Foilsithe ar 

Loscadh an Tí Mhóir: Scéal an Tí Mhóir in Éirinn le linn na Réabhlóide 1920-1923

Taispeántas nua agus sraith léachtaí ar líne do Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán seolta inniu ag an Aire Martin

 

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD ‘Loscadh an Tí Mhóir: Scéal an Tí Mhóir in Éirinn le linn na Réabhlóide 1920-1923’, inniu (Dé Máirt an 29 Márta 2022), taispeántas nua arna choimeád ag an Ollamh Terence Dooley, Stiúrthóir an Lárionaid um Staidéar ar Thithe agus ar Eastáit Stairiúla na hÉireann (CSHIHE), An Rannóg Staire in Ollscoil Mhá Nuad le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. 

 

Is toradh é an taispeántas tarraingteach seo ar na blianta atá caite ag an Ollamh Dooley i mbun taighde.  Tugann sé léargas nua do Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán - taithí uasaicme nó iarmhóruaisle talún na hÉireann a bhí gafa i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad. 

 

Inseofar scéalta de shampla leathan de na Tithe Móra sin, mar a thugtar orthu in Éirinn, ó ar fud na tíre trí bhreathnú ar loisceadh na dtithe sin. Is é an taispeántas toradh an taighde bhunaidh a rinneadh ar réimse leathan bunfhoinsí, ag tabhairt aghaidh ar go leor de na míthuiscintí coitianta atá ann maidir leis an tréimhse seo den stair.  Déanfar líon na dTithe Móra a loisceadh agus an áit a raibh na tithe a loisceadh suite a chíoradh, ag scrúdú na gcúiseanna polaitiúla agus sóisialta a bhain lena scriosadh.  Déanfar an chúis nár scriosadh go leor de na tithe a phlé sa taispeántas freisin.  Déanfar comhthéacs náisiúnta na n-imeachtaí sin a phlé sa taispeántas chomh maith le tionchar na nAchtanna Talaimh ar na tithe móra.

 

Beidh an taispeántas ar siúl i gCartlann Ailtireachta na hÉireann i mBaile Átha Cliath go dtí an 27 Aibreán agus ansin aistreofar é go dtí Ollscoil Mhá Nuad in am don 20ú Comhdháil Bhliantúil ar Thithe Stairiúla na hÉireann (10-11 Bealtaine).  Ina dhiaidh sin tabharfar an taispeántas ar camchuairt ar fud na tíre.  Nuair a thiocfaidh deireadh le camchuairt an taispeántais, déanfar é a dhigitiú agus cuirfear ar fáil do chách é ar líne, ar láithreán gréasáin an CSHIHE, Ollscoil Mhá Nuad. 

 

Reáchtálfar sraith léachtaí gach seachtain ar líne ón 24 Márta go dtí an 19 Bealtaine i gcomhar leis an taispeántas.  I measc na gcainteoirí beidh Gemma Clark, Terence Dooley, Robert O’Byrne, Ann O’Riordan, Olwen Purdue, Christopher Ridgway, Glascott Symes agus Jean Young, ar fad a thabharfaidh aghaidh ar théamaí éagsúla a bhaineann le Tithe Móra le linn thréimhse na réabhlóide.

 

Foilseofar leabhar nua an Ollaimh Terence Dooley inniu chomh maith ‘Burning the Big House: The Story of the Irish Country House in a Time of War and Revolution’ le Yale University Press. 

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Ní minic ar chor ar bith a phléitear loisceadh na dTithe Móra nuair a labhraítear ar thréimhse na réabhlóide in Éirinn.  I mo Aire ar a bhfuil freagracht as Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán a threorú, tá sé mar aidhm agam tacú le deiseanna spéisiúla agus cruthaitheacha chun muid ar fad a spreagadh ár stair choiteann a scrúdú, gach gné chasta di, i dtimpeallacht ina léirítear meas agus ina dtugtar tacaíocht.

 

“Is é an taispeántas seo toradh an taighde a chaith an tOllamh Dooley blianta ina bhun ar scriosadh Thithe Móra na hÉireann. Tabharfaidh an taispeántas seo, an tsraith léachtaí a ghabhann leis agus foilseachán nua an Ollaimh Dooley tacaíochtaí luachmhara do gach duine a bhfuil spéis acu tuiscint níos fearr agus léargas nua a fháil ar an tréimhse seo dár stair, agus sin fréamhaithe i bhfianaise fhíriciúil agus i mbunfhoinsí.   Molaim an tOllamh Dooley agus gach duine a bhfuil baint acu leis an saothar seo a thabhairt chun fíre.”

 

Is éard a dúirt an tOllamh Terence Dooley, Stiúrthóir an Lárionaid um Staidéar ar Thithe agus ar Eastáit Stairiúla na hÉireann:

 

“Táim fíorbhuíoch as an maoiniú a chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil a d’fhág go bhféadfaí an taispeántas seo a leagan amach agus a chur i láthair i gCartlann Ailtireachta na hÉireann agus tá súil agam go gcuirfidh an taispeántas gné nua ar fáil ar an tuiscint atá againn ar thréimhse na réabhlóide in Éirinn, tréimhse lena mbaineann castachtaí go leor.”

 

CRÍOCH