Foilsithe ar 

Deontas Tosaithe €6,000 do Theaghlaigh Óstacha na gColáistí Samhraidh ar Fáil Anois – Jack Chambers T.D.

Inniu d’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers .T.D. go bhfuil a Roinn ag glacadh le hiarratais anois ó theaghlaigh óstacha Gaeltachta incháilithe ar mhaith leo clárú den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil do chóras na gColáistí Gaeilge, agus ar mhaith leo leas a bhaint as deontas tosaithe nua méadaithe €6,000.

 

Mar aon le méadú beagnach 20% ar an iomlán ar an deontas laethúil atá iníoctha ag an Roinn le soláthraithe lóistín atá cláraithe cheana féin faoi Scéim Foghlaimeoirí Gaeilge na Roinne, fógraíodh an beart sonrach seo le déanaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chóras na gColáistí Samhraidh Gaeilge.  

 

Is é cuspóir an deontais mhéadaithe seo - ar fiú suas le €6,000 nó 80% den chostas incháilithe, cibé acu is lú, teaghlaigh óstacha Gaeltachta nua incháilithe a spreagadh le lóistín a chur ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar Choláistí Gaeilge.

 

Tá leathanach faisnéise agus foirm iarratais ar fáil anseo.

 

Chomh maith le costais shonracha maidir le trealamh maolaithe dóiteáin agus measúnú dóiteáin, beidh troscán áirithe incháilithe anois faoin Scéim athbhreithnithe.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Tá lúcháir orm go bhfuil an Roinn ag glacadh le hiarratais anois ar an deontas méadaithe atá trí huaire níos mó ná mar a bhí. De bhun an bhirt seo agus ardú 20% a d’fhógair mé cheana féin ar an deontas laethúil atá iníoctha faoi Scéim Foghlaimeoirí Gaeilge na Roinne, táim sásta go gcuirfidh na bearta praiticiúla seo tacaíocht bhreise ar fáil d’earnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge.”