Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Foley fáilte roimh iarratais ó scoileanna ar mhaoiniú le hobair i gcomhar le chéile ar Thionscadail Chruthaiteacha

Inniu, chuir an tAire Oideachais, Norma Foley T.D., fáilte roimh bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar Bhraislí Cruthaitheacha, tionscnamh atá ar bun mar chuid d’Éire Ildánach agus faoin gCiste Barr Feabhais Scoileanna. Is é buiséad na Roinne Oideachais do Bhraislí Cruthaitheacha in 2021 €595,000.

Faoin scéim seo chun tacú le scoileanna acmhainn a fhorbairt i gcúrsaí cruthaitheachta, beidh gach scoil in ann rochtain a dhéanamh ar shainéascaitheoir, ealaíontóir nó saineolaí cruthaitheach i gcibé réimse spéise nó téama atá roghnaithe acu a bheadh i gceist. Cuideoidh na hacmhainní seo leis na scoileanna clár foghlama agus gníomhaíochtaí a fhorbairt a bheidh saindeartha le haghaidh a scoláirí. Mar chuid de leithdháileadh an mhaoinithe seo, d’fhéadfadh braisle suas le €15,000 de mhaoiniú a fháil chun cuidiú leo a bpleananna agus smaointe a chur i gcrích in 2021-2023.

Dúirt an tAire Foley: “Is deis iontach í seo do scoileanna comhoibriú le chéile ar thionscadal dá gcuid rogha féin. Tugtar saoirse iomlán do na scoileanna a dtionscadal féin a dhearadh agus a fhorbairt, le tacaíocht ó éascaitheoir áitiúil ina nIonad Oideachais áitiúil.”

“Tá súil agam go gcuideoidh an tionscnamh iontach seo le scoileanna cur lena gcruthaiteacht ina seomraí ranga. Tá sé tábhachtach go mbeidh ár leanaí in ann iad féin a chur in iúl agus in ann foghlaim conas dul i dtaithí ar rudaí agus comhoibriú le chéile. Tugann Braislí Cruthaitheacha an deis do scoláirí de gach aois na scileanna riachtanacha seo a fhorbairt, agus taitneamh a bhaint as léiriú ealaíonta agus cruthaitheach agus fiosrú a dhéanamh orthu.”

Go dtí seo, le tionscnamh na mBraislí Cruthaitheacha chonacthas scoileanna timpeall na tíre ag comhoibriú le chéile le tionsdadail chruthaitheacha a fhorbairt agus le comhoibriú a dhéanamh ar smaointe nua bunaithe ar a gcuid taithí áitiúil agus ar a ndearcadh uathúil féin:

I gCiarraí, tá Bunscoil Thrócaire na Croise Naofa, Scoil Náisiúnta Chill Ghobhnait, Scoil Náisiúnta Scoil Bhríde Loreto agus Meánscoil Bhríde ag díriú ar an gcomhoibriú agus uileghabhálacht sa cheol i gcomhpháirtíocht le hIonad Oideachais Thrá Lí. Tá an tionscadal seo bunaithe ar an gcumarsáid agus ar an gcomhoibriú agus is é atá i gceist ná cumadh, léiriú agus díriú ar an gceol agus ar uirlisí beo ar nós an ucailéile. Beidh scoláirí ag foghlaim faoin bpróiseas maidir le ceol a thaifeadadh trí bheith ag obair le saineolaithe stiúideo trí Zoom le traiceanna a chothromú, a mheascadh agus a leibhéalú chun dlúthdhioscaí (CDanna) a léiriú. Déanfaidh gach scoil sa bhraisle CD a léirú.

I mBaile Átha Cliath, tháinig Scoil Náisiúnta Naomh Mearnóg, Port Mearnóg, Scoil Shinsearach St Helen’s, Mullach Íde agus Scoil Náisiúnta Oideachas le Chéile de chuid Phort Mearnóg, le chéile mar bhraisle chruthaitheach chun comhoibriú le chéile ar bheochan, scéalta digiteacha agus códú trí chomhoibriú cruthaitheach a dhéanamh i gcomhar le hIonad Oideachais Dhroim Conrach. Tríd an saineolas a roinnt i measc na scoileanna rannpháirteacha éagsúla, trí mheantóireacht a dhéanamh i measc na scoileanna sna réimsí saineolais, rinneadh deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí a mhalartú agus a phlé.

Go dtí seo, thug na scoileanna uile faoi phróiseas d’fhéin-iniúchadh agus bhain siad amach Duais na Scoileanna Digiteacha le Gradam a chuir Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar ar fáil. Is é fócas agus dúshlán na braisle seo ná an chruthaitheacht a chumasú agus a spreagadh trí litearthachtaí digiteacha. Le linn phrótacail COVID-19, lean an t-aistear digiteach ar aghaidh ag obair ar na réimsí cruthaitheacha den chódú, teicneolaíochtaí sa bheochan agus ag insint scéalta ag baint úsáid as scáileán glas.

Cuireadh le chéile braisle chruthaitheach ina raibh meascán de dhá bhunscoil agus dhá iar-bhunscoil i gContae Cheatharlach le Gaelcholáiste Cheatharlach agus Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc agus i gContae Chill Chainnigh le Coláiste Pobail Osraí agus Gaelscoil Osraí, a d’oibrigh i gcomhar le chéile, chun iniúchadh a dhéanamh ar na hEalaíona, oidhreacht agus ar chúltúr na hÉireann. D’oibrigh a scoláirí le file Gaeilge agus an stiúideo beochana cáiliúil atá lonnaithe i gCill Chainnigh, Cartoon Saloon, chun comhbhailiúchán saothair a fhorbairt, trí mheán na Gaeilge, ina bhfuil léaráidí le cur ar taispeáint sa phobal. Le chéile, is é an aidhm atá ag na ceithre scoil úsáid na Gaeilge a chur chun cinn; an grá atá ag na ceithre phobal scoile don Ghaeilge a léiriú, agus chun tacú lena cur chun cinn trí mheán na nEalaíon.

Is é an aidhm atá ag an gCiste Barr Feabhais Scoileanna de chuid na Roinne Oideachais spreagadh agus aitheantas a thabhairt don bharr feabhais agus don nuálaíocht inár scoileanna. Mar thoradh ar an tionscnamh seo beifear in ann soláthar a dhéanamh do chrann taca Óige Ildánach de chuid Éire Ildánach, ina leagtar síos gealltanas go mbeidh rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn ar theagasc, taithí agus rannpháirteachas sa cheol, sa drámaíocht, sna healaíona agus sa chódú.

Beidh tuilleadh eolais ar fáil ó shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Curaclaim-agus-Siollabas/oige-chruthaitheach.html

Beidh an próiseas iarratais oscailte ar an 15 Aibreán 2021 go dtí an 14 Bealtaine 2021.

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Braislí Cruthaitheacha – Ciste Barr Feabhais Scoileanna

Tionscnamh píolótach de chuid na Roinne Oideachais is ea Braislí Cruthaitheacha, faoi stiúir Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann (ESCI) agus i gcomhpháirtíocht leo. Cuireann Braislí Cruthaitheacha an deis do scoileanna rochtain a dhéanamh ar dhaoine, scileanna agus acmhainní cruthaitheacha a thabharfaidh tacaíocht dóibh leas a bhaint as a scileanna agus taithí féin agus astu siúd atá laistigh dá bpobail i gcoitinne. Is tionsncamh é Braislí Cruthaitheacha faoi Óige Ildánach – Plean le Cumas Cruthaitheach Gach Linbh agus Gach Duine Óig a Chumasú (A Plan to Enable the Creative Potential of Every Child and Young Person), a foilsíodh i mí na Nollag 2017 mar chuid de Chlár Éire Chruthaitheach.

Clár Éire Ildánach

Is tionscnamh cúig bliana de chuid an rialtais uile, bunaithe ar chultúr, é Clár Éire Ildánach a leagann béim ar an tábhacht a bhaineann le cruthaitheacht dhaonna d’fholláine an duine, an phobail agus an náisiúin. Tá sé faoi stiúir ag an Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is é bunús an chláir ná go gcreidtear go bhfuil acmhainn na cruthaitheachta i ngach duine, agus má dhéantar é seo a fhorbairt cuireann sé lena bhfolláine phearsanta chomh maith le folláine ár bpobal i gcoitinne. 

Tá cúig chrann taca sa Chlár:

  1. Ár nDaoine Óga
  2. Ár bPobail
  3. Ár nInfreastruchtúr Cultúrtha agus Cruthaitheach
  4. Ár dTionscail Chruthaitheacha
  5. Ár gClú ar Fud an Domhain

Óige Ildánach – an plean le haghaidh Chrann Taca 1

I mí na Nollag 2017, lainseáladh Óige Ildánach - Plean le Cumas Cruthaitheach Gach Linbh agus Gach Duine Óig a Chumasú (Creative Youth - A Plan to Enable the Creative Potential of Every Child and Young Person). Is é an aidhm iomlán ná gealltanas an Rialtais a chur i gcrích go mbeidh rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn ar theagasc, taithí agus rannpháirteachas sa cheol, sa drámaíocht, sna healaíona agus sa chódú. I plean Óige Ildánach, leagtar síos réimse tionscnamh a bheidh mar thionscnaimh phíolótacha agus a chuirfear i bhfeidhm sna blianta amach romhainn, lena n-áirítear Comhpháirtíochtaí Óige Ildánach Áitiúla. Is iad na príomh-chomhpháirtithe atá i mbun Óige Ildánach a chur i gcrích an Roinn Oideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Roinn Comhionannais, Leanaí, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Chomhairle Ealaíon.

Ciste Barr Feabhais Scoileanna (CBFS)

Is tionscnamh é Ciste Barr Feabhais Scoileanna i gClár don Rialtas chun an barr feabhais agus an nuálaíocht a spreagadh agus a aithint inár scoileanna. Tá an Ciste Barr Feabhais Scoileanna ag feidhmiú i réimsí éagsúla, mar seo a leanas:

CBFS – Cruthaitheach

CBFS – DEIS

CBFS – Digiteach

CBFS – Gaeltacht

CBFS – STEM

CBFS – Céim Suas (Step Up)