Foilsithe ar 

Déanann na hAirí Martin agus Chambers machnamh ar 2021 agus tacaíochtaí paindéime á leanúint ar aghaidh

  • €25m do Scéim Phíolótach Bunioncaim d’Ealaíontóirí
  • Maoiniú suntasach don earnáil siamsaíochta beo
  • Pacáiste cuimsitheach de thacaíochtaí gnó d'earnáil na Turasóireachta
  • Bealach chun téarnaimh don earnáil Turasóireachta
  • Filleadh sábháilte éascaithe ar an spórt do lúthchleasaithe agus don lucht féachana 
  • Maoiniú breise chun beocht ár bpobail Ghaeltachta a chinntiú
  • Fáil phacáiste infheistíochta caipitil os cionn €1bn mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe

 

 

 

Agus muid ag druidim le deireadh 2021 agus ag dul trí chéim reatha na paindéime, d'athdhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers TD go leanfar ar aghaidh ag tacú le hearnálacha tábhachtacha.

Agus machnamh á dhéanamh acu ar bhliain a bhí deacair do go leor daoine, thug na hAirí Martin agus Chambers léargas ar phríomhbhearta maoinithe agus tacaíochta a chothaigh earnálacha faoina sainchúram le linn 2021;

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár n-earnálacha luachmhara Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, Meán agus muid ag bainistiú cúrsaí corracha atá deacair a thuar. Tá tacaíochtaí spriocdhírithe curtha i bhfeidhm againn le cur ar chumas ár n-earnálacha maireachtáil, agus lena chinntiú go bhfuil siad i riocht maith chun téarnamh a dhéanamh chomh maith.”

“Beidh inbhuanaitheacht chomhshaoil ​mar chuid lárnach den téarnamh seo. I mbliana thugamar tiomantas do chlár uaillmhianach Ghníomhartha Aeráide faoin bPlean Gníomhaíochta Aeráide a léiríonn an ról ríthábhachtach a bheidh ag mo Roinnse lena chinntiú go gcothaíonn an t-aistriú chuig geilleagar carbóin níos ísle cruthaitheacht, go leathnaíonn sé na féidearthachtaí do dhaoine in Éirinn dul i dteagmháil leis an dúlra trí bheartais inbhuanaithe spóirt agus turasóireachta, agus go dtugtar tosaíocht d’fhorbairt inbhuanaithe sa Ghaeltacht."

 

“Is earnáil eacnamaíoch an-suntasach í an turasóireacht in Éirinn, a chruthaíonn poist agus ioncam i ngach cearn den tír.

I mBuiséad 2022, leithdháileadh €50m le haghaidh Thacaíochtaí Leanúnachais Ghnó Turasóireachta, ag cabhrú le maireachtáil agus téarnamh ghnólachtaí agus leithdháileadh €35m do Mhargaíocht Turasóireachta feabhsaithe chun dlús a chur le filleadh na Turasóireachta Idirnáisiúnta go hÉirinn. Molaim iarrachtaí ár gcomhlachtaí Turasóireachta sa tréimhse dhúshlánach seo, agus táim ag tnúth lena bheith ag obair leo chun bealach chun téarnamh a réiteach don earnáil."

“Léiriú bunúsach atá sa Chultúr agus sna hEalaíona ar ár bhféiniúlacht féin mar náisiún. Ba mhaith linn go léir lucht féachana iomlán a fheicéail ag freastal ar imeachtaí cultúrtha agus siamsaíochta agus go nathshlánófar ár nGeilleagair Oíche, ach cuireann cora agus castaí na paindéime seo dúshláin romhainn fós. Is léir ón maoiniú a leithdháileamar ar an earnáil le déanaí go bhfuilimid tiomanta don earnáil. I measc na leithdháiltí seo bhí €25m chun Scéim Phíolótach Ioncaim Bhunúsaigh d’Ealaíontóirí a chur ar bun; maoiniú €130m ón gComhairle Ealaíon nach bhfacthas riamh cheana agus fógairt phacáiste maoinithe €50 milliún don Earnáil Thaibhiú Beo."

“Maidir le hearnáil na Meán, táimid ag obair ar fhorbairt an chreata reachtaíochta agus rialála don chraoltóireacht agus do na meáin in Éirinn.Chun tacú leis seo, i mBuiséad 2022, leithdháileadh €5.5m chun Coimisiún nua na Meán a bhunú, lena n-áirítear Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne.Tá mé féin agus an Taoiseach ag déanamh ár machnaimh ar ábhar Thuarascáil Choimisiún um Thodhchaí na Meán a cuireadh faoinár mbráid níos luaithe i mbliana, tuarascáil ina bpléitear go leor ábhar.Cuirfidh an Tuarascáil bunús ar fáil do bheartas na meán agus craolacháin sna blianta atá romhainn."

“Bhí áthas orm pacáiste infheistíochta caipitil os cionn €1bn a fháil chomh maith don tréimhse idir 2021 agus 2025 mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe. Tacóidh an infheistíocht seo le téarnamh eacnamaíoch agus teacht aniar na n-earnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,  folláine an duine aonair agus an phobail a fheabhsú; inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil ​​a chur chun cinn; agus ár n-oidhreacht speisialta chultúrtha, teanga agus spóirt a chosaint do na glúnta atá le teacht."

 

 

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Martin:

“Tá dúshláin roimh ár gcuid earnálacha nach bhfacthas riamh cheana. Leanfaidh mé ag obair i dtreo a dtéarnaimh, agus táim ag tnúth le laethanta níos fearr amach anseo."

 

Dúirt tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, TD:

“Tá an spórt ríthábhachtach dár gcuid folláine, go fisiciúil agus go meabhrach. Mar is amhlaidh le réimsí eile faoi shainchúram na Roinne, treoraíonn prionsabail na rannpháirtíochta agus an chomhionannais muid. Cuidíonn an spórt le beocht a chur inár gcuid pobal agus cuireann sé lenár dtuiscint ar fhéiniúlacht, ar áit agus ar mhuintearas idir daoine. Níos luaithe i mbliana, léirigh rath ár lúthchleasaithe Éireannacha ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo cé chomh hard is atá caighdeán an spóirt in Éirinn.

           

“Táimid tiomanta do thacú le forbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht spóirt sa tír seo.  I mBuiséad 2022, leithdháileadh €105.81m ar Spórt Éireann chun tacú le forbairt agus rannpháirtíocht ar fud na hÉireann, agus cuideoidh maoiniú beagnach €80m don earnáil a fógraíodh le déanaí le heagraíochtaí a théarnamh agus fás tar éis na paindéime. Leanfaimid orainn ag obair go dlúth lenár gcuid forais spóirt chun tacú le clubanna agus le pobail - idir bheag agus mhór - ar fud na hÉireann agus tugaimid aghaidh go dóchasach ar an mbliain atá romhainn”

 

“Príomh-mhisean de chuid na Roinne seo is ea tacú leis an nGaeilge -  a húsáid mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a neartú agus í a fhorbairt san aois dhigiteach. Cuireadh pacáiste breise €7m don Ghaeilge móide €4.2m breise do chraoltóireacht na Gaeilge ar fáil i mBuiséad 2022. Ina theannta sin, tá Bille na dTeangacha Oifigiúla rite anois ina dhlí, a chuirfidh athrú dearfach agus tábhachtach i bhfeidhm. Tabharfaidh an reachtaíocht seo cumhacht do chainteoirí Gaeilge agus spreagfaidh sí níos mó daoine chun an teanga a fhoghlaim agus glacadh léi. Mar Aire Stáit, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le pobal na Gaeilge as tacú leis an reachtaíocht seo agus tá áthas orm go mbeidh sí chun leasa phobail na Gaeltachta agus go saibhreoidh sí ár sochaí ina hiomláine."

 

Aithníonn an tAire Martin agus an tAire Chambers na dúshláin uathúla atá roimh na hearnálacha faoi shainchúram na Roinne. Seo thíos cuid de na bearta a tugadh isteach le linn 2021 chun tacú leis na hearnálacha sin, mar aon le hachoimre ar na mórfhógraí a rinne an Roinn.

 

An Turasóireacht

  • Scéim um Fheabhsú Phroinnspásanna faoin Aer €20m (beáir agus tithe tábhairne san áireamh)(eolas)
  • Tacaíochtaí €50m faoin Scéim Leanúnachais Ghnó Turasóireachta fógartha i mBuiséad 2022 (eolas)
  • Foilsíonn an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh trí thuarascáil (mí Feabhra, mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair 2021) (eolas)
  • €73m chun ceithre áit turasóireachta nua den chéad scoth a fhorbairt  (eolas)
  • €19m chun áiseanna den chineál is nua-aimseartha a fhorbairt do ghníomhaíochtaí uisce faoin aer (eolas)
  • Pacáiste infheistíochta caipitil sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 chun aistriú chuig samhail turasóireachta inbhuanaithe, áiseanna feabhsaithe a sheachadadh agus turasóireacht a fhás i bpobail thuaithe (eolas)
  • Scéim Phíolótach Infheistíocht Chaipitiúil um Anamúlacht Uirbeach (eolas)
  • Foilsíonn an Grúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe a thuarascáil ina ndtugtar léargas ar shraith beart chun cleachtais turasóireachta inbhuanaithe a chur chun cinn in Éirinn (eolas)
  • An leibhéal maoinithe is airde riamh do Thurasóireacht i mBuiséad 2022 - €288.5m ar an iomlán (eolas)
  • Infheistíocht €1.7m i Scéim Scéalta Iontacha Bhaile Átha Cliath de chuid Fháilte Ireland (eolas)

 

SPÓRT

  • Imeachtaí píolótacha: Mar ullmhúchán do bhaint na srianta, reáchtáladh roinnt imeachtaí píolótacha chun eolas a dhéanamh do threoir d’ionaid a athosclaíodh (eolas)
  • Foilsíodh treoirlínte chun tacú le lucht féachana a thabhairt ar ais go sábháilte chuig imeachtaí (eolas)
  • Dúnadh babhta nua den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt ar an 1 Márta agus faoin spriocdháta fuarthas 3,106 iarratas, an líon is mó riamh (eolas)
  • Tá obair ag dul chun cinn ar thionscadail atá á maoiniú faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór
  • Maoiniú Chuntais Díomhaoine €5.9m do bhearta spóirt agus gníomhaíochta fisiciúla (eolas)
  • Seoladh Straitéis Ardfheidhmíochta nua don earnáil spóirt (eolas)
  • Ag cothromú na páirce d’fhir agus do mhná a imríonn na Cluichí Gaelacha – den chéad uair riamh soláthróidh an Stát maoiniú comhionann tacaíochta in aghaidh an duine d’imreoirí idirchontae ag cur deireadh leis an neamhréir idir mná agus fir a imríonn an spórt.
  • Infheistíocht €4m i gClár Mhná sa Spórt de chuid Spórt Éireann do 2021 agus 2022 (eolas)
  • Chuaigh lúthchleasaithe Oilimpeacha agus Parailimpeacha na hÉireann san iomaíocht agus bhuaigh siad boinn i dTóiceo ( eolas)
  • €16.6m curtha ar fáil do threalamh spóirt faoin gClár um Chaipiteal & Trealamh Spóirt (eolas)
  • Pacáiste infheistíochta caipitil sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 chun áiseanna spóirt agus mór-infreastruchtúr spóirt a fhorbairt (eolas)
  • Pacáiste Bhuiséad 2022 lena n-áirítear €105.81m do Spórt Éireann agus deontais bhreise shuntasacha faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt (eolas)
  • Foilsiú an Phlean Gníomhaíochta Spóirt 2021-2023 (eolas)
  • Spreagadh maoinithe €78.9 milliún don earnáil spóirt - € 73.6m chun cabhrú le heagraíochtaí spóirt téarnamh a dhéanamh agus fás i ndiaidh na paindéime, agus €5.3m do threalamh spóirt (eolas)

 

Na hEalaíona agus an Cultúr

  • Seoladh Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Siamsaíochta (eolas)
  • Seoladh Shraith Phodchraoltaí Mhná 100 (eolas)
  • Seoladh Chlár 2021 do Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023(eolas)
  • Buaiteoirí ghradaim Markievicz 2021 (eolas)
  • Ealaíntóirí Cónaithe faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán (eolas)
  • Seoladh Chruinniú na nÓg 2021 (eolas)
  • Maoiniú €455,000 do chur chun cinn na nEalaíon ar fud an domhain (eolas)
  • Faighteoirí mhaoiniú €25 milliún faoin Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo fógartha (eolas)
  • Seoladh Scéim Tacaíochta COVID don Earnáil Imeachtaí i gcomhar leis an Tánaiste (eolas)
  • Fógraíonn an tAire Martin maoiniú €230,00 chun an tseirbhís tacaíochta Minding Creative Minds a leathnú chuig earnáil chruthaitheach na hÉireann (eolas)
  • Fógra seimineáir ar líne ‘Taifid phoiblí a chosaint: eiseamláirí den dea-chleachtas idirnáisiúnta’ (eolas)
  • Foilsítear foclóir Mháirtín Uí Chadhain den chéad uair (eolas)
  • Maoiniú €300,000 d’iarsmalanna áitiúla agus réigiúnacha (eolas)
  • Seoladh Chlár Eoraip Ildánach AE 2021-2027 (eolas)
  • Maoiniú €96,391 do 28 imeacht chun tacú le féilte áitiúla agus scoileanna samhraidh ar scála beag (eolas)
  • Cuairt Sheanadóir David Norris ar an gCartlann Náisiúnta chun taifid a bhaineann lena chás suntasach sa Chúirt Eorpach um Chearta Daonna in 1988 a fheiceáil (eolas)
  • Maoiniú €147,000 do thionscadail chultúrtha trasteorann (eolas)
  • Athfhorbairt €29 miliún Ghailearaí Ealaíne Crawford (eolas)
  • Maoiniú €560,000 do chur chun cinn na nEalaíon ar fud an domhain (eolas)
  • Ciste €2 mhilliún um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide (eolas)
  • Aitheantas Stáit do phríomhchleachtais oidhreacht chultúrtha na hÉireann (eolas)
  • Deontais níos mó ná €1.46m d’aon eagraíocht ealaíon agus cultúir déag (info)
  • Ceapadh Cathaoirleach agus comhaltaí nua ar Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (eolas)
  • Comhaltaí nua ceaptha ar Choiste Sainchomhairleach Chultúr Éireann (eolas)
  • Seoladh ‘Fhilíocht chun Comóradh a Dhéanamh’ (eolas)
  • Ceapadh Cathaoirleach agus comhaltaí nua ar Bhord Fhís Éireann (eolas)
  • Tacaíochtaí nua agus feabhsaithe don chruthaitheacht sna scoileanna (eolas)
  • Tionscadail chruthaitheacha nua chun tacú le daoine óga (eolas)
  • Ceapadh Seisear Comhaltaí Nua ar Bhord Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (eolas)
  • Clár imeachtaí chun comóradh céad bliain an Chonradh Angla-Éireannach a cheiliúradh (eolas)
  • Faigheann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann páipéir Edna O’Brien (eolas)
  • Clár Imeachtaí Cómóraidh 2021 an Chartlann Náisiúnta (eolas)
  • Tugann an tAire Martin cuairt ar Ionad Ealaíona na hÉireann i Nua-Eabhrac (eolas)
  • Conradh 1921 – Osclaítear taispeántas Thaifid ón gCartlann i Londain (eolas)
  • Dialanna Mhíchíl Uí Choileáin bronnta ar an Stáit (eolas)
  • Maoiniú €2 mhilliún do chur chun cinn na nEalaíon ar fud an domhain (eolas)
  • Conradh 1921 – Osclaítear taispeántas Thaifid ón gCartlann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath (eolas)
  • Pacáiste maoinithe €50 milliún don earnáil thaibhiú beo (info)
  • Scéim €10m do Reáchtáil Thaibhiú Beo Áitiúil – €5m do Chéim 1 (taibhithe samhraidh) agus €5m do Chéim 2 (taibhithe geimhridh) (eolas)

 

 

 

 

Na Meáin

  • Freastalaíonn an tAire Martin ar Chomhdháil Airí Chomhairle na hEorpa atá freagrach as na Meáin agus an tSochaí Faisnéise (eolas)
  • Seolann an tAire Martin tuarascáil chuimsitheach sábháilteachta ar líne faoi úsáid idirlíne pháistí agus dhaoine fásta  (eolas)
  • An Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne – Molann an tAire Catherine Martin bearta breise chun cabhrú le craoltóirí pobail, meáin na seirbhíse poiblí agus earnáil an raidió (eolas)
  • Cuireann an tAire Martin fáilte roimh Thacaíocht don Earnáil Cheoil Bheo i mBabhta Maoinithe Nua Údarás Craolacháin na hÉireann(eolas)
  • Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh mhaoiniú €7.2m do theilifís agus raidió na hÉireann (eolas)
  • Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh Thacaíocht don Earnáil Raidió Tráchtála i mBabhta Maoinithe Nua Údarás Craolacháin na hÉireann (eolas)

 

 

AN GHAELTACHT

  • €530,000 curtha ar fáil do Techspace 2021 chun cabhrú le daoine óga ábhar digiteach Gaeilge a chruthú (eolas)
  • Seolann agus faomhann an tAire Stáit Chambers  pleananna teanga ar fud na tíre - Bearna & Cnoc na Cathrach, Cathair na Gaillimhe, Oirthear Chathair na Gaillimhe, An Ghaeltacht Láir, An Clochán Liath, Cléire, Iarthar Mhaigh Eo, (faomhaithe); Inis, Árainn Mhór, Leitir Ceannain, Ceantar na nOileán, Na Rosann, Tuaisceart Dhún na nGall (seolta); foilsíodh fógraí Bhailte Seirbhíse Gaeltachta don Chlochán agus Baile an Róba
  • Sheol agus d’fhaomhaigh an tAire Jack Chambers pleananna teanga ar fud na tíre (Oirthear Chathair na Gaillimhe, Árainn Mhór , Conamara, Cléire, Inis, An Clochán agus Baile an Róba, Ceantar na nOileán, Tuaisceart Dhún na nGall, Iarthar Mhaigh Eo)
  • Ceapadh deichniúr céimithe i scéimeanna intéirneachta Gaeilge in Insititiúidí an AE (eolas)
  • €1.6m faomhaithe do Thuismitheoirí na Gaeltachta chun tacú le teaghlaigh a thógann a gcuid páistí le Gaeilge (eolas)
  • Ciste pleanála teanga €3.46m d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge (eolas)
  • Foilsítear Foclóir Mháirtín Uí Chadhain ar líne a thugann léargas ar Ghaeilge shaibhir na Gaillimhe (eolas)
  • Faomhann an Chomh-Aireacht 32 leasú chun Bille na dTeangala Oifigiúla (Leasú) a neartú (eolas)
  • Ciste cobhsaithe €240,000 do hallaí pobail Gaeltachta (eolas)
  • €150,000 do na Gaeil Óga - cumann CLG lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath (eolas)
  • Ciste €3m d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) chun ardoideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge (eolas)
  • Infheistíocht an Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 i gcruthú phoist Ghaeltachta, forbairt áiteanna turasóireachta agus i gcur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre (eolas)
  • Gradaim Tech Féile 2021 - a thugann deis do dhaoine óga a bheith cruthaitheach i ndomhan digiteach na Gaeilge (eolas)
  • Buiséad 2022 - leithdháileadh maonithe níos mó ná €85.6m d’earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge agus maoiniú iomlán €33.3m d’Údarás na Gaeltachta (eolas)
  • Ciste €1.7m do choláiste Gaeilge sa Ghaeltacht; cead tugtha do choláistí cúrsaí gearra a eagrú idir seo agus samhradh 2022 (eolas)
  • An dara tuarascáil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge 2018-2022 (eolas)

AN GHAELTACHT

  • €530,000 ceadaithe do Techspace 2021 a chabhraíonn le daoine óga chun ábhar digiteach Gaeilge a chruthú (eolas)
  • Pleananna Teanga ceadaithe agus seolta ar fud na tíre ag an Aire Stáit Jack Chambers - Bearna & Cnoc na Cathrach, Cathair na Gaillimhe, Oirthear Chathair na Gaillimhe, An Ghaeltacht Láir, An Clochán Liath, Cléire, Maigh Eo Thiar (ceadaithe); Inis, Árainn Mhór, Leitir Ceanainn, Ceantar na nOileán, Na Rosann, Tuaisceart Dhún na nGall (seolta); eisíodh fógra Bhailte Seirbhíse Gaeltachta don Chlochán agus Baile an Róba
  • Deichniúr céimithe ceapaithe do Scéim Intéirneachta Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh 2021 (eolas)
  • 1.6m ceadaithe do Thuismitheoirí na Gaeltachta chun tacú le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge (eolas)
  • Ciste pleanála teanga €3.46m d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge (eolas)
  • Foclóir Mháirtín Uí Chadhain foilsithe ar líne a thugann léargas dúinn ar Ghaeilge shaibhir na Gaillimhe (eolas)
  • 32 leasú ceadaithe chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a neartú (eolas)
  • Ciste cobhsaithe €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta (eolas)
  • €150,000 do na Gaeil Óga - club CLG lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath (eolas)
  • Ciste €3m d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG) chun Ardoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge (eolas)
  • Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030: infheistíocht i gcruthú post sa Ghaeltacht, i bhforbairt áiteanna turasóireachta agus i gcur chun cinn  na Gaeilge ar fud na tíre (eolas)
  • Gradaim TechFéile 2021 a thugann deis don aos óg a bheith cruthaitheach i saol digiteach na Gaeilge (eolas)
  • Buiséad 2022 - leithroinnt breis is €85.6m d'earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge agus maoiniú iomlán €33.3m d'Údarás na Gaeltachta (eolas)
  • Ciste €1.7m do choláistí samhraidh sa Ghaeltacht; cead tugtha do choláistí gearrchúrsaí a eagrú idir seo agus samhradh 2022 (eolas)
  • An dara tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge 2018-2022 (eolas)