Foilsithe ar 

Deich mBliana na gCuimhneachán - Fógraíonn an tAire Martin oscailt Ghradam Markievicz do 2023

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go n-osclófar scéim sparánachtaí Markievicz Dheich mBliana na gCuimhneachán d’ealaíontóirí do 2023 le haghaidh iarratas ar líne trí thairseach ealaíontóirí na Comhairle Ealaíon Dé Máirt, an 17 Eanáir 2023 agus dúnfar é ag 5.30 i.n. Déardaoin, an 16 Feabhra 2023.

 

Bronnann an tAire gradaim faoin scéim gach bliain ar suas le 10 ealaíontóirí (ealaíontóirí ag obair ina n-aonar nó i gcomhar le daoine eile) – ar luach €25k in aghaidh an duine aonair nó an ghrúpa. Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon maidir le riarachán na scéime agus fógróidh an tAire faighteoirí ghradaim 2023 i mí Aibreáin. Tá treoir dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar an nGradam ar fáil anois.

 

Dúirt an tAire Martin:

Tugann Gradam Markievicz urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am ata caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Is í 2023 an cúigiú bliain den scéim rathúil seo agus bhain 32 ealaíontóir in go leor seánraí éagsúla leas as €700,000 a bronnadh faoin scéim go dtí seo. Bhain an lucht éisteachta leas as an obair a rinneadh agus tá i bhfad níos mó le teacht sna blianta amach romhainn.”

 

Thagair an tAire freisin d’acmhainn chomhlántach Mná100 na Roinne. Ar an suíomh gréasáin scrúdaítear an tábhacht agus na gnéithe éagsúla a bhaineann le ról ríthábhachtach na mban sa tréimhse réabhlóideach. Soláthraíonn an suíomh gréasáin, mar aon le hábhar gaolmhar atá ar fáil ar líne ó na Forais Náisiúnta Cultúir agus eile, foinsí úsáideacha faisnéise do chách agus cuirfidh ealaíontóirí a chuireann isteach ar an nGradam spéis iontu.

 

Ón 17 Eanáir beidh an scéim oscailte trí ghlao poiblí ar ealaíontóirí atá ag obair i ngach seánra ealaíon le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. I bhfianaise a thábhachtaí is a bhí gluaiseacht athbheochan na Gaeilge le linn na tréimhse réabhlóidí, agus i bhfianaise fhreagrachtaí leanúnacha agus sonracha na Roinne chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, tabharfar ceann de na gradaim d’ealaíontóir a oibríonn sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaeilge, faoi réir chaighdeán gradaim a bhaint amach. Glacfar go fonnmhar le hiarratais ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí laistigh de phobail atá éagsúil ó thaobh cultúir agus ó dhaoine faoi mhíchumas faoin scéim chomh maith.

 

CRÍOCH 

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 8562936 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

Táirseach na Comhairle Ealaíon

Cláraigh agus féach ar thairseach na Comhairle Ealaíon -

https://onlineservices.artscouncil.ie/Register.aspx 

Gradam Markievicz

Treoir maidir le Gradam Markievicz -

https://www.artscouncil.ie/Funds/Markievicz-Award/

 

Mná100:

Is tionscnamh de chuid an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é Mná100 faoi Chlar Dheich mBliana na gCuimhneachán chun feasacht a ardú agus tuiscint a dhoimhniú ar ról na mban inár gcuid staire, a n-ionchur ríthábhachtach le linn tréimhse réabhlóideach na hÉireann, 1912-1923.

Féach ar shuíomh Mhná100 - www.mna100.ie