Foilsithe ar 

Ealaíona na hÉireann curtha i láthair lucht spéise dhomhanda leis an bhféile ar líne SEODA

Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu go gcuirfear SEODA, féile ar líne arna coimeád ag Cultúr Éireann, i láthair ar feadh 5 lá ón 13 Márta 2022. Tá SEODA dírithe ar ealaíona na hÉireann a roinnt agus a cheiliúradh ar fud an domhain agus tá go leor d’aos dána na hÉireann páirteach inti.

 

Cinnteoidh SEODA go mbeidh teacht ag aos dána na hÉireann ar lucht spéise idirnáisiúnta, lena n-áirítear an diaspóra, agus in áiteanna nach mbeidh aos dána na hÉireann ag taisteal chucu i mbliana. Tá an fhéile ar fáil saor in aisce do chách ar fud an domhain ag an am ar leith seo nuair atá aird an domhain ar chruthaitheacht na hÉireann.

 

Dúirt an tAire Martin:

“Ag an am speisialta seo nuair atá aird an domhain ar aos dána na hÉireann, tá ríméad orm go dtugann SEODA rochtain saor in aisce ar fud an domhain ar roinnt de na daoine is cumasaí atá againn anseo in Éirinn. I mbliana, cuirfidh SEODA leis an rath a bhí ar an gcéad fhéile de SEODA a reáchtáladh anuraidh agus cuirfidh leis an gclár Cultúr Éireann a thacaíonn le healaíontóirí dul ag taisteal agus a saothar a chur i láthair iad féin.

 

Is iad Cultúr Éireann a tháinig aníos le SEODA anuraidh le linn na paindéime agus d’éirigh leo lucht spéise in 28 tír ar fud an domhain ó na Filipíní go Meicsiceo a mhealladh. 

 

Tá clár breá iléagsúil de dhaoine cumasacha cruthaitheacha ó gach cineál ealaíne mar chuid de SEODA na bliana seo lena n-áirítear saothar le Fishamble, Druid, Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta na hÉireann, Saint Sister, Mick Flannery agus Susan O’Neill.

 

Cuirfear feabhas ar an ngné dhomhanda le himeachtaí ón Irish Arts Center, Nua-Eabhrac agus Centre Culturel Irlandais, Páras.

 

Tá na himeachtaí go léir ar fáil saor in aisce do lucht spéise ar fud an domhain ar chainéal YouTube Chultúr Éireann. Gheobhaidh gach duine de na healaíontóirí a bheidh páirteach íocaíocht ar an taispeántas ar líne dá gcuid saothair. Tá sonraí iomlána an chláir ar fáil ar www.cultureireland.ie.

 

CRÍOCH