Foilsithe ar 

Sheol na hAirí Foley, Harris agus O’Gorman OFI go 2030 — an 2a Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe

Sheol an tAire Oideachais Norma Foley TD, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, an dara Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe — OFI go dtí 2030 inniu, maille le Plean Cur Chun Feidhme a ghabhann leis go dtí 2026.

 

Is é is aidhm don Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe a áirithiú go bhfaighidh gach foghlaimeoir faoi 2030 an t-eolas agus na scileanna is gá chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear, i measc nithe eile, trí oideachas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe, cearta an duine, comhionannas inscne, cultúr síochána agus neamhfhoréigin a chur chun cinn, saoránacht dhomhanda, agus meas ar éagsúlacht chultúrtha agus ar rannchuidiú an chultúir leis an bhforbairt inbhuanaithe” (SDG 4.7).

 

Dúirt an tAire Foley:  “Tá an-áthas orm OFI go 2030 a sheoladh inniu le mo chomhghleacaithe Aireachta.

“Tá gach ceann de na trí Roinn a bhfuil oideachas faoina gcúram tiomanta do na cuspóirí atá leagtha amach in OFI go 2030 a bhaint amach. 

 

“Clúdaíonn OFI raon leathan réimsí agus tugann sé aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an mbithéagsúlacht, le cearta an duine, leis an tsíocháin agus leis an tsaoránacht, leis an mbochtaineacht, leis an gcuimsiú agus leis an gcomhionannas inscne gan ach beagán a lua.  Tugann OFI cumhacht do dhaoine leis na hinniúlachtaí chun an bealach a cheapann siad agus a n-oibríonn siad i dtreo todhchaí inbhuanaithe a athrú.  Dá bhrí sin, is féidir agus ní mór OFI a bheith ina ghné threorach den mhéid is féidir linn a dhéanamh, agus conas a dhéanaimid é san oideachas. Is féidir le OFI a bheith ina ghné threorach mhór den mhéid a dhéanaimid san oideachas agus ní mór é a bheith ina ghné mhór treorach. 

 

 

Dúirt an tAire Harris:  “Tá sé riachtanach go dtabharfaidh córas oideachais na hÉireann na scileanna, an t-eolas agus an spreagadh do chéimithe cleachtais inbhuanaithe a chur i bhfeidhm, ní hamháin dá gcuid oibre, ach dá saol laethúil. 

 

“Tá sé seo ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar an tionchar atá ag ár ngníomhartha ar ár bpobail agus ar an gcomhshaol, agus chun roghanna eolasacha a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí.

  

“Leis an bplean seo, cuirtear creat ar fáil chun an rannchuidiú atá á dhéanamh ag earnáil an oideachais a stiúradh agus chun tacú leis an méid sin agus leanfaidh sí de bheith ag iarraidh todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030, rud a chuirfidh ar ár gcumas dul i ngleic le cuid de na mórdhúshláin shochaíocha atá os ár gcomhair, amhail an t-athrú aeráide agus an neamhionannas.”

 

“Mar Aire freagrach as comhionannas agus lánpháirtiú, chomh maith le leanaí agus daoine óga, tá ríméad orm a bheith in ann an Straitéis nua seo a sheoladh le mo chomhghleacaithe Rialtais, rud a chuideoidh linn todhchaí níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos córa a chruthú.” 

 

Is sprioc ann féin é OFI faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Náisiúnta (4.7) agus aithnítear go forleathan é mar phríomhchumasóir chun gach ceann de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach.

 

Leagtar amach cúig phríomhréimse tosaíochta in OFI go 2030 i gcomhréir le Creat OFI go 2030:

 

  • Beartas a chur chun cinn:: Tá OFI leabaithe san oideachas agus i mbeartais agus creataí ábhartha eile mar chuid de chur chuige foghlama ar feadh an tsaoil.  
  • TTimpeallachtaí foghlama a athrú ó bhonn: Bíonn deiseanna ag foghlaimeoirí an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus na meonta is gá a fháil chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun taithí a fháil ar fhorbairt inbhuanaithe i mbun gnímh trí chur chuige institiúide uile i leith OFI.
  • Cumas Oideoirí a Fhorbairt: Tá na deiseanna ag oideoirí cumais a fhorbairt chun claochlú sochaíoch a chothú do thodhchaí inbhuanaithe, agus OFI comhtháite i dtairiscintí soláthraithe oideachais agus oiliúna.
  • Daoine óga a chumhachtú agus a shlógadh: Tacaítear le daoine óga le bheith ina ngníomhairí athraithe don fhorbairt inbhuanaithe.
  • Dlús a chur le gníomhaíochtaí ar leibhéal áitiúi: Tá comhoibriú feabhsaithe ann idir soláthraithe oideachais, údaráis áitiúla, pobail áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus fiontraíocht in OFI mar chuid den fhoghlaim ar feadh an tsaoil, i dtreo inbhuanaitheacht a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil.

 

Cuimsíonn an straitéis cur chuige foghlama ar feadh an tsaoil, a chuimsíonn an contanam ó fhoghlaim agus cúram na luath-óige go hoideachas agus taighde tríú leibhéal, agus a shíneann níos faide ná sin chun teagmháil a dhéanamh le pobail áitiúla, grúpaí óige agus fiontar. Tá Plean Cur Chun Feidhme 2022-2026 ag gabháil leis agus tá athbhreithniú eatramhach beartaithe don dara leath de 2026.

 

DEIREADH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Faoin gcéad Straitéis Náisiúnta do OFI 2014-2020, rinneadh dul chun cinn suntasach lena n-áirítear:

 

 

  • Curaclam agus Measúnú:  Rinneadh OFI a chomhtháthú sa churaclam ar fud gach leibhéal agus i bpróisis chigireachta agus dearbhaithe cáilíochta na scoile.

 

  • Oideachas Múinteoirí:  Comhtháthú OFI san oideachas tosaigh múinteoirí agus i gcláir forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí. 

 

  • Breisoideachas agus Ardoideachas agus Oiliúint: Méadú ar chláir bhreisoideachais agus ardoideachais agus oiliúna a bhaineann le OFI. Cuireadh maoiniú de EUR 2.1 m ar fáil d’institiúidí ardoideachais in 2018 chun OFI a chomhtháthú agus chun tacú leis.  Rinneadh OFI a ionchorprú i gCreat Feidhmíochta an Chórais Ardoideachais, 2018-2020.

 

  • Acmhainní Forbraíodh líon mór acmhainní oideolaíocha agus tá siad ar fáil ar líne anois  https://www.scoilnet.ie/esd/. Ina theannta sin, bailíodh agus rinneadh meastóireacht ar shonraí ó fhoinsí atá ann cheana, chomh maith le moil sonraí nua a chruthú.

 

  • Bonneagar Oideachais: Is príomhghnéithe den bhonneagar oideachais anois iad dearadh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh agus iarfheistiú.

 

  • Taighde: Tá méadú tagtha ar líon na dtaighde agus na dtaighdeoirí a bhfuil saineolas acu sna réimsí sin mar gheall ar ghlaonna ar mhaoiniú a dhíríonn ar na SDGanna agus ar an Inbhuanaitheacht. 

 

Tá OFI go 2030 agus Plean Cur Chun Feidhme ar fáil anseo:  https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/f3678-ofi-go-2030-plean-forfheidhmithe-20222026/

https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/d22ede-none/