Foilsithe ar 

Bronntar Deontais an Scéim Phíolótach Nuálach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus  Meán, Catherine Martin TD, inniu go mbronnfar 2,000 deontas ar ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach tríd an scéim phíolótach nua um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona.

 

Dúirt an tAire Martin:

“Lá stairiúil atá ann inniu do na healaíona in Éirinn agus is athrú suntasach é ar an mbealach a aithníonn agus a thacaíonn Éire lena healaíontóirí. Ní thagann tionscnamh cosúil leis an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ach uair amháin i ngach glúin. Tugtar teachtaireacht láidir sa Scéim faoin luach a chuireann Éire ar na healaíona agus ar an gcleachtas ealaíne, maidir lena luach bunúsach agus ó thaobh ár bhfolláine phearsanta agus chomhchoiteann, agus i dtaca lena tábhacht dár bhféiniúlacht agus dár n-éagsúlacht chultúrtha ar an stáitse domhanda.” 

Rinneadh níos mó ná 9,000 iarratas faoin Scéim agus measadh go raibh breis agus 8,200 incháilithe agus áiríodh iad i bpróiseas roghnúcháin randamach gan ainm. Áirítear ar ghrúpa ina bhfuil 2,000 rannpháirtí ionadaithe ó gach foirm ealaíne, aoisghrúpa, eitneachas agus contae. Áirítear leis seo 707 físealaíontóir, 584 ceoltóir, 204 ealaíontóir a oibríonn sa scannánaíocht, 184 scríbhneoir, 173 aisteoir agus ealaíontóir a oibríonn sa drámaíocht, 32 rinceoir agus córagrafaí, 13 ealaíontóir sorcais agus 10 n-ailtire. Oibríonn 3% nó 54 de na hiarratasóirí a roghnaíodh trí mheán na Gaeilge.

Ba phríomh-mholadh Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir é Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a chur ar bun https://www.gov.ie/en/press-release/4769e-arts-and-culture-recovery-taskforce-report-published/  Bhunaigh an tAire Martin an Tascfhórsa in 2020 chun scrúdú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí an earnáil a chur in oiriuint don dochar nach bhfacthas riamh cheana a d’eascair as paindéim COVID-19 agus conas téarnamh a dhéanamh. Is é príomhchuspóir na Scéime ná aghaidh a thabhairt ar an éagobhsaíocht neamhbhuana agus airgeadais atá ag go leor daoine a oibríonn sna healaíona, agus cabhrú leis an earnáil téarnamh i ndiaidh na paindéime. 

Tá incháilitheacht don Scéim bunaithe ar an sainmhíniú ar na healaíona mar atá san Acht Ealaíon 2003; ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínitheach (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus áiríonn sé, go háirithe, na hamharcealaíona, an drámaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus áiríonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.

Bhí trí chatagóir ann faoina bhféadfadh iarratasóirí iarratas a dhéanamh mar seo a leanas:

  1. Ealaíontóirí i mbun cleachtais;                                                               
  2. Oibrithe ealaíon cruthaitheach (sainmhínítear oibrí ealaíon cruthaitheach mar dhuine a bhfuil cleachtas cruthaitheach aige/aici a gcuireann a s(h)aothar cruthaitheach ar bhealach tábhachtach le léiriú nó le taispeáint na n-ealaíon), nó;
  3. Iarratasóirí ar cuireadh oiliúint orthu le déanaí .i. a bhain cáilíocht chuí amach le 5 bliana anuas.

D’aithin 84% díobh siúd a roghnaíodh iad féin mar ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh, d’aithin 9% díobh siúd a roghnaíodh iad féin mar oibrithe sna healaíona cruthaitheacha agus d’aithin 7% díobh siúd a roghnaíodh mar iarratasóirí ar cuireadh oiliúint orthu le déanaí.

Dúirt Cliare Duignan, Cathaoirleach Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir:

“Bhí COVID-19 thar a bheith dúshlánach d’ealaíontóirí agus d’oibrithe cruthaitheacha, ag nochtadh leochaileachtaí atá ann le blianta fada in earnáil ealaíon na hÉireann. D’aontaigh baill an Tascfhórsa d’aon toil gur cheart dúinn tús áite a thabhairt do bhunú scéim phíolótach bunioncaim in earnáil na n-ealaíon, an chultúir, an taibhithe closamhairc agus an earnáil bheo agus imeachtaí.

Tá lúcháir orm go bhfuil an chéad ghrúpa iarratasóirí a bhfaighidh na deontais á bhfógairt inniu. Tá céim mhór chun cinn á tógáil inniu, ní hamháin acu siúd atá ag fáil deontas, ach ag an Stát freisin. Inniu, tá muintir na hÉireann ag aithint go foirmiúil an éagobhsaíocht airgeadais a bhíonn ag go leor daoine a oibríonn sna healaíona agus tá an Stát ag léiriú measa ar an am a chaitear ag forbairt cleachtas cruthaitheach agus ag táirgeadh ealaíne. 

D'fhéadfadh an clár píolótach seo athruithe móra a dhéanamh ó thaobh shaolta na rannpháirtithe agus inbhuanaitheacht na hearnála de, agus ba cheart go laghdódh sé an leibhéal leanúnach neamhchinnteachta a bhraitheann go leor daoine in earnáil na n-ealaíon. Tá súil agam freisin go mbeidh ardmheas ag na faighteoirí a fógraíodh inniu ar a gcuid oibre féin mar gheall ar an Scéim agus go n-éascaíonn sé dul i bhfiontar agus triail a bhaint as rudaí nua ina gcleachtas. Ba cheart go gcabhródh sé leo caighdeán a n-aschur ealaíne a fhorbairt agus a fhás, rud a ligeann dóibh cur le sochaí níos leithne na hÉireann go sóisialta agus go heacnamaíoch.”

Dúirt an tAire Catherine Martin, chomh maith:

“Léiríodh dúinn arís le linn na paindéime go mbraitheann gach duine ar na healaíona agus go mbaineann siad leas astu le linn tréimhsí an ghátair agus meabhraíodh do gach duine fíorluach na n-ealaíontóirí agus a gcuid oibre le dhá bhliain anuas agus muid ag éisteacht le ceol, ag léamh filíochta agus ag féachaint ar scannáin chun teacht slán tríd na laethanta dúshlánacha sin. Agus is iad na healaíona a chuideoidh linn ciall a bhaint as an méid a tharla agus a chuideoidh linn an todhchaí a mhúnlú. Agus an oiread sin éiginnteachta ar fud an domhain anois lena n-áirítear an cogadh san Úcráin, géarchéim na haeráide, agus méaduithe ollmhóra ar chostais mhaireachtála, tá na healaíona ag teastáil uainn níos mó ná riamh chun muid a spreagadh le todhchaí níos fearr a shamhlú agus a chruthú dúinn féin”. 

Glacfaidh rannpháirtithe sa Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona páirt i gclár taighde trí bliana chun tionchar íocaíocht bhunioncaim ar earnáil na n-ealaíon a mheas.  Íocfar €325 in aghaidh na seachtaine le 2,000 ealaíontóir agus oibrí ealaíon cruthaitheach le linn na Scéime. Beidh ar rannpháirtithe dul i mbun clár bailithe sonraí leanúnach chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag íocaíocht bhunioncaim ar ealaíontóirí agus ar a gcleachtas cruthaitheach. Chun cabhru leis sin, iarradh ar 1,000 iarratasóirí incháilithe nár roghnaíodh chun an íocaíocht a fháil páirt a ghlacadh i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ar an Scéim Phíolótach a éascú. 

 

Dúirt an tAire Catherine Martin, chomh maith:

“D’fhéadfadh an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona, tionscnamh a thacaíonn an Rialtas iomlán leis, athrú bunúsach a dhéanamh ar an gcaoi a dtugaimid tacaíocht do na healaíona agus don chruthaitheacht. D’fhéadfadh Éire a bheith chun tosaigh ar mhúnla nua chun tacú le daoine atá gníomhach san earnáil, ag aithint tábhacht an mhúnla do gach duine. Tá a fhios agam go mbeidh díomá ar go leor iarratasóirí nár roghnaíodh inniu agus tuigim é sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chaith an t-am ar iarratas a dhéanamh agus comhghairdeas a dhéanamh leo siúd a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh. Táim ag tnúth le torthaí an taighde a fheiceáil a bheidh mar bhonn agus mar thaca ag beartas an Rialtais do na healaíona amach anseo.”

Tá eolas faoi chritéir incháilitheachta agus treoirlínte an Scéim Phíolótach ar fáil ANSEOhttps://www.gov.ie/en/campaigns/09cf6-basic-income-for-the-arts-pilot-scheme/

CRÍOCH 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nóta d’Eagarthóirí

Contae

Líon na bhfaighteoirí deontais

Ceatharlach

16

An Cabhán

21

An Clár

54

Corcaigh

212

Dún na nGall

56

Baile Átha Cliath

764

Gaillimh

148

Ciarraí

54

Cill Dara

84

Cill Chainnigh

30

Laois

25

Liatroim

22

Luimneach

58

An Longfort

9

An Lú

30

Maigh Eo

47

An Mhí

60

Muineachán

13

Uíbh Fhailí

16

Ros Comáin

16

Sligeach

29

Tiobraid Árann

33

Port Láirge

33

An Iarmhí

23

Loch Garman

56

Cill Mhantáin

89

Níor luadh contae

2

Iomlán

2,000

 

 

 

 

 

Foirm Ealaíne

Líon na bhfaighteoirí deontais

Ailtireacht

10

Sorcas

13

Rince

32

Scannánaíocht

204

Litríocht

184

Ildhisciplíneach

52

Ceol

584

Ceoldrámaíocht

8

Eile

33

Amharclannaíocht

173

Amharc-ealaíona

707

Iomlán

2,000

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Príomhphointí na Scéime:

Ar an mórgóir, tá sé mar aidhm ag an Scéim:

  • tacaíocht phíolótach shainearnála do na healaíona a chur ar fáil, i bhfoirm bhunioncaim, chun aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann leis an am a chaitear ar chleachtas cruthaitheach agus d’oibrithe ealaíon a chuireann go mór leis an bpróiseas cruthaitheachta;
  • A chur ar chumas ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach díriú ar obair ealaíonta agus chruthaitheach gan a bheith orthu dul i mbun fostaíochta in earnálacha eile chun iad féin a chothú;
  • Tacú le rannpháirtithe a gcleachtas a fhorbairt trí ioncam a sholáthar le linn tréimhsí ina bhfuil cleachtas agus portfóilió á bhforbairt;
  • Aitheantas a thabhairt do luach na n-ealaíon agus ról an chleachtais chruthaithigh i sochaí na hÉireann;
  • Cailliúint Scileanna agus Taithí a íoslaghdú san earnáil ealaíon.
  • Roghnaíodh 2,000 iarratasóir go randamach ó 8,206 iarratasóir incháilithe. Rinneadh conradh le EY mar fhíoraitheoir neamhspleách an phróisis roghnúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an roghnúchán lena chinntiú go raibh sé randamach agus gan ainm.
  • Gheobhaidh siad íocaíocht – €325 in aghaidh na seachtaine – a íocfar ar bhonn míosúil.
  • Beidh ar rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gclár taighde ina mbeidh orthu sonraí a bhailiú agus a roinnt ar roinnt topaicí lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:
  • Am a chaitear ar ghníomhaíochtaí éagsúla lena n-áirítear cleachtas cruthaitheach, obair sna healaíona, obair in earnálacha eile, oiliúint, forbairt ghairmiúil, am fóillíochta srl.;
  • Ioncam a thuilltear ó na healaíona agus ó earnálacha eile lena n-áirítear ioncam teaghlaigh;
  • Sonraí déimeagrafacha e.g. aois, inscne, eitneachas, stádas míchumais, foirm ealaíne, suíomh geografach srl.;
  • Táscairí folláine
  • Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go mbeidh na sonraí a bhailítear i measúnú na scéime gan ainm agus go ndéanfar iad a mheas ar leibhéal comhiomlán seachas ar leibhéal aonair.
  • Toisc gur scéim phíolótach taighde í seo ní dheimhnítear go leanfar leis an maoiniú tar éis na scéime.
  • Déanfar meastóireacht ar an Scéim ar bhonn leanúnach chun tionchar na híocaíochta deontais a chinneadh.
  • Próiseas neamhiomaíoch a bheidh i gceist, agus mar sin má shásaíonn duine na critéir incháilithe cuirfear isteach i bpróiseas randamach roghnúcháin iad.
  • Iarradh ar 1,000 iarratasóir incháilithe nár tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ex post ar an gclár píolótach a éascú. Cabhróidh sé seo le tionchar na híocaíochta a mheas trí thorthaí na ndaoine a fuair an íocaíocht a chur i gcomparáid le grúpa piaraí nár íocadh an bunioncam leo thar an tréimhse chéanna. 
  • Cosúil leis an gcuid is mó d’ioncam eile, deontas inchánach a bheidh i gceist ach braithfidh an méid cánachais a íocfar ar chúinsí pearsanta an duine.
  • Tá faighteoirí an Ioncaim Bhunúsaigh i dteideal ioncam breise a thuilleamh, a bheadh ​​ináirithe freisin chun críocha cánach ioncaim. 
  • Tá incháilitheacht bunaithe ar an sainmhíniú ar na healaíona mar atá san Acht Ealaíon 2003; ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínitheach (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus áiríonn sé, go háirithe, na hamharcealaíona, an drámaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus áiríonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.
  • Sainmhínítear oibrí ealaíon cruthaitheach mar dhuine a bhfuil cleachtas cruthaitheach aige/aici a gcuireann a s(h)aothar cruthaitheach ar bhealach tábhachtach le léiriú nó le taispeáint na n-ealaíon.