Foilsithe ar 

Plean Digiteach don Ghaeilge seolta agus teicneolaíochtaí úra urlabhra agus teanga ar na bacáin

Ag seoladh an Phlean Dhigitigh nua don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath inniu (8 Nollaig 2022), dúirt an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., go bhfuil an Ghaeilge ar thairseach ré nua sa teicneolaíocht teanga agus go mbeidh sé níos éasca ná riamh, de thoradh moltaí an Phlean a chur i bhfeidhm sna blianta romhainn, ag soláthraithe seirbhísí gnó agus Stáit an Ghaeilge a chur ar fáil mar rogha ina seirbhísí digiteacha don phobal.

I measc na dteicneolaíochtaí a bhfuil trácht orthu sa Phlean Digiteach, tá an tsintéis chainte, a chuireann ar chumas an phobail aon téacs digiteach a léamh amach os ard ina rogha canúna. Ina theannta sin beidh cainteoirí Gaeilge a bhfuil míchumas teanga, urlabhra nó litearthachta orthu in ann leas a bhaint as an teicneolaíocht seo chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le cúramóirí, soláthraithe seirbhísí agus an saol mórthimpeall orthu i nGaeilge agus a gcaighdeán saoil a fheabhsú dá bharr.

Is iad Ionad Adapt in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide na príomhpháirtithe a choimisiúnaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun an Plean Digiteach don Ghaeilge a ullmhú, agus beidh an dá pháirtí sin agus páirtithe eile i gceartlár an taighde a theastaíonn chun na teicneolaíochtaí a fhorbairt. Tá infheistíocht €1m á cur ar fáil ag an Rialtas in 2023 chun na chéad chéimeanna san obair thaighde a chur i gcrích le go mbeifear in ann na teicneolaíochtaí a fhorbairt agus a chur ar fáil ar bhonn saorcheadúnais dóibh siúd ar mian leo an Ghaeilge a chur ar fáil don phobal ina seirbhísí digiteacha.

Chomh maith leis an tsintéis chainte, tá bunleagan de theicneolaíocht aitheanta cainte curtha ar fáil ag Coláiste na Tríonóide trínar féidir abairtí Gaeilge a rá isteach i micreafón agus an chaint a aistriú go téacs. Beidh an teicneolaíocht ina cúnamh, mar shampla, do ghairmithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge chun comhfhreagras nó nótaí cruinnithe a dheachtú seachas a chlóscríobh go díreach. Nuair a chuirtear an tsintéis agus an aithint cainte le chéile, beidh daoine in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge, mar shampla ag úsáid na seirbhísí cánach agus leasa shóisialaigh.

Tá forbairt shuntasach déanta chomh maith ar áiseanna aistriúcháin a chuirfidh ar chumas aistritheoirí téacsanna a aistriú níos éifeachtúla le cabhair ó theicneolaíochtaí Intleachta Saorga. Mar bhonn faoi na teicneolaíochtaí uile atá beartaithe agus á bhforbairt faoin bPlean, tá cuntas iomlán ar chóras gramadaí na Gaeilge, rud trínar féidir leis an teicneolaíocht struchtúir na teanga a thuiscint níos fearr agus aistriúcháin níos cruinne a mholadh don aistritheoir i mbun téacs a aistriú.

Eascróidh bogearraí agus feidhmchláir oideachais as an mbunobair teangeolaíochta seo agus cheana féin tá ardáin d’fhoghlaimeoirí á dtógáil a bhaineann iomlán úsáid as na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun tosaigh. Tá obair molta chun feidhmchláir a fhorbairt d’oideachasóirí le go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar litearthacht daltaí, ar aon dul lena macasamhail ó thaobh na litearthachta Béarla.

Ag labhairt dó ag an ócáid dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:

“Rachaidh na torthaí agus an teicneolaíocht a eascraíonn as an bplean seo chun leasa phobal Gaeilge trí chéile, dóibh siúd a fheidhmíonn trí Ghaeilge ina gcuid oibre, do lucht forbartha bogearraí agus feidhmchláir teanga agus oideachais agus do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge. Beidh tionchar mór ag na teicneolaíochtaí seo ar chumas an Stáit agus ar chumas na hearnála gnó seirbhísí a chur ar fáil go digiteach agus ar ardchaighdeán – is sprioc lárnach de chuid an Rialtais é seo faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.”

Dúirt an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide ó Choláiste na Tríonóide:

“Le teicneolaíochtaí digiteacha na Gaeilge i lámha an phobail, tá féidearthachtaí as cuimse romhainn d’fhorleathnú na teanga i ngach réimse saoil, do theagasc na Gaeilge agus chun saol na Gaeilge a oscailt amach dóibh siúd faoi mhíchumas. Mar chuid den infheistíocht shuntasach Rialtais seo i dteicneolaíochtaí teangeolaíochta Gaeilge, beidh orainn díriú ar oiliúint ár gcéimithe is ár n-iarchéimithe, chun na scileanna cuí sa ríomhtheangeolaíocht agus i bpróiseáil na hurlabhra a thabhairt chun cinn, mar aon le hardchumas Gaeilge. Tá sé seo lárnach le go mbeidh an obair faoin Phlean Dhigiteach seo inmharthana, agus na teicneolaíochtaí seo á bhforbairt agus á bhfeabhsú go leanúnach.”

Dúirt an Dr Teresa Lynn, Ionad ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:

“Is ionann foilsiú an Phlean Dhigitigh inniu agus toradh ar bhlianta de thaighde agus forbairt acadúil, agus is féidir féachaint air mar threochlár ina leagtar amach an chaoi a ndéanfar an Ghaeilge ábhartha feasta i gcomhthéacs ról na teicneolaíochta inár saol ó lá go lá.”

Tréimhse cúig bliana – 2023 go 2027 ­– atá luaite leis an bPlean Digiteach don Ghaeilge. Déanfar athbhreithniú foirmiúil air ag deireadh na tréimhse sin, agus coinneofar súil ghéar ar feadh sheal an Phlean ar a bhfuil ag titim amach i réimse na teicneolaíochta le go mbeidh na gníomhaíochtaí ag teacht leis na forbairtí is déanaí agus le riachtanais dhigiteacha phobal na teanga.

CRÍOCH