Foilsithe ar 

Borradh ar fhógraíocht trí Ghaeilge, bunú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, aontú conartha taighde don Phlean Náisiúnta – féach céard eile a baineadh amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 anuraidh

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na fógraíochta trí Ghaeilge atá le feiceáil ar na meáin éagsúla le roinnt míonna anuas.  Is mar gheall ar fheidhmiú eocharfhorála de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 é seo. Agus an tAcht bliain ar an bhfód anois, ba mhaith leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus Aire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D., súil siar a chaitheamh ar an méid a baineadh amach faoin Acht le bliain anuas.

Shínigh Uachtarán na hÉireann an tAcht ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021, agus ó shin i leith tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag obair go tréan chun feidhm a thabhairt d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil conradh taighde bliana aontaithe le hOllscoil na Gaillimhe chun tabhairt faoi thaighde a bheidh mar bhunús d’ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge. Tá luach de €325,500 curtha leis an gconradh seo agus is píosa mór é a aontú sna holl-iarrachtaí a bheidh ar bun chun a chinntiú go mbainfear amach spriocanna uaillmhianacha an Achta – go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030 ina measc. Mar thaca don obair seo, tá gealltanas Rialtais maidir leis an bPlean a chur i bhfeidhm san áireamh in Athnuachan na Státseirbhíse 2030.

I measc na buaicphointí eile faoin Acht le bliain anuas, bhí:

  • Bunú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge ar an 20 Meitheamh 2022. Bhí an bunú seo ag teacht leis an spriocdháta a leagadh síos ina leith san Acht, go mbeadh sé déanta laistigh de 6 mhí ó achtú an Achta. Titeann an oll-fhreagracht ó thaobh ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge ar an gCoiste agus é le cur i gcrích acu roimh 19 Meitheamh 2024. Chuige sin, tá réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí atá roghnaithe le bheith ar an gCoiste, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ina measc. Tríd an bPlean agus a chuid oibre go ginearálta, beidh ról lárnach ag an gCoiste i gcur chuige comhordaithe a stiúradh chun a chinntiú go n-earcófar líon dóthanach pearsanra le Gaeilge chun seirbhísí a sholáthar.

 

  • Feidhm tugtha d’Fhoráil na Fógraíochta ar an 10 Deireadh Fómhair 2022. Faoin bhforáil seo (Alt 10A den Acht leasaithe), tá dualgas anois ar gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% dá bhuiséid fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge. Is foráil thar a bheith dearfach atá ann atá tar éis cur le feiceálacht na teanga trasna gach ardán meán atá in úsáid ag comhlachtaí poiblí cheana féin. Tugann an fhoráil seo teachtaireacht shoiléir agus shuntasach do phobal na Gaeilge, ní hamháin go bhfuil meas ag an Stát ar an teanga mar ghné lárnach dár gcuid oidhreachta cultúrtha, ach go bhfuil buntáiste eacnamaíoch suntasach ag baint léi dá lucht labhartha. Tá an Roinn den tuairim láidir go neartófar iarrachtaí an Stáit chun úsáid na teanga a chur chun cinn dá bharr, rud a thagann le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

 

  • Aontú tosach feidhme do leasú ar Acht na nGiúiréithe 1976 leis an tSeirbhís Cúirteanna. Ar fheidhmiú an fhoráil seo (Alt 16 den Acht (Leasú) 2021 a dhéanfaidh leasú ar Alt 12 d’Acht na nGiúiréithe), beidh na fógraí a eisítear chun duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir le heisiúint go dátheangach. Tá deis tugtha don tSeirbhís Cúirteanna tairseach giúiré nua a fhorbairt a bheidh in ann freastal ar fheidhmiúlacht Ghaeilge agus an pacáiste giúiré a aistriú agus súil ansin ordú um thosach feidhme na forála seo a shíniú ar nó roimh dheireadh mhí Aibreáin 2023.

 

  • Forbairtí déanta ar chúrsaí oiliúna Gaeilge agus cúrsa píolótach reáchtáilte le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ag déanamh teistiú ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil do Státseirbhísigh thar ceann OneLearning, Aonad Foghlama agus Forbartha na Státseirbhíse anois. Is mar thoradh ar chomhoibriú leanúnach idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fheidhmiú an Achta a tháinig an beart seo chun cinn. Agus Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha luaite go sonrach san Acht, ar a bhfuil an córas TEG bunaithe, beidh buntáistí faoi leith ag baint le cáilíochtaí TEG, ní hamháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith, agus daoine le scileanna teanga ar leith á lorg do réimse leathan róil éagsúla sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí i gcomhthéacs na sprice uaillmhianaí earcaíochta atá leagtha amach san Acht sna blianta amach romhainn. Tá an dá Roinn ag féachaint freisin ar bhealaí éagsúla chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge laistigh den chóras chomh maith le níos mó feasachta a chruthú ar an teanga i gcoitinne. Beart breise amháin atá le déanamh ná gnéithe feasachta teanga a chur le roinnt eile de chúrsaí OneLearning, ag díriú ar dtús ar chúrsaí seirbhíse do chustaiméirí agus do bhainisteoirí sóisearacha – réimsí ina bhféadfaí tionchar mór a imirt ar iompar teanga san ionad oibre. Táthar ag súil go mbeidh sé seo déanta go luath i mbliana mar aon le Líonra Gaeilge a bhunú chun tacú leo siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid agus/nó a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga.   

 

  • Tá gach deis tapaithe chunfeasacht a chruthú faoin Acht - go háirithe sa chomhthéacs gur togra uile-Rialtais atá ann agus go mbeidh dualgais ar an státchóras trí chéile maidir lena fhorfheidhmiú. Mar thaca dó seo chomh maith, rinne an Roinn, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, sraith seimineár faisnéise a eagrú ar líne ag deireadh mhí Iúil anuraidh ar mhaithe le comhairle a chur ar eagrais Stáit i dtaobh a gcuid dualgas nua faoin Acht. D’fhreastail os cionn 1,000 fostaithe den stát orthu seo. Lena chois sin, rinne an Roinn páirt a ghlacadh i seimineáir faisnéise eile a d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga dírithe ar chúrsaí a bhaineann leis an bhforáil faoin bhfógraíocht i lár mhí Mheán Fómhair. Tá i gceist ag an Roinn seimineáir faisnéise eile a reáchtáil do chomhlachtaí poiblí roimh dheireadh mhí Eanáir ar an ábhar – Aistriúchán Gaeilge, agus seoladh na cuiridh i leith seo amach roimh an Nollaig.

 

Mar chuid de na hiarrachtaí seo chomh maith, chun cúrsaí cumarsáide a éascú, iarradh ar chomhlachtaí poiblí seoladh ríomhphoist sainithe do nithe faoin Acht a shocrú suas – rud atá déanta ag roinnt de na heagraíochtaí anois.

 

Anuas air seo uilig, tá beartaithe feachtas feasachta mór a reáchtáil sa chéad leath den bhliain i mbliana ag díriú ar na deiseanna fostaíochta atá ann dóibh siúd le Gaeilge sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí. Tá i gceist go ndéanfar feachtas feasachta rialta, uair sa bhliain nó mar sin, a reáchtáil chun feasacht a chruthú ar ghnéithe ar leith den Acht de réir mar a thugtar feidhm agus a fhorbraítear iad.

Anuas air sin, tá acmhainní foirne breise faighte don Roinn mar aon le €1m de mhaoiniú reatha i mBuiséad 2023 ar mhaithe leis na hiarrachtaí sa spás seo a threisiú. Leis an maoiniú seo, tá  roinnt tionscnamh fhéideartha agus nuálacha á bhfiosrú faoi láthair, mar shampla:

  • Scéim Printíseachta a bhunú, i gcomhar leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta;
  • Scéim Intéirneachta a bhunú, ag féachaint go háirithe ar na riachtanais ar leith a bheidh ag teacht faoin Acht, i réimse na cumarsáide mar shampla;
  • Athbhreithniú agus leathnú amach a dhéanamh ar fheidhmeanna Thionscnamh Ardscileanna Gaeilge de chuid na Roinne chun go ndíreofaí níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn.

In 2023, is cinnte go mbeifear ag leanúint chomh maith le feidhm a thabhairt d’ailt agus d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil - an fhoráil a bhaineann leis na caighdeáin teanga san áireamh. Chuige sin, tá beartaithe tús feidhme a thabhairt do na hAilt go léir, seachas d’Alt 17 (mar nach féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh gach caighdeán teanga aontaithe), i mbliana ar na dátaí a leanas:

  • 15/03/2023- Na hAilt seo a leanas: 2a, 2c, 7, 9, 10, 11, 15, 18 agus 19
  • 30/04/2023- Na hAilt seo a leanas: 3 agus 16
  • 31/05/2023- Na hAilt seo a leanas: 12, 13 agus 14
  • 31/10/2023- Na hAilt seo a leanas: 4 agus 5

Agus an sceideal tosaithe seo curtha i bhfeidhm, beidh tús curtha le gach alt ábhrach den Acht roimh dheireadh 2023 - bliain iomlán roimh  an spriocdháta atá sonraithe san Acht.

Leis an obair uile a dhéanfar maidir le cur i bhfeidhm an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu.

 

CRÍOCH