Foilsithe ar 

Fógraíonn na hAirí Martin agus Chambers allúntas ar fiú beagnach €3.7m don phróiseas pleanála teanga i mbliana

D’fhógair an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Chambers inniu go gcuirfear maoiniú €3,663,280 ar fáil don phróiseas pleanála teanga d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta i mbliana. Cuirfear suas le €3,169,380 den allúntas ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus €494,000 d’Fhoras na Gaeilge chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn sa bhliain reatha. 

 

Agus cuairt á thabhairt aige ar Phort Láirge, sheol Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbháin go hoifigiúil inniu.

 

Is é Dún Garbháin le Gaeilge  a chuir an plean teanga i dtoll a chéile chun an próiseas pleanála teanga a chur ar bun i nDún Garbháin. Fostófar Oifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

 

Is é plean teanga Dhún Garbháin an seachtú plean teanga a ceadaíodh do ghrúpa pleanála teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, idir Líonraí Gaeilge agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht leanúnach ar fáil do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge seo le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, lena fheachtas nua Gaelphobal a chaitheann solas ar an dea-obair atá ar siúl sna ceantair seo.

 

Tá pobail ó Leitir Ceanainn, Iarthar Bhéal Feirste, Gaillimh, Baile Locha Riach, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin agus Inis gníomhach san fheachtas seo, ag spreagadh a bpobal an Ghaeilge a úsáid agus páirt á glacadh acu in imeachtaí a bpobal. Le pleananna ceadaithe anois i dTrá Lí agus i nDún Garbháin, tá borradh ag teacht ar na pobail Gaeilge seo fud fad na tíre.  

Dúirt an tAire Catherine Martin inniu:

“Tá an-obair ar siúl ó cheann ceann na tíre agus pobail ag cur na Gaeilge chun cinn ag leibhéal áitiúil. Tá freagracht nach beag ar Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar a bhaineann sé le réimse oibre na Pleanála Teanga, agus comhoibriú dá réir ar bun ag an dá eagraíocht le mo Roinnse. Molaim na pobail go léir atá i mbun na hoibre seo. Cuireann siad beocht agus spiorad sa Phleanáil Teanga agus a ngabhann leis an obair seo.”

Agus plean Teanga Dhún Garbháin á cheadú aige dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Ba mhaith liom tréaslú le Dún Garbháin le Gaeilge- Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhís Gaeltachta - agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don bhaile. Ach an oiread leis na pleananna eile ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Dhún Garbháin do phobal an bhaile a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán chuig na glúnta atá le teacht.Tacóidh an maoiniú suntasach a d’fhógair muid inniu le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga i nDún Garbháin, i nGaeltacht na Déise agus ar fud na tíre, ar mhaithe leis an nGaeilge a láidriú.”

 

Ina theannta sin, tá an tAire Stáit Chambers ag tapú an deis cuairt a thabhairt ar Choláiste na Rinne, coláiste samhradh atá ar an bhfód le os cionn 100 bliain. Chas an tAire le hionadaithe ón gcoláiste, ó Chomhlucht Forbartha na nDéise atá mar cheanneagraíocht Phlean Teanga na nDéise agus leis an Oifigeach Pleanála Teanga atá i mbun oibre sa LPT. Tá Plean Teanga na nDéise ag feidhmiú anois le cúpla bliain agus obair ríthábhachtach á déanamh ag an gceanneagraíocht, an OPT agus muintir na háite ar fad chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chosaint agus a fhorbairt.

CRÍOCH

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán Chun díchlárú ó na ríomhphoist seo, brúigh ANSEO.

 

Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Nóta don eagarthóir

  • Tá pleananna teanga i leith na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe faoin am seo.
  • Ceadaíodh 6 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí agus anois Dún Garbháin.
  • Tá plean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair - plean do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Caisleán an Bharraigh.
  • Tá 22 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga á bhfostú agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.
  • Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte Cathair Saidhbhín, Cathair Chorcaí an Clochán agus Baile an Róba.
  • Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le BSG Dhún Garbháin chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na limistéir eile atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as cabhrú le Limistéir Phleanála Teanga agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht.
  • Cuirfear buiséad bliantúil suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil thar thréimhse 7 mbliana do phlean teanga Dhún Garbháin.
  • Tugtar léargas cuimsitheach ar a bhfuil ar bun agus beartaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i bPlean Gníomhaíochta 2018 - 2022 an Rialtais don Ghaeilge - a bhfuil fáil air ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/

 

Físeán: https://www.youtube.com/watch?v=6nXh1XrKMDc