Foilsithe ar 

Phreasráiteas don Taoiseach Micheál Martin chun comóradh a dhéanamh ar chúig bliana is fiche ó bunaíodh TG4

Ar Oíche Shamhna 1996, cúig bliana is fiche ó shin, tháinig TG4 ar an aer agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an stáisiún agus an cloch mhíle shuntasach seo á ceiliúradh acu an deireadh seachtaine seo.

 

Le cúig bliana is fiche anuas, tá ról ríthábhachtach ag TG4 i sochaí na hÉireann, agus bhain an stáisiún cáil amach dó féin mar ghuth sainiúil uathúil i dtírdhreach na meán in Éirinn.

 

Léiríonn rath TG4 le cúig bliana is fiche anuas tiomantas agus dúthracht fhoireann, bhainistíocht agus Bhord an stáisiúin, a raibh an fhís agus an tiomantas acu cláir nuálacha a chruthú do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre.

 

Chuir TG4 meascán beoga de nuacht agus cúrsaí reatha áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, siamsaíocht, spórt agus cultúr ar fáil do chroí-lucht féachana an stáisiúin.

 

Tá sé tar éis dul i bhfeidhm ar an bpobal i gcoitinne chomh maith, iad siúd nach cainteoirí líofa Gaeilge iad agus ar mian leo an teanga a fhoghlaim san áireamh.

 

Mar chraoltóir foilsitheora, tá ról ríthábhachtach ag TG4 i dtacú leis an earnáil neamhspleách léiriúcháin i réigiúin na Gaeltachta i gcruthú agus i gcothú fostaíochta.

 

Tá TG4 ag tnúth leis an gcéad chúig bliana is fiche eile, agus tá a fhios agam go bhfuil pleananna iontacha ag an stáisiún le lucht féachana nua agus níos óige a mhealladh.

 

Ó thaobh an Rialtais de, tá sé fíorthábhachtach go bhfuil rochtain ag an bpobal  ar na cláir nuálacha Gaeilge den chéad scoth a chuireann TG4 ar fáil. Táimid ag tnúth go mór le TG4 a fheiceáil ag dul ó neart go neart sna blianta atá romhainn.

 

Comhghairdeas arís, agus guím gach ar TG4 sna cúig bliana is fiche atá romhainn.