Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire O’Brien roimh thosach feidhme an Achta um Sheirbhísí Uisce agus roimh Uisce Éireann a thabhairt isteach

Tá na horduithe riachtanacha sínithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, chun tús a chur leis an Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2022, a léiríonn roinnt garspriocanna tábhachtacha in éabhlóid Uisce Éireann agus forbairt shuntasach d'Ervia.

 

“Tá Uisce Éireann á scaradh ó Ghrúpa Ervia ar mhaithe le leas straitéiseach na seirbhísí uisce agus is lá tábhachtach é Lá Caille (1 Eanáir 2023) d’Uisce Éireann agus Ervia-Líonraí Gáis Éireann araon” a dúirt an tAire O’Brien.

 

“Tugann achtú agus tosach feidhme an Achta um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2022, éifeacht do ghealltanas Chlár an Rialtais maidir le hUisce Éireann a choinneáil faoi úinéireacht phoiblí mar fhóntas náisiúnta, neamhspleách, rialaithe” a dúirt sé.

 

Ainm Nua

 

Ar an 31 Nollaig 2022, athróidh ainm na cuideachta, Irish Water, agus tabharfar Uisce Éireann air amach anseo.

 Ar an 1 Eanáir 2023, is é Uisce Éireann an t-údarás náisiúnta neamhspleách do sheirbhísí uisce agus tá sé scartha óna mháthairchuideachta, Ervia. Tagann socruithe nua scairúinéireachta i bhfeidhm ar an 1 Eanáir agus na scaireanna in Uisce Éireann i seilbh an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta amháin. Ghuigh an tAire O’Brien gach rath ar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Uisce Éireann, Niall Gleeson, sna struchtúir nua agus chuir sé a bhuíochas in iúl as obair chrua agus tiomantas fhoireann uile Uisce Éireann. 

An Bord Nua

 

Tagann Bord nua neamhfheidhmiúcháin de chuid Uisce Éireann i bhfeidhm ar an 1 Eanáir agus is é an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a rinne na ceapacháin seo le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is suntasach go bhfuil ionadaíocht reachtúil anois ag Comhdháil na gCeardchumann ar Bhord Uisce Éireann.

 

Rinne an tAire O’Brien comhghairdeas le Cathaoirleach Uisce Éireann, Tony Keohane, agus a chomhstiúrthóirí ar Uisce Éireann agus ghuigh sé gach rath orthu ina gcuid iarrachtaí ar an mBord nua. Tá na ceapacháin Aireachta chuig Boird Uisce Éireann (agus chuig Ervia) liostaithe i nóta an Eagarthóra thíos. 

Cuntasacht agus Iniúchadh

 

Éascaíonn tosach feidhme an Achta socruithe cuntasachta agus iniúchóireachta athbhreithnithe. Ón 1 Eanáir 2023, beidh Uisce Éireann faoi réir iniúchadh déach ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus ag a iniúchóir reachtúil tráchtála faoi Achtanna na gCuideachtaí. Go háirithe, beidh Uisce Éireann freagrach don Choiste um Chuntais Phoiblí ón 1 Eanáir 2023.

 

"Tá an leibhéal méadaithe cuntasachta agus trédhearcachta seo i gcomhréir le leibhéal maoinithe an Státchiste d’Uisce Éireann. Meastar gurb é an Coiste um Chuntais Phoiblí is fearr atá in ann Uisce Éireann a thabhairt chun cuntais, chun trédhearcacht agus cuntasacht Uisce Éireann agus a fheidhmíocht a bhreithniú. Mar thoradh air seo beidh líne shoiléir cuntasachta ann d’Uisce Éireann" a dúirt an tAire O’Brien. 

Comhlacht Comhairleach Uisce

 

Mar thoradh ar na socruithe cuntasachta nua seo, ní bheidh aon fheidhmeanna comhairleacha ná tuairiscithe ag an gComhlacht Comhairleach Uisce a thuilleadh ó dheireadh na bliana seo. Éascófar tuairiscí gan íoc ón gcomhlacht seo agus críochnófar iad roimh an 28 Aibreán 2023. Déanfar an Comhlacht Comhairleach Uisce a dhíscaoileadh go foirmiúil ar an dáta sin agus tá an tOrdú um Lá Díscaoilte sínithe ag an Aire O’Brien chun é sin a éascú.

 

Aistear Casta

 

Le hachtú agus le tosach feidhme an Achta um Sheirbhísí Uisce, tugtar turas fada casta i gcrích ina bhfuil roinnt páirtithe leasmhara, go háirithe Ranna Rialtais tábhachtacha, NewERA, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus Ervia agus Uisce Éireann go tábhachtach. Próiseas casta a bhí san atheagrú seo, lena n-áirítear leasuithe ar Bhunreacht Uisce Éireann, struchtúir inmheánacha nua, socruithe pinsin chomh maith le gluaiseacht foirne ó Ervia go hUisce Éireann.

 

Ervia — Líonraí Gáis Éireann

 

Mhol an tAire na hiarrachtaí, go háirithe na baill foirne uile sin a d’éascaigh an próiseas scartha agus chuir sé a bhuíochas in iúl as obair chrua agus tiomantas Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Ervia-Líonraí Gáis Éireann, Cathal Marley, agus foireann uile Ervia-Líonraí Gáis Éireann. 

Thapaigh an tAire an deis freisin comhghairdeas a dhéanamh le Kevin Toland, Cathaoirleach nua Ervia, agus a chomhbhaill ar Bhord Ervia. Ghuigh an tAire gach rath orthu ina gcuid iarrachtaí ar an mBord chomh maith. Tá an tAire ag tnúth le dul chun cinn luath an Bhille Gáis (Leasú), 2022, a éascóidh comhtháthú Ervia isteach i Líonraí Gáis Éireann. Tá an reachtaíocht seo á cur chun cinn ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá súil ag an Aire go mbainfear é seo amach chomh luath agus is féidir in 2023.

 

CRÍOCH

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

  • Shínigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Ordú um Thosach Feidhme ar an 15 Nollaig 2022 lena gceaptar dátaí éagsúla ar a dtiocfaidh forálacha sonraithe den Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2022, i ngníomh; tá dátaí éagsúla tosach feidhme ann d’ailt/do chodanna éagsúla den Acht.
  • Shínigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Ordú um Lá Ceaptha freisin (faoi alt 6 den Acht) agus ceapann sé an 1 Eanáir 2023 mar an Lá Ceaptha chun críocha an Achta.
  • Shínigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Ordú um Lá Díscaoilte (faoi alt 27 den Acht) agus ceapann sé an 28 Aibreán 2023 mar an dáta díscaoilte don Chomhlacht Comhairleach Uisce.
  • Is é an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tAire ag a bhfuil tromlach na scaireanna do Ervia, comhlacht tráchtála leathstáit. Tá Ervia freagrach as bonneagar náisiúnta straitéiseach a sholáthar i réimsí an uisce agus an gháis. Scoirfidh Uisce Éireann de bheith ina fhochuideachta de chuid Ervia le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.
  • In 2013, bunaíodh Uisce Éireann mar fhochuideachta de Bhord Gáis Éireann a bhí ann ag an am.
  • I mí Iúil 2018, chinn an Rialtas go mbeadh Uisce Éireann ina fhóntas rialaithe neamhspleách, faoi úinéireacht phoiblí, tráchtála, scartha ó Ghrúpa Ervia le linn 2023.
  • I mí Dheireadh Fómhair 2020, chinn an Rialtas go ndéanfaí Ervia a chomhtháthú le Líonraí Gáis Éireann ionas go mbeadh sé mar aonán amháin, Líonraí Gáis Éireann.
  • Athainmníodh comhaltaí Bhord Ervia chuig Bord Uisce Éireann chun leanúnachas agus taithí chuí ar an dá Bhord a chinntiú. Rinneadh ceathrar comhaltaí de Bhord Ervia a athshannadh chuig Bord Uisce Éireann agus tá cúigear comhaltaí de Bhord Ervia, mar aon le Príomhfheidhmeannach Ervia, fós ar Bhord Ervia. Tá na folúntais ar an dá Bhord, lena n-áirítear Cathaoirleach Bhord Ervia, líonta i ndiaidh comórtais a reáchtáladh le déanaí sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.