Foilsithe ar 

Faighteoirí Ghradam Marckievicz 2023 ó Chúlraí Scannánaíochta, Ceoil, Drámaíochta agus na nEalaíon Tradisiúnta

Inniu (an 31 Bealtaine), d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, 10 faighteoir nua Ghradam Markievicz do 2023.

 

Tá sé mar aidhm ag Gradam Markievicz tacú le healaíontóirí chun a gceird a fhorbairt agus ealaín den scoth a chruthú a aithníonn agus a dhéanann comóradh ar ról na mban san am atá caite agus sa tréimhse a gclúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán, 1912-1923, go háirithe.

 

Seo a leanas na healaíontóirí a fuair gradaim inniu:

 

Anne Crilly                              Scannánaíocht

 

Julie Feeney                          Drámaíocht

 

Amanda Feery                       Ceol

 

Edwina Guckian                    Na hEalaíona Tradisiúnta

 

Claire Keegan                        Litríocht (Béarla)

 

Danielle McLaughlin             Litríocht (Béarla)

 

Pádraigín Ní Uallacháin       Na hEalaíona Traidisiúnta

 

Doireann O'Malley                Na hAmharc-Ealaíona

 

Dawn Miranda Sherratt-Bado        Litríocht (Béarla)

 

Áine Uí Fhoghlú                    Litríocht (Gaeilge)

 

Bronntar dámhachtainí faoin Scéim gach bliain idir 2021 agus 2023 ar suas le deichniúr ealaíontóirí (ealaíontóirí aonair a oibríonn ina n-aonair nó ealaíontóirí a chomhoibríonn le healaíontóirí eile) le luach suas le €25,000 do gach duine aonair nó grúpa. Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon maidir le riarachán na scéime faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012 2023.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Tagann na 10 ealaíontóirí a fógraíodh inniu mar fhaighteoirí Ghradaim Markievicz tar éis na 32 ealaíontóir atá ag fáil Gradam cheana féin ó cuireadh tús leis in 2019. Tugann na Gradaim seo urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am atá caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán.  Seo an cúigiú bliain den Ghradam agus táim buíoch den Chomhairle Ealaíon as an dámhachtain a riar agus as tacaíocht bhreise a sholáthar chun rochtain a éascú d’ealaíontóirí ar an nGradam.”

 

Dúirt an tAire Martin, chomh maith:

 

Aithníonn gach ceann de na healaíontóirí ar bhuail mé leo i mBaile Átha Cliath a thábhachtaí is atá sé an ról ríthábhachtach a bhí ag mná ina n-aonar agus i dteannta a chéile inár stair a aithint, a thuiscint agus a léiriú.   Táim ag súil le dul chun cinn an ghrúpa is déanaí seo d’ealaíontóirí Gradam Markievicz a leanúint agus le teacht ar an saothar a tháirgeann siad mar oidhreacht inláimhsithe de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán. Is acmhainn ríthábhachtach dár sochaí é léiriú cruthaitheach, chun stair achrannach a chur in iúl agus chun ár smaointeoireacht reatha agus ár mianta don todhchaí a threorú. Tá an-mheas againn ar an acmhainn seo in Éirinn agus tá an t-ádh orainn go bhfuil os cionn 100 bliain d’aschur ealaíonta againn a léiríonn muid, a thugann dúshlán dúinn agus a spreagann sinn mar náisiún neamhspleách a bhfuil ár bhféiniúlacht ar leith againn ar stáitse an domhain.”

 

 

CRÍOCH

 

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 01 6437610  Ríomphost: press.office@tcagsm.gov.ie  Website:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán 

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

Más mian leat díchlárú ónár liosta seolataí, cliceáil ANSEO

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

 

Leis an ngrúpa faighteoirí seo, tá líon na n-ealaíontóirí maoinithe faoin nGradam suas go 42, le liúntas iomlán de nach mór €1m ó 2019-2023, faoi Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán. 

 

Is fiú an Gradam agus rudaí difriúla do gach ealaíontóir, mar shampla 

- beidh cuid acu ag cruthú oidhreacht daingin le saothar nua agus próifíl poiblí níos airde dóibh féin agus dá saothair 

- tá cáil ar roinnt eile cheana féin agus cuideoidh an Gradam leo sraith nua a chur lena gcuid oibret, dul i mbun comhoibre le healaíontóirí eile nó scileanna nua a fhoghlaim chun a gcuid talainn a fheabhsú nó a gcuid saothair a thabhairt i mbealaí éagsúla 

- agus do chuid acu, agus iad ag pointe luath ina ngairm ealaíne, tacóidh an Gradam leo infheistíocht a dhéanamh iontu féin mar ealaíontóirí agus a gcuid scileanna a fhorbairt. 

 

Thacaigh an Roinn le roinnt tograí cruthaitheacha agus cultúrtha eile faoin gClár mar chuid de Shraith na Samhlaíochta Cruthaithí thar na trí bliana deireanacha den Chlár, ina measc scéim d’Ealaíontóirí Cónaithe i roinnt Forais Chultúrtha Náisiúnta, an Chartlann Mhíleata agus Tionscadal Taighde Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann; tacaíocht do chláir chultúrtha níos leithne sna Forais Chultúrtha Náisiúnta (IMMA, NGI agus Dánlann Crawford) agus mór-chomhoibriú leis an gComhairle Ealaíon ar ART:2023, scairt ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon saothar nua spreagúil a chruthú, agus machnamh á dhéanamh acu ar téamaí Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

 

Thar an tréimhse sin, thuig an Roinn ar a laghad €15k as an €50k a dáiltear go bliaintiúl ar gach údarás áitiúil faoin gClár chun tacú le tograí cruthaitheacha.