Foilsithe ar 

Bunaítear Rialtóir Meán Nua, Coimisiún na Meán, Inniu

Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, roimh bhunú foirmiúil Choimisiún na Meán, údarás nua de chuid na hÉireann atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh agus as an gcreat rialála nua a thabhairt isteach le haghaidh sábháilteachta ar líne.

D’fháiltigh an tAire freisin roimh ghealltanas an Choimisiúin a chéad chlár oibre a ullmhú agus a roinnt.

Beidh Coimisiún na Meán faoi stiúir ceathrar Coimisinéirí, a cheapfaidh an tAire Martin:

  • Jeremy Godfrey mar Chathaoirleach Feidhmiúcháin;
  • Niamh Hodnett mar Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne;
  • Rónán Ó Domhnaill mar Choimisinéir Forbartha na Meán; agus,
  • Celene Craig ina Coimisinéir Craolacháin.

 

Dúirt an tAire Martin:

“Fáiltím roimh bhunú foirmiúil Choimisiún na Meán inniu. Bhuail mé leis an gCathaoirleach Feidhmiúcháin nua agus leis na Coimisinéirí agus tá a fhios agam go gcruthóidh siad foireann thiomanta agus láidir.

Táim ag tnúth lena bheith ag obair leo agus muid ag leagan amach bealach nua do rialáil agus d’fhorbairt earnáil na meán in Éirinn.”

 

CRÍOCH

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 01 6437610 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nótaí d’Eagarthóirí

An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, 2022

Achtaíodh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 ar an 10 Nollaig 2022. Leasaítear san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 an tAcht Craolacháin 2009 chun Coimisiún na Meán a bhunú, Údarás Craolacháin na hÉireann a dhíscaoileadh, creat rialála a bhunú le haghaidh sábháilteachta ar líne, rialáil na seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh a nuashonrú, agus an Treoir athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí isteach i ndlí na hÉireann.

 

Ceapadh Coimisinéirí

Tar éis comórtais earcaíochta oscailte a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, d’fhógair an tAire ar an 17 Eanáir 2023 go raibh sé ar intinn aici comhaltaí Choimisiún na Meán a cheapadh.

Chuaigh an Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus na Coimisinéirí i mbun a gcuid dualgas ar bhonn riaracháin ar an 13 Feabhra 2023. Le héifeacht ón lá inniu, an 15 Márta 2023, rachaidh an Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus na Coimisinéirí i mbun a gcuid dualgas ar bhonn reachtúil.

 

Síniú Orduithe Aireachta

Ar an 22 Feabhra 2023, shínigh an tAire Martin na hOrduithe Aireachta riachtanacha chun Coimisiún na Meán a bhunú agus chun tús a chur le hailt ábhartha den Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán 2022, lena n-áirítear iad sin ina ndéantar foráil maidir le:

  • cumhachtaí, dualgais, feidhmeanna agus feidhmiú Choimisiún na Meán;
  • creat rialála nuashonraithe do sheirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh;
  • creat rialála nua do shábháilteacht ar líne; agus,
  • cumhachtaí imscrúdaithe agus smachtbhanna a chuirtear de dhualgas ar Choimisiún na Meán.

Is iad na hOrduithe ábhartha:

  • Ordú an Achta um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne (Tosach Feidhme) 2023;
  • Ordú an Achta Craolacháin 2009 (Lá Bunaithe), 2023.

 

Fógra Choimisiún na Meán

Tá an fógra ar shuíomh idirlín Choimisiún na Meán le fáil anseo.