Foilsithe ar 

Gradaim TechFéile 2021 agus Dialann Scoile 2021 á sheoladh ag an tAire Stáit Jack Chambers T.D.

Inniu, in Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sheol Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., Gradaim TechFéile 2021 chomh maith le Dialann Scoile 2021.  

 

Is ócáid bhliantúil í TechFéile atá ar an mbóthar le roinnt blianta anois agus atá mar chuid lárnach den Chlár TechSpace.  Is í an ócáid theicneolaíocht Gaeilge is mó in Éirinn a thugann deis don aois óg a bheith cruthaitheach agus ealaíonta.  I mbliana den chéad uair riamh, tugadh an ócáid ar líne.  Rinne an tAire Stáit Chambers comhghairdeas inniu le gach duine ar éirí leo gradaim a bhaint amach i gcomórtas 2021 ach go mór mór leis na príomhghradaim do Tech Féile 2021:-

  • Teagascóir na Bliana - Emer Ní Éafa - Coláiste Ghlór na Mara, Baile Átha Cliath 
  • TechSpácóir na Bliana - Sibéal Ní Ógáin - Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí 
  • Eagraíocht na Bliana - Coláiste an Eachréidh, Gaillimh 

 

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach aon duine a ghlac páirt i Tech Féile na bliana seo, 2021.  Ócáid a bhí dúshlánach agus í á tabhairt ar line den chéad uair.  Tréaslaím leis na buaiteoirí go léir, a thug gradaim leo.Tugann na duaiseanna seo aitheantas don sárobair atá ar bun ag an aos óg agus ag an eagraíocht i saol digiteach na Gaeilge, ag cur chun cinn na teanga sa teicneolaíocht digiteach nua-aoise.   Léiríonn sé seo an tuiscint shoiléir atá acu siúd a ghlac páirt sa bhFéile ar an luach a bhaineann lenár dteanga dhúchais féin.”

 

Inniu chomh maith, sheol an tAire Stáit Dialann Scoile 2021 atá mar chuid den Chlár TechSpace agus atá maoinithe ag Roinn an Aire Stáit.  

 

“Tá sé fíor thábhachtach infheistíocht a dhéanamh sa nua-theicneolaíocht. Tuigeann muid ar fad go bhfuil an teicneolaíocht ag athrú an t-am ar fad. Is léir gur acmhainn tarraingteach é agus molaim lucht TechSpace as an méid atá bainte amach acu.”  

 

CRÍOCH