Foilsithe ar 

Ceaptar Ceathrar Comhaltaí Nua ar Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin ceapadh ceathrar comhaltaí nua ar bhord Ard-Mhusaem na hEireann.

 

  • Marianne Doyle
  • An Dr Ciaran Byrne
  • Iseult Byrne
  • Beatrice Kelly

 

Cuirfidh an ceathrar comhaltaí tréimhse cúig bliana isteach. 

 

Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:

“Déanaim comhghairdeas leis an gceathrar a ceapadh agus guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí. Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil iarrthóirí den scoth á gceapadh agus táim an-bhuíoch díobh as glacadh leis na róil ríthábhachtacha seo agus as a gcuid scileanna agus saineolais a thabhairt d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.”

 

Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.

 

CRÍOCH 

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

 

Marianne Doyle ina Bainisteoir Sinsearach um Chlaochlú Straitéiseach leis an nGarda Síochána. Is éard atá i gceist leis an obair seo ná tionscadail agus cumarsáid náisiúnta athraithe a threorú, agus plé a dhéanamh le daoine ar fud na heagraíochta faoi phríomhthionscnaimh straitéiseacha. Agus cúlra aici sa Mhargaíocht, sa Chumarsáid agus san Oideachas, d’oibrigh sí i margaíocht idirnáisiúnta ar feadh breis agus deich mbliana, go príomha san earnáil ardoideachais i Meiriceá Thuaidh, sa tSín, sa Rúis, agus san AE.

 

Tá an Dr Ciaran Byrne ina Stiúrthóir ar Aisfheistiú Náisiúnta laistigh d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann áit a bhfuil sé i gceannas ar an gClár Náisiúnta um Aisfheistiú Intíre atá ina phríomhchuid de Phlean an Rialtais chun laghdú 51% a bhaint amach in astuithe CO2 faoi 2030.

 

Iseult Byrne ina Príomhfheidhmeannach ar Chuideachta Cultúir Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath (CLg) a cruthaíodh i mí an Mhárta 2018 chun tionscnaimh chultúrtha a chruthú agus a sheachadadh. Tá taithí níos faide ná 30 bliain aici i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm thionscadail chultúrtha. Tá sí i gceannas agus spreag sí foirne cultúrtha, oidhreachta agus trasearnála éagsúla chun tionscadail uaillmhianacha cultúrtha a sheachadadh, láithreáin oidhreachta a reáchtáil agus timpeallacht a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht agus iniúchadh cultúrtha.

 

Beatrice Kelly ina Ceann Polasaí agus Taighde ar an gComhairle Oidhreachta ó 2008 i leith. Tá taithí 30 bliain aici ar oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha, ar an earnáil phoiblí agus ar an bhorbairt phobail in Éirinn agus san Eoraip. Áirítear lena taithí idirnáisiúnta a bheith ina hIonadaí Éireannach ar Ghrúpa Oibre Saineolaithe ar Oidhreacht Chultúrtha an Choimisiúin Eorpaigh (2019 - an t-am i láthair); Comhordaitheoir Náisiúnta na hÉireann, Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúir 2018; Rapóirtéir don phainéal saineolaithe don Lipéad Oidhreachta Eorpach (2013-2020); sainmheastóir do Horizon Europe 2021.