Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. maoiniú €2.7 milliún do chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. maoiniú Chultúr Éireann de bheagnach €2.7 mhilliún do chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne in 2023. Tacóidh an maoiniú le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus ionaid chultúrtha na hÉireann thar lear chun imeachtaí ailtireachta, damhsa, scannánaíochta, litríochta, ceoil, amharclainne agus amharcealaíon a  chur i láthair ar ardán idirnáisiúnta.

Agus na dámhachtainí á bhfogairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Le linn 2023 leanfaidh Cultúr Éireann ag tacú le healaíontóirí Éireannacha a gcuid oibre a chur i láthair go hidirnáisiúnta ag obair i dtreo aidhm Éire Dhomhanda 2025 chun lorg cultúrtha domhanda na hÉireann a mhéadú faoi dhó.Tá lucht féachana domhanda tuillte ag ealaíontóirí na hÉireann agus tá an-áthas orm an maoiniú seo a fhógairt, a ardóidh feasacht ar ealaíona agus cultúr na hÉireann go hidirnáisiúnta. Leanfaidh na heagraíochtaí acmhainne a mhaoinigh Cultúr Éireann in 2023 ag cur deiseanna taispeántais ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha de gach seánra in ionaid mhargaidh thábhachtacha, ag taispeáint scannáin Éireannacha ar fud an domhain agus ag tacú le haistriúchán ar shaothar scríbhneoirí Éireannacha.”

Rachaidh an maoiniú chun sochair ocht dtionscadal is caoga a chuirfidh saothar Éireannach i láthair in 27 tír agus a chlúdaíonn sorcas, rince, scannán, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharcealaíona. Cuirfidh sé ar chumas Chultúr Éireann freisin leanúint ar aghaidh ag taispeáint ealaíontóirí chomh forleathan agus is féidir ar fud na bhfoirmeacha ealaíne go léir chun lucht féachana níos leithne a fháil agus deiseanna camchuairte idirnáisiúnta a chruthú amach anseo d’ealaíontóirí Éireannacha.

San áireamh sna dámhachtainí freisin tá maoiniú iomlán €1.72m chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn trí chomhaontuithe bliantúla do 2023 idir Cultúr Éireann agus eagraíochtaí comhpháirtíochta: Litríocht Éireann, First Music Contact agus Institiúid Scannáin Idirnáisiúnta na hÉireann, chomh maith le dhá cheann de phríomhionaid chultúir na hÉireann: Centre Culturel Irlandais i bPáras agus Ionad Ealaíona na hÉireann sa Nua-Eabhrac.

Áirítear le tionscadail bhabhta deontais mhí Dheireadh Fómhair:

 

  • Tacaíocht do thurais san Astráil in Earrach 2023 le Niamh Regan, Dani Larkin agus Lina Andonovska
  • Ealaíontóirí Éireannacha ina measc Muireann Nic Amhlaoibh agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, Lisa O’Neill, Cormac Begley, Notify, Gemma Hayes agus Síomha ag seinm mar chuid de Celtic Connections (Glaschú, RA, Eanáir)
  • Turais Eorpacha le THUMPER, Moncrieff, Aimee, Aoife Scott, Saint Sister, Quilty & Andy Irvine
  • Turais Cheoil SAM le The Jeremiahs, Screaming Orphans, We Banjo 3
  • Oona Doherty’s Navy Blue ar camchuairt chuig an Liotuáin, an Bhulgáir agus Ceanada (Bealtaine/Meitheamh)
  • A Very Old Man with Enormous Wings (Dan Colley/Ionad Ealaíon Bhruach na hAbhann) ar camchuairt chuig an Háig, an Ísiltír (Eanáir)
  • Tacaíocht d’ealaíontóirí scannáin Éireannacha chun freastal ar Chicago Irish Film Festival agus Irish Film London
  • Tacaíocht do scríbhneoirí lena n-áirítear John Boyne, Louise Kennedy, Lucy Caldwell, Jessica Traynor, Victoria Kennefick chun freastal ar imeachtaí in Washington D.C., Auckland agus Jaipur

 

Tá liosta iomlán na bhfaighteoirí deontais ar fáil ar www.cultureireland.ie.