Foilsithe ar 

Ciste €3.46m fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers don chóras pleanála teanga

Ciste pleanála teanga ar fiú €3.4m ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus d’Foras na Gaeilge

  • Plean Teanga na Rosann seolta agus An Clochán Liath aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta
  • €64k ceadaithe do 8 dtogra caipitil faoi leith i nGaeltacht Dhún na nGall mar thaca breise don phróiseas

 

D’fhógair Catherine Martin T.D. Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, inniu go bhfuil ciste pleanála teanga ar fiú €3.4m in iomlán á cheadú acu d’Údarás na Gaeltachta agus d’Foras na Gaeilge le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha. Bainfear leas as an gciste seo chun cistíocht bhliantúil a chur ar fáil do Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta, do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus do Líonraí Gaeilge atá i mbun oibre ag ullmhú nó ag feidhmiú pleananna teanga faoin bpróiseas.

 

Mar thaca breise don phróiseas mar a bhaineann sé le Gaeltacht Thír Chonaill go sonrach, d’fhógair an tAire Stáit Chambers go bhfuil ciste caipitil ar fiú €64,000 in iomlán ceadaithe i leith 8 dtogra faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.  D’fhógair sé an méid seo agus é ar chuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall – áit ar thug sé cuairt ar an gClochán Liath agus ar fhógair sé go raibh an baile aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus áit ar sheol sé plean teanga do cheantar na Rosann.

 

Dúirt an tAire Martin: “Is údar sásaimh é go bhfuil ciste suntasach á cheadú arís i mbliana d’ Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun feidhmiú an phróisis pleanála teanga a bhrú chun cinn sa bhliain reatha. Ó Cuireadh tús le cur chun feidhme an próiseas seacht mbliana ó shin, tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh go céimiúil i dtreo gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a bheith i mbun fheidhmiú pleananna teanga ón mbonn aníos le cúnamh leanúnach na Roinne, an Údaráis agus Foras na Gaeilge de réir mar a bhaineann. Le haitheantas bronnta ar an gClochán Liath mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, leagtar cloch eile ar leas na Gaeilge sa bhaile agus sa cheantar máguaird.

 

Le cúnamh leanúnach mo Roinne, tá treisiú á dhéanamh i rith an ama ar na deiseanna atá á dtabhairt do phobail na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge múnlú a dhéanamh ar a bhfuil uathu féin mar a bhaineann sé leis an nGaeilge laistigh dá bpobail féin.”

 

Agus é ar chuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers: “Ag croílár an phróisis pleanála teanga sa bhrí is leithne de, tá an bunphrionsabal a bhaineann leis an mbonn aníos agus ón mbarr anuas. De thoradh thiomantas leanúnach an Rialtais agus thiomantais leanúnach phobal na Gaeltachta mar a bhaineann sé le feidhmiú an phróisis, tá an Roinn, forais ábhartha eile stáit agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta in ann a bheith ag obair níos mó ná riamh as lámha a chéile ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is iontach an rud é sin. Comhthreomhar leis an obair bhisiúil atá ar bun ag leibhéal an phobail faoin bpróiseas, tá obair idir lámha chomh maith chun cur le rudaí ón mbarr anuas. Luafainn sa chomhthéacs sin an obair atá idir lámha faoi láthair agam ar mhaithe le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a thabhairt trí Thithe an Oireachtais.

 

Ba mhaith liom tréaslú le ceanneagraíochtaí Limistéar Pleanála Teanga Na Rosann agus Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith – Choiste Pleanála Teanga na Rosann agus Forbairt na Rosann CTR - as ucht an méid atá déanta go dtí seo. Is cinnte go mbeidh na pleananna teanga seo mar thacaíocht dá chéile agus iad á gcur i bhfeidhm. Tréaslaím freisin le hÚdarás na Gaeltachta atá ag tacú le feidhmiú na bpleananna teanga seo le maoiniú na Roinne agus le gach duine atá ag glacadh páirte sa phróiseas pleanála teanga sa cheantar. Léiríonn an t-allúntas suntasach pleanála teanga atá fógartha go bhfuil an Rialtas tiomanta don phróiseas pleanála teanga agus go gcuirfear tacaíocht leanúnach ar fáil d’fheidhmiú na bpleananna seo agus don phróiseas trí chéile. Cinnteoidh an chistíocht seo  agus an ciste caipitil atá á fhógairt go leanfar leis an obair mhaith atá ar bun ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta anseo i dTír Chonaill”.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán Chun díchlárú ó na ríomhphoist seo, brúigh ANSEO.

 

 

Nóta Don Eagarthóir:

 

 

Ciste Pleanála Teanga €3.4m

 

Is €3,404,500 san iomlán atá ceadaithe mar allúntas pleanála teanga 2021.

 

Tá maoiniú de €2,751,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus €653,500 d’Fhoras na Gaeilge chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn mar a bhaineann sé leo faoi seach.  Is ardú iad seo ar na suimeanna de €2,327,000 d’Údarás na Gaeltachta agus €356,000 d’Fhoras na Gaeilge a ceadaíodh anuraidh.

 

Bainfear leas as an maoiniú chun cur le cumas na heagraíochtaí an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn, idir maoiniú a chur ar fáil d’ullmhú agus feidhmiú pleananna agus do ghníomhaíochtaí tacaíochta Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge don phróiseas pleanála teanga.

 

Tá an t-allúntas seo mar thacaíocht i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i mbearta 2.1, 2.2, 2.3 agus 2.12 i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge a seoladh i Meitheamh 2018. Tá fáil ar an bPlean agus eolas eile ina leith ar shuíomh idirlíon na Roinne, a bhfuil nasc chuige thíos.

 

 

Staid Reatha an phróisis

 

Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta, tá 22 plean ceadaithe cheana féin – a bhfuil seacht díobh sin i gContae Dhún na nGall. Tá 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta, Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis agus Cathair na Gaillimhe. Is é An Clochán Liath an cheathrú Bhaile Seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe.

   

Tá trí phlean eile á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair  - plean teanga Oileáin Árainn, plean teanga Cléire, plean do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Thrá Lí.   

 

Tá 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.

 

Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.

 

Is é Údarás na Gaeltachta a bheidh freagrach as cabhrú le Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith sa chás seo chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na mbailte eile atá sa Ghaeltacht - ie An Daingean, Béal an Mhuirthead. Is é Forás na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le Bailte Seirbhíse Gaeltachta nuair nach bhfuil siad sa Ghaeltacht.

 

Cuirfear buiséad bliantúil suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil thar thréimhse 7 mbliana nuair atá pleananna ceadaithe faoin bpróiseas seachas Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí; cuirfear buiséad bliantúil suas le €100,000 ar fáil sa dá chás sin.

 

Tugtar léargas cuimsitheach ar a bhfuil ar bun agus beartaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i bPlean Gníomhaíochta 2018 - 2022 an Rialtais don Ghaeilge - a bhfuil fáil air ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/

 

Ciste Caipitil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga – €64k

 

Mar thaca don phróiseas tá ciste caipitil ar fiú €64,000 á cheadú faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne a thacaíonn le heagraíochtaí éagsúla Gaeltachta oibreacha athchóirithe agus eile a chur i gcrích chomh maith le trealamh a cheannach.  Leagtar amach sa tábla thíos comhdhéanamh an chiste atá á cheadú:

 

Eagraíocht

LPT

Ceadaithe

Coiste Forbartha Dún Lúiche – trealamh don halla pobail

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir 

€4,881

CLG Ghaoth Dobhair – trealamh don ghiomnáisiam agus an halla

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir 

€9,010

Coiste Tuismitheoirí Scoil Chonaill - trealamh spraoi agus spóirt

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir 

€6,520

Ionad Pobail Theilinn – córas fuaime

Dhún na nGall Theas

€1,782

Coiste Tuismitheoirí SN Glasáin - trealamh spraoi agus spóirt

Tuaisceart Dhún na nGall

€1,093

Gaoth Dobhair Aontaithe - Cuaillí neamhbhuan le cur le haiseanna an chlub

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir 

€1,520

Ruagairí an Chéidigh - sconsa timpeall na páirce agus eangach coimeád liathróide.

Na Rosa

€33,698

Coiste Tuismitheoirí Pobalscoil Ghaoth Dobhair - greanadóir

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir 

€5,500

Iomlán

 

€64,004