Foilsithe ar 

Plean Teanga do Mhaigh Eo Thiar á cheadú agus gteic le hoscailt ag an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD le linn a chamchuairt ar Mhaigh Eo

Tabharfaidh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers camchuairt ar cheantar Mhaigh Eo thuaidh inniu. Tosóidh an chuairt amach ar maidin ar an Eachléim agus chríochnóidh sé suas in Acaill um thráthnóna.

 

Le linn an lae, tabharfaidh sé cuairt ar roinnt áiseanna agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá ag feidhmiú sa cheantar. Ina measc beidh, Teach Solais an Fhóid Dhuibh ar an Eachléim agus Coláiste Uisce, Ionad Cuan Eilí.

 

Osclóidh an tAire Stáit gteic@Acaill go hoifigiúil le linn a chuairte. Tá gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta – ag leathnú ar fud na Gaeltachta agus moil nuálaíochta á bhforbairt ag an Údarás chun áiseanna agus spásanna oibre le rochtain idirlín ardluais a chur ar fáil do chianoibrithe chun filleadh ar an nGaeltacht.

 

Forbraíodh an gteic seo trí chúnamh suntasach a cuireadh ar fáil ón RRDF.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:“Tá ríméad orm a bheith anseo in Acaill agus an mol gteic á oscailt inniu.  Is áis iontach é an mol digiteach don cheantar. Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontraithe na háite agus spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó gnó a bhunú ann.  Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachta nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcian obair.”

 

Mar chuid dá chuairt ar Acaill, fógróidh an tAire Stáit go bhfuil Plean Teanga Maigh Eo Thiar á cheadú aige faoin bpróiseas pleanála teanga. Is é Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla (CFÁA) an cheanneagraíocht phleanála teanga atá freagrach as ullmhú agus feidhmú an phlean don Limistéar. Bhunaigh siad coiste faoi leith: Coiste Gaeilge Acla chun an plean teanga a ullmhú.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:“Ba mhaith liom tréaslú le Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla - Ceanneagraíocht an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, le Coiste Gaeilge Acla agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do cheantar Mhaigh Eo Thiar. Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Mhaigh Eo Thiar do phobal an cheantair seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht.”

 

Cuirfear buiséad bliantúil suas le €100,000 ar fáil don cheanneagraíocht thar thréimhse 7 mbliana chun cabhrú le feidhmiú an phlean.

 

CRÍOCH

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán Chun díchlárú ó na ríomhphoist seo, brúigh ANSEO.

 

Nóta don eagarthóir

  • Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 23 plean ceadaithe go dtí seo - Maigh Eo Thiar an ceann is déanaí.

 

  • Tá 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta -  Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.

 

  • Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin

 

  • Tá 3 phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair - plean teanga Oileáin Árann, plean teanga Chléire, plean teanga Thrá Lí.

 

  • Tá 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.

 

  • Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.

 

  • Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as cabhrú le LPT Mhaigh Eo Thiar chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na limistéir eile atá lonnaithe sa Ghaeltacht.  Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le pleananna teanga lasmuigh den Ghaeltacht a chur chun feidhme.