Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Martin ceapadh Chathaoirleach Feidhmiúcháin agus Coimisinéirí Choimisiún na Meán

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go bhfuil sé ar intinn aici iad seo a leanas a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí de Choimisiún na Meán:

 

  • Jeremy Godfrey mar Chathaoirleach Feidhmiúcháin;
  • Niamh Hodnett mar Choimisinéir Sábháilteachta ar Líne;
  • Rónán Ó Domhnaill mar Choimisinéir Forbartha na Meán; agus
  • Celene Craig mar Choimisinéir Craoltóireachta.

 

Síníodh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 ina dhlí ar an 10 Nollaig 2022. Tar éis don Aire tús a chur leis, déanfaidh an tAcht Údarás Craolacháin na hÉireann a scor agus bunóidh sé Coimisiún na Meán mar an comhlacht atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh agus as an gcreat rialála nua maidir le sábháilteacht ar líne a thabhairt isteach, an Treoir athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc a chur i bhfeidhm i ndlí na hÉireann agus tacú le forbairt earnáil na meán níos leithne in Éirinn.

 

Rachaidh an Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus na Coimisinéirí i mbun a gcuid dualgas i lár mhí Feabhra. Rinneadh na ceapacháin seo tar éis comórtas oscailte na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Le deich mbliana anuas, tháinig claochlú mór ar an gcaoi a mbreathnaíonn muid ar, a léann agus a éisteann muid le hábhar meán, cibé acu ar an teilifís, ar an raidió nó ar an idirlíon. Tháinig méadú mór ar an méid ábhair a fheicimid go léir ar líne a ghineann úsáideoirí, go háirithe.

 

“Mar fhreagra ar na hathruithe sin, bunóidh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 comhlacht nua, Coimisiún na Meán, chun maoirseacht a dhéanamh ar chreat cuimsitheach nua rialála do sheirbhísí craolacháin traidisiúnta, do sheirbhísí físe ar éileamh agus, den chéad uair, do sheirbhísí ar líne. Beidh Coimisiún na Meán freagrach freisin as go leor de na moltaí a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán a chur i bhfeidhm.

 

“Beidh Coimisiún na Meán lárnach i muidne go léir a chosaint, go háirithe leanaí, agus muid ag idirghníomhú le agus ag úsáid spásanna ar líne. Beidh ról lárnach aige freisin maidir lena chinntiú go bhfanann earnáil na meán anseo in Éirinn inmharthana, neamhspleách agus in ann cuspóirí seirbhíse poiblí a sheachadadh trí go leor de na moltaí a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán a chur i bhfeidhm.

 

“Tá an-áthas orm a fhógairt inniu gur ceapadh comhaltaí Choimisiún na Meán, lena n-áirítear an Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne. Tabharfaidh Jeremy, Niamh, Rónán agus Celene saibhreas taithí ghairmiúil agus saineolas rialála chuig a róil.”

 

Ag labhairt dó faoina ról nua, dúirt Jeremy Godfrey:

 

“Is mór an onóir dom gur ceapadh mé i mo Chathaoirleach Feidhmiúcháin ar Choimisiún na Meán. In éineacht le mo chomh-Choimisinéirí, tá sé mar aidhm againn tírdhreach rathúil, sábháilte agus éagsúil ar líne agus sna meáin a chinntiú. Tabharfar tús áite go háirithe d’ardleibhéal cosanta a thabhairt do shaoránaigh in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh ar ábhar mídhleathach agus díobhálach.

 

Táimid ag tnúth le meicníochtaí rialaitheacha láidre agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm, chomh maith le scéimeanna maoinithe craolacháin agus meán a mhéadú, ionas go mbainfimid na spriocanna sin amach.

 

Táimid ag tnúth le dul i ngleic go hoscailte agus go trédhearcach leis na páirtithe leasmhara go léir agus le hoibriú go dlúth le rialtóirí eile in Éirinn agus ar fud an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach, agus na creataí rialála nua maidir le sábháilteacht agus craolachán ar líne á gcur i bhfeidhm againn.”

 

CRÍOCH

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022

 

Achtaíodh an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 ar an 10 Nollaig 2022. Leasaíonn an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 an tAcht Craolacháin 2009 chun Coimisiún na Meán ilduine a bhunú, Údarás Craolacháin na hÉireann a scor, creat rialála a bhunú le haghaidh sábháilteachta ar líne, rialáil craolacháin teilifíse agus seirbhísí físe ar éileamh a nuashonrú, agus an Treoir um Sheirbhísí na Meán Closamhairc a leasaíodh a thrasuí i ndlí na hÉireann.

 

 

Coimisiún na Meán

 

Faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán 2022, beidh Coimisiún na Meán ina choimisiún ilduine freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcreat rialála do sheirbhísí craolacháin, seirbhísí físe ar éileamh agus sábháilteacht ar líne agus beidh ról lárnach aige i bhforbairt agus i maoiniú earnáil na meán i gcoitinne. Beidh Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin, agus áireofar ann, nuair a bhunaítear é, Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Coimisinéir Forbartha na Meán agus Coimisinéir Craolacháin.

 

I dteannta na bhfreagrachtaí rialála a bhronnfar air leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán 2022, rinne an Rialtas an cinneadh go gceapfar Coimisiún na Meán:

  • trí reachtaíocht atá le tabhairt ar aghaidh ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na hÉireann faoi Acht an AE um Sheirbhísí Digiteacha; agus,
  • trí reachtaíocht a bheidh le tabhairt ar aghaidh ag an Aire Dlí agus Cirt, mar údarás inniúil faoi Rialachán Ábhar Sceimhlitheoireachta ar Líne.

 

D’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí post an Choimisinéara um Sheirbhísí Digiteacha ar an 13 Eanáir. Tá sé i gceist go mbeidh an Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha, ag obair go dlúth leis an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne, i gceannas ar fheidhm Chomhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha a thógáil laistigh de Choimisiún na Meán.

 

Beidh sraith nua-aimseartha cumhachtaí láidre comhlíonta agus forfheidhmithe ag Coimisiún na Meán, lena n-áirítear na cumhachtaí chun oifigigh údaraithe a cheapadh chun imscrúduithe a dhéanamh ar neamhchomhlíonadh amhrasta, chun soláthar faisnéise a éileamh agus chun smachtbhannaí airgeadais riaracháin suas le €20 milliún nó 10% den láimhdeachas a lorg. I ndeireadh na dála, féadfaidh soláthraithe seirbhísí rialaithe faoin Acht a sháraíonn na rialacha fós a bheith faoi réir ionchúiseamh coiriúil.

 

Ról an Chathaoirligh Feidhmiúcháin

Beidh freagracht iomlán ar an gCathaoirleach Feidhmiúcháin as bainistíocht ghinearálta agus rialú Choimisiún na Meán, agus beidh sé i gceannas ar an gCoimisiún mar chomhlacht cinnteoireachta comhchoiteann. Is é an Cathaoirleach Feidhmiúcháin a bheidh ina oifigeach cuntasaíochta do Choimisiún na Meán, agus sa cháil sin beidh sé freagrach as láithriú os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí.

 

Ról an Choimisinéara Sábháilteachta ar Líne

Déanfaidh an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne maoirsiú ar an gcreat rialála maidir le sábháilteacht ar líne, a mbeidh de chumhacht aici Cóid Sábháilteachta ar Líne ceangailteacha a dhéanamh chun seirbhísí ainmnithe ar líne a choinneáil cuntasach as an gcaoi a dtéann siad i ngleic le cur ar fáil roinnt de na cineálacha ábhar díobhálach ar líne is tromchúisí. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisinéir faoin Acht ordú a thabhairt go gcuirfí deireadh le cur ar fáil míreanna ar leith d’ábhar díobhálach ar líne nó go gcuirfí srian leis, de bhun gearáin nó as a stuaim féin.

 

Beidh an Coimisinéir freagrach as córas gearán aonair a chur i bhfeidhm, ag cur san áireamh moltaí Thuarascáil an tSainghrúpa ar Chóras Gearán Aonair. Mhol an Sainghrúpa go bhféadfaí scéim gearáin aonair a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach, tar éis rialú córasach éifeachtach a bhunú ar phróisis láimhseála gearán na seirbhísí rialaithe ar líne.

 

Déanfaidh an tAire an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne a ainmniú go sonrach mar sin faoi alt 11(7) den Acht Craolacháin 2009 (a leasaíodh faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne 2022).

 

Ról Choimisinéir Forbartha na Meán

Beidh freagracht iomlán ar Choimisinéir Forbartha na Meán as maoiniú agus forbairt na hearnála meán níos leithne agus as cur i bhfeidhm roinnt de na príomh-mholtaí i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán.

Ina ról forbartha, beidh Coimisinéir Forbartha na Meán freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú an Chiste Craolacháin agus na Scéimeanna Fuaim agus Físe agus Cartlainne agus cur i bhfeidhm an Chiste Meán a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán. Déanfaidh Coimisinéir Forbartha na Meán maoirsiú freisin ar bhearta chun comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú sna meáin a chur chun cinn agus chun tacú le hinbhuanaitheacht chomhshaoil ​​in earnáil na meán. Beidh príomhfhreagracht ar Choimisinéir Forbartha na Meán as maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge ar fud chóras na meán.

Ról an Choimisinéara Craolacháin

Beidh freagracht iomlán ar an gCoimisinéir Craolacháin as seirbhísí craolacháin closamhairc agus fuaime a rialáil, lena n-áirítear craolachán seirbhíse poiblí a rialáil, déanamh agus cur i bhfeidhm na gcód agus na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil chraolacháin agus as na cumhachtaí iniúchta, imscrúdaithe, forfheidhmithe agus smachtbhannaí a fheidhmiú do na seirbhísí sin. Beidh an Coimisinéir Craolacháin freagrach freisin as ceannaireacht a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann le ceadúnú seirbhísí craolacháin closamhairc agus fuaime agus gearáin a bhaineann leo.

D’fheidhmigh an tAire a cumhacht faoin Acht Craolacháin 2009 (a leasaíodh faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán 2022) chun POF Údarás Craolacháin na hÉireann a cheapadh mar Choimisinéir Craolacháin ar feadh tréimhse suas le bliain amháin.

Tosach feidhme foirmiúil an Achta um Rialáil Sábháilteachta agus Meán agus bunú Choimisiún na Meán

Tá gach alt den Acht um Rialáil Sábhailteachta agus Meán faoi réir ordaithe um thosach feidhme ón Aire agus tá bunú an Choimisiúin faoi réir ordú ón Aire go mbunófar é. Tá sé beartaithe na hailt ábhartha den Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán 2022 a thionscnamh agus Coimisiún na Meán a bhunú go foirmiúil roinnt seachtainí tar éis ceapadh an Chathaoirligh Feidhmiúcháin agus na gCoimisinéirí.

Beathaisnéisí an Chathaoirligh Feidhmiúcháin agus na gCoimisinéirí

 

Jeremy Godfrey – Cathaoirleach Feidhmiuchain

 

Tá os cionn 30 bliain de thaithí rialála, rialtais agus gnó ag Jeremy Godfrey sna hearnálacha cumarsáide, teicneolaíochta agus ar líne, in Éirinn agus i Hong Cong.

 

Tá Jeremy ina Chathaoirleach Reatha ar an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Roimhe sin chaith sé ocht mbliana ina Choimisinéir agus ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide. Le linn an ama sin, bhí sé ina Chathaoirleach agus ina Leas-Chathaoirleach ar BEREC, an comhlacht comhordaithe do rialtóirí teileachumarsáide an AE. I Hong Cong, bhí sé ina Phríomhoifigeach Faisnéise don Rialtas, ina chomhairleoir bainistíochta agus ina fheidhmeannach sinsearach san earnáil teileachumarsáide.

 

Bhí baint ag Jeremy le forbairtí rialála mar Acht an AE um Sheirbhísí Digiteacha, Acht na Margaí Digiteacha, agus an Rialachán Oscailte Idirlín. Mar Phríomhoifigeach Faisnéise Rialtas Hong Cong, bhí freagracht air as an gclár ríomh-rialtais agus as an straitéis néalríomhaireachta, chomh maith le rialachas idirlín, cuimsiú digiteach agus sábháilteacht ar líne a chur chun cinn. Mar chomhairleoir, thug sé comhairle do chliaint faoi straitéisí gnó ar líne agus faoi cheisteanna rialála sna hearnálacha cumarsáide, fuinnimh, iompair agus seirbhísí airgeadais. Le linn dó a bheith sa tionscal teileachumarsáide bhí baint aige le seoladh na chéad sheirbhíse tráchtála físe ar éileamh ar líne agus le go leor ceisteanna rialála.

 

Chuir Jeremy tús lena ghairm bheatha mar státseirbhíseach i rialtas na RA. Tá MA aige ó Ollscoil Cambridge, áit a ndearna sé staidéar ar an matamaitic.

 

Niamh Hodnett – Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne

 

Tá taithí fhairsing ag Niamh Hodnett ar chomhlíonadh oibleagáidí rialála a dhearadh, a fhorfheidhmiú agus a bhainistiú i réimsí ar líne agus cumarsáide. Cuimsíonn a saineolas rialála cosaint sonraí, cibearshlándáil, iomaíocht, cosaint tomhaltóirí agus rialáil na cumarsáide. Áirítear lena taithí sábháilteachta ar líne Meabhrán Tuisceana a chur i bhfeidhm leis an nGarda Síochána chomh maith le Comhaontú Interpol maidir le rochtain ar liosta is measa Interpol d’ábhar mí-úsáid gnéis leanaí a chosc agus maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm. Tá taithí shuntasach aici freisin ar bhearta ar líne a chur i bhfeidhm chun daoine atá i mbaol andúile cearrbhachais ar líne a chosaint. Thionscain Niamh ionchúisimh choiriúla mar gheall ar sháruithe rialála chomh maith le himeachtaí comhlíonta forfheidhmithe sibhialta.

Tá taithí dhomhain dlíthíochta aici ar achomhairc agus ar athbhreithnithe breithiúnacha.

 

Ba í an ról ba dhéanaí a bhí ag Niamh ná Príomhoifigeach Dlí agus Rialála in Premier Lotteries, oibreoir an Chrannchuir Náisiúnta. Roimhe sin bhí sí ina Ceann Gnóthaí Rialála sa chuideachta fón póca, Three Ireland, ina comhairleoir sinsearach dlí leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide, ina dlíodóir rialála le An Post agus ina ball d’fhoirne dlí iomaíochta agus rialála an AE in Mayer Brown sa Bhruiséil agus Matheson i mBaile Átha Cliath.

 

Cháiligh Niamh mar aturnae in 1998 agus is saineolaí í ar an dlí rialála a bhfuil eolas agus taithí fhairsing aici ar dhlí na hÉireann agus na hEorpa. Rinne sí staidéar ar an Dlí agus ar an nGearmáinis i COC agus tá máistreacht sa dlí aici ó Universität Passau sa Ghearmáin. Tá sí ina comhúdar ar European Law a d'fhoilsigh Oxford University Press agus Regulatory Law in Ireland a d’fhoilsigh Tottel. Is idirghabhálaí cáilithe í freisin.

 

Rónán Ó Domhnaill – Coimisinéir Forbartha na Meán

 

 

Ceapadh Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga ar an 12 Márta 2014. Athcheapadh don dara téarma é in 2020. Cheap Uachtarán na hÉireann é tar éis don Rialtas é a ainmniú. Ghlac dhá theach an Oireachtais leis an ainmniúchán sin d’aon ghuth.

Mar choimisinéir teanga mhol sé go neartófaí reachtaíocht teanga in Éirinn agus chuir sé comhairle ar an rialtas, ar pháirtithe polaitíochta, ar choistí Oireachtais agus ar pháirtithe leasmhara éagsúla eile faoin ngá le reachtaíocht láidir. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasaíodh i mí na Nollag 2021 a chinntíonn go dtiocfaidh méadú suntasach ar chearta teanga an phobail agus a chuireann dualgais chuimsitheacha ar chomhlachtaí poiblí maidir le soláthar seirbhísí stáit i nGaeilge.

Tá Rónán Ó Domhnaill ina chathaoirleach ar Fhóram Ombudsman na hÉireann, ina ionadaí Éireannach ar bhord feidhmiúcháin an Chumainn Ombudsman agus ina iarchathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.

Chaith Rónán sé bliana déag mar iriseoir le TG4 agus RTÉ araon. In 2006, ceapadh é ina Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4 agus chuir sé go leor cláir pholaitíochta i láthair ar nós The Week in Politics.

Tá BA ó Ollscoil na Gaillimhe, MA sa Cheannaireacht & Straitéis ón Institiúid Riaracháin Phoiblí, agus Dioplóma Gairmiúil sa Rialachas Corparáideach aige.

Celene Craig – Coimisinéir Craoltóireachta

 

 

Tá Celene Craig ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Údarás Craolacháin na hÉireann, thosaigh sí sa ról i mí an Mheithimh 2021. Sular ceapadh sa phost seo í, bhí ról aici mar Leas-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis ó bunaíodh é in 2009. Agus os cionn 30 bliain taithí aici ar rialáil na meán, d’oibrigh sí freisin le réamhtheachtaithe an Údaráis, le Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus leis an gCoimisiún Neamhspleách Raidió agus Teilifíse.

 

Le sé bliana anuas, bhí ról sinsearach ceannaireachta aici i bpleanáil straitéiseach d’athruithe reachtaíochta, institiúideacha agus struchtúir i réimis rialála na meán in Éirinn agus san Eoraip agus bhí sí i gceannas ar fhorbairt agus ar fhoirmliú sheasamh beartais an Údaráis i leith chreat rialála na hÉireann amach anseo le haghaidh craolacháin, ar éileamh agus sábháilteacht ar líne. Faoi láthair, ina ról mar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, tá Celene i gceannas ar aistriú an Údaráis isteach sa rialtóir reachtúil nua ar na meáin in Éirinn, Coimisiún na Meán, agus i bpleanáil do bhunú agus d’fheidhmiú an chomhlachta rialála. 

 

Ó 2020 i leith, tá Celene ina ball de bhord Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, comhlacht comhairleach don Choimisiún Eorpach. Tá sí ar dhuine de cheathrar príomhoifigeach a bhfuil baint acu le bunú Ghrúpa Rialtóirí Digiteacha na hÉireann, agus ar dhuine de cheathrar rialtóirí a bhunaigh Líonra Domhanda Rialtóirí Sábháilteachta ar Líne in 2022. Idir 2015 agus 2019, bhí sí ina cathaoirleach ar Ardán Eorpach na nÚdarás Rialála agus tá sí ina rannpháirtí gníomhach i raon fóraim náisiúnta, Eorpacha agus domhanda ar chúrsaí reachtacha agus rialála sna réimsí closamhairc agus sábháilteachta ar líne.

 

Tá roinnt cáilíochtaí ag Celene ó Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, lena n-áirítear céim Abhcóide Dlí, agus ó Chumann Cairte na gCuntasóirí Deimhnithe.