Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Noonan maoiniú €8m do thionscadail oidhreachta tógtha

Sheol Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, inniu (Dé hAoine an 05 Samhain) an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus an Ciste um Struchtúir Stairiúla do 2022.

Le maoiniú €8m ar fud an dá scéim, méadú €2 mhilliún ó 2021, léiríonn siad borradh leanúnach agus suntasach do chaomhnú oidhreacht thógtha na hÉireann. Táthar ag súil go dtacóidh na scéimeanna leis na céadta tionscadal agus go gcruthóidh siad breis agus 44,000 lá fostaíochta freisin.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire:

‘Ar fud na tíre, tá pobail ag athrú cuspóir na bhfoirgneamh stairiúil chun lár baile inmharthana, ísealcharbóin agus athléimneach a chruthú. Tá an-áthas orm a bheith in ann tacú leis an athghiniúint oidhreachta seo trí mhaoiniú a mhéadú go suntasach don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus don Chiste um Struchtúir Stairiúla go dtí €8 milliún san iomlán in 2022. Cuireann an méadú béim ar thiomantas leanúnach an Rialtais seo ár n-oidhreacht thógtha a chosaint agus a chaomhnú, chun leasa na céadta struchtúr stairiúil, chun scileanna traidisiúnta tógála a choinneáil beo agus fostaíocht a chruthú d’oibrithe caomhnaithe oilte.’

Tacaíonn an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus an Ciste um Struchtúr Stairiúla le húinéirí agus coimeádaithe na struchtúr cosanta agus iad siúd i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta a n-oibleagáidí cúram a dhéanamh dá n-áitribh a chomhlíonadh. Arna riaradh i gcomhar le hOifigigh Chaomhantais Ailtireachta na nÚdarás Áitiúil, Oifigigh Oidhreachta agus foireann phleanála agus riaracháin, cuideoidh an dá scéim leis na céadta tionscadal ar scála beag atá dian ar shaothar chomh maith le tionscadail ar scála níos mó chun ár dtimpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú agus a chaomhnú. Tabharfaidh na tionscadail tacaíocht shuntasach freisin do phoist áitiúla i gcaomhnú, scileanna traidisiúnta agus tógáil, rud a thabharfaidh borradh ríthábhachtach do gheilleagair áitiúla le linn tráthanna dúshlánacha.

Ag leanúint ó dhá shruth píolótach a tugadh isteach go rathúil do struchtúir dhúchasacha agus aghaidheanna siopaí stairiúla Béarla agus Gaeilge in 2021, corpraíodh an dá shruth sa Chiste um Struchtúir Stairiúla 2022. Coinníodh sruth cothabhála BHIS ó 2020 don scéim i mbliana freisin.

In 2021, bronnadh maoiniú ar níos mó ná 550 tionscadal faoin dá scéim, idir dheisiúcháin bheaga ach riachtanacha earraí uisce báistí agus deisiúcháin dín ar mhórscála. Tionscadal amháin den sórt sin is ea athchóiriú a dhéanamh ar aghaidh siopa Tynan's Bridge House Bar i gCill Chainnigh. Tá dámhachtain €15,000 ón gCiste Struchtúir Stairiúla, mar aon le hinfheistíocht ón úinéir, ag cuidiú le haghaidh an tsiopa a shábháil ó lobhadh agus le cuid den mionsonraí clasaiceach a cailleadh thar na blianta a athchóiriú. I measc na n-oibreacha tá deisiúcháin adhmaid, deisiúcháin ghloine dhaite agus greillí suaitheantas iarann teilgthe a bhí in easnamh a chur ar ais ar aghaidh an tsiopa. Cuidíonn caomhnú carachtar suaithinseach Tynan lena fhéiniúlacht stairiúil a chaomhnú agus tugann sé buntáistí níos leithne do Dhroichead Eoin agus do Chathair Chill Chainnigh.

Cuimsíonn an maoiniú a d’fhógair an tAire Noonan €4 mhilliún san iomlán don Scéim Infheistíochta dpn Oidhreacht Thógtha - méadú 33% ó scéim na bliana seo caite - agus €4 mhilliún don Chiste um Struchtúir Stairiúla - méadú 33% ón HSF in 2021 chomh maith. Tugtar cuireadh d’úinéirí iarratas a dhéanamh trína nÚdarás Áitiúil, a chaithfear a chur faoi bhráid na Roinne faoin 11 Feabhra 2022. Ba cheart do thionscadail chomhpháirtíochta ag eagraíochtaí stát-mhaoinithe iarratais a chur isteach go díreach chuig an Roinn. Tá sonraí faoi na scéimeanna agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar gach láithreán gréasáin údarás áitiúil agus ar láithreán gréasáin na Roinne www.housing.gov.ie  

Ag labhairt dó ar sheoladh an lae inniu, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, TD:

‘Tá an-áthas orm a bheith in ann a fhógairt, in éineacht le mo chomhghleacaí an tAire Noonan, seoladh na Scéime Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus an Chiste um Struchtúir Stairiúla. Ní amháin go soláthróidh siad infheistíocht riachtanach chun ár n-oidhreacht thógtha a chosaint, ach cinnteoidh siad freisin gur féidir go leor foirgneamh a thabhairt ar ais in úsáid, ag cur béime ar thiomantas an Rialtais dár bPlean Tithíocht do Chách. Dá réir sin, chuirfinn fáilte mhór roimh iarratais ar thionscadail athchóirithe nó athúsáide i gcás ina léirítear sochar cónaithe soiléir'.

Dúirt an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil, Peter Burke TD:   

'Lean an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus an Ciste Struchtúir Stairiúla araon ag soláthar tacaíochta a bhfuil géarghá leo dár n-oidhreacht thógtha. Baineadh é seo amach tríd an dlúthchaidreamh oibre idir an Roinn agus Údaráis Áitiúla agus tá áthas orm a fheiceáil conas a chuidigh na caidrimh sin leis na scéimeanna na dúshláin a bhaineann le Covid-19 a shárú. Leanfaidh scéimeanna na bliana seo ag baint leasa as sár-obair na nOifigeach Caomhnaithe Ailtireachta, na nOifigeach Oidhreachta agus na foirne pleanála agus riaracháin.'