Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. maoiniú €455,000 do chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., go dtabharfaí €455,000 níos mó do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain in 2021 agus 2022. Tacóidh an maoiniú seo le 51 tionscadal a léireoidh scannán, litríocht, ceol, drámaíocht agus amharc-ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne. Díreoidh an maoiniú seo go speisialta ar dhrámaíocht Éireannach a bheidh ar stáitse i nDún Éidean i mí Lúnasa.

 

Agus na dámhachtainí á bhfogairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Cabhróidh an maoiniú seo le go leor ealaíontóirí a gcuid oibre a léiriú ar líne, le go bhfeicfidh lucht féachana idirnáisiúnta iad. Tá lúcháir orm gur thug plean an Rialtais a fógraíodh le déanaí don taisteal idirnáisiúnta tacaíocht d’ealaíontóirí taisteal arís chun a gcuid oibre a chur i láthair go pearsanta, ag tosú le Féile Idirnáisiúnta Dhún Éidean, féile a bhfuil ardmheas uirthi, i mí Lúnasa."

 

Léireoidh Landmark Productions an chéad taibhiú domhanda ar an láthair le níos mó ná bliain anuas, an chéad léiriú ar shaothar nua Enda Walsh, Medicine, comhléiriú idir Léirithe Landmark agus Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe in Amharclann Traverse mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann i mí Lúnasa. Chomh maith leis sin mar chuid de Thaispeántas Cultúir Éire Dhún Éideann 2021, cuirfear aon taispeántas amharclainne déag de chuid na hÉireann i láthair ar líne trí Fringe Marketplace chun ligean d’ealaíontóirí Éireannacha teagmháil a dhéanamh le léiritheoirí domhanda agus deiseanna camchuairte a fháil amach anseo.

 

Níos déanaí, i mí na Samhna, cuirfidh Dead Center Beckett’s Room i láthair ag Ionad Ealaíon Warwick i gcomhar le Coventry 2021 Cathair Cultúir na Ríochta Aontaithe.

 

Tá réimse éagsúil tionscadal agus foirmeacha ealaíne i gceist leis na tionscadail ar líne atá á maoiniú, ar a áirítear cur i láthair de Alice’s Adventures Under Ground, ceoldráma le Gerald Barry curtha i láthair ag Ceoldráma Náisiúnta na hÉireann i gcomhpháirtíocht le Teach Ríoga na Ceoldrámaíochta i Londain. Beidh ceoltóirí na hÉireann ag seinm ag príomhfhéilte na hÉireann sna SA i rith an tsamhraidh agus cuirfidh scríbhneoirí Gaeilge a gcuid oibre i láthair in éineacht le scríbhneoirí Maoraise i gcomhar le Féile Idirnáisiúnta Litríochta na Cúirte in Christchurch, sa Nua-Shéalainn i mí Lúnasa 2021.

 

Cinnteoidh tacaíocht Cultúir Éire gur féidir le lucht féachana domhanda ealaíontóirí Éireannacha a fheiceáil ar líne agus go pearsanta, ag déanamh teagmhála le lucht féachana go fisiciúil arís den chéad uair in ocht mí dhéag.

 

Féach ar www.cultureireland.ie, le do thoil, i gcomhair liosta iomlán bhabhta deontas mhí Feabhra 2021.

 

CRÍOCH