maoiniú tar éis na Scéime.
  • Déanfar meastóireacht ar an Scéim ar bhonn leanúnach chun tionchar na híocaíochta deontais a chinneadh.
  • Próiseas neamhiomaíoch a bheidh i gceist, agus mar sin má shásaíonn duine na critéir incháilithe cuirfear isteach i bpróiseas randamach roghnúcháin iad.
  • Iarradh ar 1,000 iarratasóir incháilithe nár tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ex post ar an gclár píolótach a éascú. Cabhróidh sé seo le tionchar na híocaíochta a mheas trí thorthaí na ndaoine a fuair an íocaíocht a chur i gcomparáid le grúpa piaraí nár íocadh an bunioncam leo thar an tréimhse chéanna. 
  • Cosúil leis an gcuid is mó d’ioncam eile, deontas inchánach a bheidh i gceist ach braithfidh an méid cánachais a íocfar ar chúinsí pearsanta an duine.
  • Tá faighteoirí an Ioncaim Bhunúsaigh i dteideal ioncam breise a thuilleamh, a bheadh ​​ináirithe freisin chun críocha cánach ioncaim. 
  • Tá incháilitheacht bunaithe ar an sainmhíniú ar na healaíona mar atá san Acht Ealaíon 2003; ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínitheach (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus áiríonn sé, go háirithe, na hamharcealaíona, an drámaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus áiríonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.
  • Sainmhínítear oibrí ealaíon cruthaitheach mar dhuine a bhfuil cleachtas cruthaitheach aige/aici a gcuireann a s(h)aothar cruthaitheach ar bhealach tábhachtach le léiriú nó le taispeáint na n-ealaíon.