Foilsithe ar 

Dearbhaíonn an tAire Martin maoiniú €300,000 chun Tacú le Minding Creative Minds mar chuid de Chlár Safe to Create

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú €300,000 chun Tacú le Meabhairshláinte Daoine Cruthaitheacha mar chuid de Chlár Sábháilte le Cruthú. Tógann sé seo leithdháileadh foriomlán na Roinne do Chlár Sábháilte le Cruthú suas go dtí €782,000.

 

Is é Minding Creative Minds an chéad chlár tacaíochta meabhairshláinte agus folláine 24/7 in Éirinn (32 contae agus Éireannaigh thar lear) do phobal cruthaitheach na hÉireann a sheachadtar i gcomhar le Spectrum Life agus áirítear leis rochtain ar na seirbhísí seo a leanas;

 

  • Líne theileafóin tiomnaithe 24/7 (Guthán 1800 814 244) I (Ag glaoch ó TÉ/RA 0800 0903677) I (Idirnáisiúnta 00353 15180277)
  • Seirbhís comhairleoireachta (idirghabháil ghearrthéarmach)
  • Comhairliúchán teileafóin
  • Comhairleoireacht físeáin
  • Sainchomhairleoireacht tráma & mí-úsáide 24/7
  • Tairseach gréasáin fairsing & aip a chumasaíonn feidhm chomhrá beo le comhairleoir
  • Trí ‘Hi’ a théacsáil chuig 087 3690010 le haghaidh tacaíocht SMS & WhatsApp (baineann an ráta caighdeánach leis) le síciteiripeoir/comhairleoir cáilithe.

 

Nuair a seoladh Clár Sábháilte le Cruthú i mí Dheireadh Fómhair seo caite, d’fhógair Minding Creative Minds feabhas ar a seirbhís chun sainchúram comhairleoireachta tráma agus mí-úsáide a chuimsiú. Cumasaíonn an tseirbhís seo tacaíocht ríthábhachtach d’aon duine a bhfuil taithí acu ar thráma nó ar mhí-úsáid ghnéasach agus cinntíonn sí gur féidir leo teacht ar thacaíocht láithreach agus suas le 12 sheisiún comhairleoireachta saor in aisce ó chomhairleoir tráma láithreach.

 

Cuireann Minding Creative Minds raon seirbhísí inmheánacha eile ar fáil d’Earnáil Chruthaitheach na hÉireann lena n-áirítear seirbhís chuimsitheach Gairme agus Meantóireachta ina gcuirtear gach foirm ealaíne cruthaitheach san áireamh agus cruinniú míosúil tacaíochta piaraí a chuireann tacaíocht, comhairle agus acmhainní ar fáil do Phobal Cruthaitheach na hÉireann.

 

Áirítear i gclár Minding Creative Minds rochtain ar roinnt seirbhísí breise chun cabhrú le húsáideoirí na fadhbanna praiticiúla éagsúla a d’fhéadfadh a bheith rompu a shárú lena n-áirítear:

  • Comhairle faoi fhadhbanna praiticiúla ó lá go lá a chuireann imní agus strus orthu.
  • Cúnamh Dlíthiúil – Comhairliúchán le haturnaetha Éireannacha lena n-áirítear iad siúd a rinne speisialtóireacht i gcúrsaí dlí teaghlaigh, tíolacadh maoine agus cúrsaí dlí eile.
  • Cúnamh Airgeadais & Cúnamh do Thomhaltóirí – Comhairliúchán le comhairleoirí airgeadais cáilithe ar féidir leo comhairle a thabhairt faoi bhuiséadú teaghlaigh, bainistiú iasachtaí/fiachais, pleanáil scoir, coigilt agus infheistíochtaí.
  • Gairmthreoir & Cóitseáil Saoil – rochtain ar phainéal cóitseálaithe gairme le haghaidh gairmthreorach.
  • Tacaíocht do náisiúnaigh neamh-Éireannacha & a dteaghlaigh – ag cuidiú leis an aistriú go córas na hÉireann a dhéanamh chomh réidh agus is féidir.
  • Seirbhísí Idirghabhála – Cabhair le hachrann san ionad oibre, nó fadhbanna a bhaineann le gnó teaghlaigh, earraí & seirbhísí lochtacha agus tógáil.

 

Agus an maoiniú á fhogairt aici, dúirt an tAire Martin:

 

“Cuireann Minding Creative Minds seirbhís luachmhar ar fáil d’earnáil chruthaitheach na hÉireann agus tá an-áthas orm a bheith in ann maoiniú a chur ar fáil do Minding Creative Minds mar chuid de Chlár Sábháilte le Cruthú. Ó 2020, rinne breis is 1,200 duine teagmháil le Minding Creative Minds agus d’éascaigh an tseirbhís thart ar 1,600 uair an chloig tacaíochta. 

 

Bunaíodh Clár Sábháilte le Cruthú a sheol mé i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, ar thorthaí soiléire thuarascáil Speak Up:  A Call for Change. Áiríodh i dtuarascáil Speak Up torthaí tábhachtacha go raibh taithí ag tromlach na ndaoine a ndearnadh suirbhé orthu (70%) nó gur chonaic siad (53%) iompraíocht dhochrach. Tá Minding Creative Minds ag obair go dlúth le hInstitiúid Amharclannaíochta na hÉireann mar chuid lárnach de Chlár Sábháilte le Cruthú, agus tá sé ag cuidiú le bheith chun tosaigh maidir le feabhas a chur ar na gnásanna díobhálacha san earnáil ealaíon ar mhaithe le gach oibrí ealaíon.”

 

Dúirt bunaitheoir Minding Creative Minds Dave Reid nuair a fuair sé an maoiniú:

 

“Cuirfidh maoiniú leanúnach na Roinne do Minding Creative Minds ar ár gcumas ár dtairiscint seirbhíse d’Earnáil Chruthaitheach na hÉireann a leathnú agus a mhéadú, lena n-áirítear faoi láthair líne chabhrach / seirbhís chomhairleoireachta 24/7 agus comhairle ghairme, airgeadais agus dlí. Chuir an tseirbhís mheantóireachta inmheánach breis is 1500 uair an chloig ar fáil do bhreis is 500 duine lena mbaineann 80 meantóir i ngach foirm ealaíne.

I mí Dheireadh Fómhair sheolamar seirbhís comhairleoireachta a feabhsaíodh d'aon duine a d'fhulaing tráma tromchúiseach nó drochúsáid ghnéasach. Leis an maoiniú seo ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus ár gcomhpháirtithe eile, táimid ag tnúth le bheith in ann leanúint ar aghaidh ag tacú le riachtanais agus aidhmeanna earnáil chruthaitheach na hÉireann chun tacaíocht mhothúchánach, folláine agus phraiticiúil a chur san áireamh.”

 

Tá níos mó sonraí ar fáil ar www.mindingcreativeminds.ie.