Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Foley agus an tAire Harris áiteanna breise ar chláir uasoiliúna do mhúinteoirí iar-bhunscoile sa mhatamaitic, san fhisic agus sa Spáinnis agus ar chlár uasoiliúna nua i nGaeilge

Tá áthas ar an Aire Oideachais Norma Foley TD agus ar an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris TD áiteanna breise a fhógairt i 2022 ar chláir chun múinteoirí cláraithe iar-bhunscoile a uasoiliúint chun matamaitic, fisic agus Spáinnis a theagasc agus é i gceist freisin clár uasoiliúna nua i nGaeilge a ghairm.

Dúirt an tAire Foley: “Tá an-áthas orm, i dteannta le mo chomhghleacaí an tAire Harris, áiteanna breise a fhógairt do ghlacadh isteach na bliana seo chugainn ar na cláir uasoiliúna reatha sa mhatamaitic, san fhisic agus sa Spáinnis do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

“Tá éileamh an-mhór ar ó mhúinteoirí sna cláir seo agus tuigim gur mó i bhfad an líon iarratas ó mhúinteoirí ar na cláir seo, a thosaigh i mí Eanáir 2021, ná líon na n-áiteanna a bhí ar fáil. Is mian liom tiomantas agus toilteanas mór ár múinteoirí a mholadh maidir lena scileanna agus a gcuid eolais a mhéadú chun freastal ar riachtanais ár scoileanna agus ár scoláirí.

“Dhírigh ár n-iar-bhunscoileanna aird ar dhúshláin earcaíochta múinteoirí in ábhair áirithe, ina measc STEM agus nuatheangacha iasachta mar aon le Gaeilge. Dá réir sin, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil sé i gceist agam glao a eisiúint go han-luath ar chlár nua chun múinteoirí iar-bhunscoile a uasoiliúint do mhúineadh na Gaeilge.

“Cruthóidh na cláir seo bealach eile do sholáthar múinteoirí chun cuidiú freastal ar riachtanais ár scoileanna agus ár scoláirí, sna blianta amach romhainn, i gceithre phríomhábhar, matamaitic, fisic, Spáinnis agus Gaeilge."

Dúirt an tAire Harris: “Tá an-áthas orm gur éirigh lenár n-institiúidí ardoideachais tús a chur go rathúil leis an gcur chuige nua agus nuálaíoch seo chun deiseanna uasoiliúna a sholáthar do mhúinteoirí agus chun cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin i scoileanna ó thaobh soláthar múinteoirí sna hábhair seo. Tá súil agam go dtacóidh na hinstitiúidí ardoideachais an glao nua ar chlár chun múinteoirí iar-bhunscoile a uasoiliúint do mhúineadh na Gaeilge.”

“Léiríonn freagairt mhúinteoirí maidir le leas a bhaint as na deiseanna uasoiliúna seo a dtiomantas agus beidh mé ag súil le tacaíocht do níos mó tionscnamh ónár n-institiúidí chun dul i ngleic leis an éileamh i bpríomhréimsí ábhair inár scoileanna."

De réir an Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Múinteoirí, d’fhógair an tAire Foley agus an tAire Harris, i mí na Samhna seo caite, cláir uasoiliúna nua do mhúinteoirí iar-bhunscoile sa mhatamaitic, san fhisic agus sa Spáinnis.

Mar thoradh ar ghlao maoinithe chuig na hinstitiúidí ardoideachais, a bhainistigh an tÚdarás um Ardoideachais (ÚAO) thar ceann na Roinne Oideachais, roghnaíodh trí chlár leibhéal 8 do mhaoiniú, mar a leanas:

  • Dioplóma Gairmiúil do Theagasc na Fisice: OCBÁC (institiúid threorach), Ollscoil Luimnigh agus OÉG
  • Ard- Dioplóma sa Spáinnis don Mhúinteoireacht (Iar-Bhunscoile): Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • Dioplóma Gairmiúil sa Mhatamaitic don Mhúinteoireacht (Iar-Bhunscoile): Ollscoil Luimnigh (institiúid threorach), OÉG, OCBÁC, OTBÁC, ITC, ITLC agus ITPL.

 

Tá na cláir ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile cláraithe beag beann ar a stádas fostaíochta. Ní féidir le múinteoirí a bheith cláraithe cheana féin san ábhar ar a bhfuil sé i gceist acu uasoiliúint a fháil. Seachas éarlais, a íocfar ar ais leis an múinteoir rannpháirteach nuair a bhíonn an clár críochnaithe, cuirtear áiteanna ar fáil saor in aisce agus beidh tosaíocht ag na múinteoirí sin atá dífhostaithe, nach bhfuil lán-fhostaithe, agus iad siúd a bhfuil an t-ábhar á theagasc acu “lasmuigh dá réimse”.

Déantar gach clár a reachtáil thar dhá bhliain ar bhonn páirtaimseartha agus déantar iad a sheachadadh ar bhealach solúbtha agus nuálach, chun an deis is fearr a chinntiú do rannpháirtíocht múinteoirí, lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i bpáirt nó go hiomlán agus chun rannpháirtíocht múinteoirí a éascú ar bhonn náisiúnta. Tá na cláir eagraithe ar bhealach nár chóir go gcuirfeadh rannpháirtíocht isteach ar am teagmhála do mhúinteoirí atá fostaithe faoi láthair.

Tá maoiniú á sholáthar ag an Roinn Oideachais chun tacú le dhá chohórt mac léinn, i mí Eanáir 2021 agus i mí Eanáir 2022. Bhí na hiarratas ó mhúinteoirí ar na cláir do mhí Eanáir 2021 i bhfad níos mó ná an líon áiteanna a bhí ar fáil.  Ó tharla go bhfuil dúshláin ann go fóill maidir le folúntais teagaisc sna hábhair seo a líonadh, tá sé beartaithe ag an Roinn Oideachais áiteanna breise a mhaoiniú ar na cláir seo don dara cohórt mac léinn i mí Eanáir 2022.

Níl líon na n-áiteanna breise deimhnithe go fóill agus beidh siad faoi réir acmhainn Institiúidí Ardoideachais ábhartha freastal ar mhúinteoirí breise ar na cláir agus an maoiniú a bheidh ar fáil. Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais dul i dteagmháil leis na hInstitiúidí Ardoideachais ábhartha sna seachtainí atá le teacht chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ngnó seo.

Tá tuilleadh faisnéise faoi na cláir ar fáil ag na naisc seo a leanas:

  • Dioplóma Gairmiúil do Mhúineadh na Fisice link
  • Ard-Dioplóma i dTeagasc na Spáinnise (Iar-Bhunleibhéal) link
  • Dioplóma Gairmiúil sa Mhatamaitic don Mhúinteoireacht  link

 

Tá an obair á dhéanamh lena chinntiú go bhfreastalaíonn an soláthar múinteoirí ar riachtanais ár scoileanna agus, dá réir sin, tá sé i gceist freisin ag an Roinn Oideachais go n-eiseofar glao go luath chuig Institiúidí Ardoideachais do chlár chun múinteoirí iar-bhunscoile a uasoiliúint d’fhonn riachtanais na Comhairle Múinteoireachta maidir le hábhar curaclaim na Gaeilge a shásamh, toisc gur ábhar é seo freisin ina dtuairiscíonn roinnt scoileanna go mbíonn an-deacrachtaí acu folúntais teagaisc a líonadh.

CRÍOCH

Nótaí d'eagarthóirí

Soláthar Múinteoirí

Thuairiscigh comhlachtaí bainistíochta iar-bhunscoile ganntanas múinteoirí in ábhair ar leith, lena n-áirítear STEM agus na nuatheangacha iasachta, mar aon le deacrachtaí i gcoitinne maidir le múinteoirí ionaid a earcú.

An Grúpa Stiúrtha maidir le Soláthar Múinteoirí: Tá an Grúpa Stiúrtha maidir le Soláthar Múinteoirí ag treorú na forbartha ar chlár gníomhartha do sholáthar múinteoirí agus ag déanamh maoirseachta ar a chur i bhfeidhm.

Is é Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais atá ina chathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha agus tá baill d’fhoireann bainistíochta sinsearaí na Roinne, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, ionadaithe sinsearacha ó na hInstitiúidí Ardoideachais, comhlachtaí bainistíochta scoileanna mar aon leis an ÚAO, comhairleoir an Aire agus saineolaí neamhspleách  ar an gcoiste.

Struchtúir Soláthair Múinteoirí: Tacaíonn an Grúpa Cur Chun Feidhme maidir le Soláthair Múinteoirí le hobair an ghrúpa stiúrtha. Bíonn tacaíocht ina dhiaidh sin ag an nGrúpa Cur Chun Feidhme ina chuid oibre ó roinnt grúpaí oibre a dhéanann saincheisteanna áirithe a mheas agus a thuairiscíonn orthu.

An Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Múinteoirí: Sa Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Múinteoirí aithníodh raon gníomhaíochtaí tosaíochta mar thoradh ar obair an ghrúpa stiúrtha agus trí rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara. Déantar na gníomhartha a rangú faoi cheithre cheannteideal leathana:

  • Bailiú agus anailís sonraí
  • Gairm na múinteoireachta a chur chun cinn
  • Polasaí um ardoideachais
  • Polasaithe agus socruithe do scoileanna agus do mhúinteoirí a mbíonn tionchar acu ar sholáthar agus éileamh múinteoirí

 

Tá an Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Múinteoirí ar fáil: anseo

Cláir uasoiliúna

Ag eascairt ó ghníomh sa Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Múinteoirí, d’iarr an Roinn Oideachais ar an ÚAO gairm maoinithe a bhainistiú, thar a ceann, chuig soláthraithe oideachais tosaigh múinteoirí le haghaidh tograí do chláir uasoiliúna múinteoirí sa mhatamaitic, san fhisic agus sa Spáinnis. I ndiaidh an phróisis ghlaonna, moladh trí chlár leibhéal 8 a mhaoiniú, mar seo a leanas:

  • Dioplóma Gairmiúil do Theagasc na Fisice: OCBÁC (institiúid threorach), Ollscoil Luimnigh agus OÉG
  • Ard-Dioplóma sa Spáinnis don Mhúinteoireacht (Iar-Bhunscoile): Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • Dioplóma Gairmiúil sa Mhatamaitic don Mhúinteoireacht (Iar-Bhunscoile): Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • Dioplóma Gairmiúil sa Mhatamaitic don Mhúinteoireacht: Ollscoil Luimnigh (institiúid threorach), OÉG, OCBÁC, OTBÁC, ITC, ITLC agus ITPL.

 

Déanann na cláir múinteoirí iar-bhunscoile cláraithe a uasoiliúint chun riachtanais na Comhairle Múinteoireachta d’ábhair churaclaim a shásamh sna hábhair spriocdhírithe agus chun ligean dóibh clárú chun an t-ábhar a theagasc ag an leibhéal is airde.

Cláir pháirtaimseartha atá iontu agus déantar iad a sheachadadh ar bhealach solúbtha agus nuálach, chun an deis is fearr a chinntiú do rannpháirtíocht iarratasóirí, lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i bpáirt nó go hiomlán agus chun rannpháirtíocht múinteoirí go náisiúnta a éascú. Tá sé i gceist gur ionann an taithí a fhaigheann rannpháirtithe ar ábhar an chúrsa agus an tslí ar chóir dóibh teagasc agus foghlaim a éascú ina seomraí ranga féin. Níor cheart, do mhúinteoirí a bhíonn páirteach, go gcuirfeadh rannpháirtíocht ar na cláir isteach ar am teagmhála leis an rang.

Tá na cláir oscailte do mhúinteoirí iar-bhunscoile cláraithe beag beann ar a stádas fostaíochta. Cuirtear áiteanna ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí rannpháirteacha agus beidh tosaíocht acu siúd atá dífhostaithe, nach bhfuil lán-fhostaithe, agus acu siúd a bhfuil an t-ábhar á theagasc acu “lasmuigh dá réimse”.

Cúrsaí dhá bhliain atá sna cláir agus déanfar iad a sheachadadh chuig dhá chohórt mac léinn. Thosaigh an chéad chohórt i mí Eanáir 2021 agus tosóidh an dara cohórt i mí Eanáir 2022. Dá bhrí sin beidh na cláir i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana san iomlán.

Tá grúpa stiúrtha á bhunú, comhdhéanta d’ionadaithe na Roinne agus na Comhairle Múinteoireachta, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar fheidhmiú na gclár agus ar mheastóireacht sheachtrach.