Foilsithe ar 

Óstálann an tAire Séamus de Brúin Lá Náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh ag Páirc an Chrócaigh

Óstálfaidh Séamus de Brúin TD, Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, searmanas bliantúil inniu, an Chéadaoin an 7 Nollaig, chun Lá náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh a chomóradh. Seo é an deichiú bliain atá Lá na nDaoine ar Iarraidh á chomóradh.

 

Is é is Lá na nDaoine ar Iarraidh ann ná lá comórtha bliantúil ar ar féidir le baill teaghlaigh agus cairde teacht le chéile chun cuimhneamh ar na daoine muinteartha leo atá ar iarraidh. Chomh maith leis sin, soláthraíonn Lá na nDaoine ar Iarraidh ardán náisiúnta ónar féidir achainí a dhéanamh ar an bpobal faisnéis a thabhairt faoi dhaoine atá ar iarraidh.

 

Chun Lá náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh a chomóradh, óstálann an tAire searmanas comórtha gach bliain. Is gnéithe den searmanas iad aithisc ó bhéal ó bhaill teaghlaigh le daoine atá ar iarraidh, mar aon le hóráidí ón Aire, ó Choimisinéir an Gharda Síochána agus ó chainteoirí eile ar nós eagraíochtaí stáit agus deonacha, sainchleachtóirí agus acadóirí. I mbliana, is é Barry Cummins, Comhfhreagraí Slándála le Prime Time ar RTÉ, an duine atá ag cur an tsearmanais i láthair.

 

Is í an bhliain 2022 an chéad bhliain ina bhfuiltear ag cur an tsearmanais ar siúl i bpearsa an athuair, rud a gcuirtear fáilte roimhe, tar éis searmanais chomórtha ar líne a sholáthar sna blianta 2020 agus 2021 le linn phaindéim COVID-19. Tá an searmanas á chur ar siúl ag Páirc an Chrócaigh i mbliana. Craolfar an searmanas ar shruth beo freisin ar shuíomh Gréasáin na Roinne chun go mbeidh na daoine sin nach mbeidh in ann freastal ar an searmanas i bpearsa nó atá ina gcónaí thar lear in ann amharc ar an searmanas fós.

 

Ag labhairt dó roimh an searmanas, dúirt an tAire de Brúin:

 

“Dáta tábhachtach inár bhféilire náisiúnta is ea Lá náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh. Bíonn dhá chuspóir ag Lá na nDaoine ar Iarraidh: tugann searmanas Lá na nDaoine ar Iarraidh deis do na baill teaghlaigh agus na cairde le daoine ar iarraidh teacht le chéile chun a ndaoine muinteartha a chomóradh; ag an am céanna, gníomhaíonn Lá na nDaoine ar Iarraidh mar phointe fócais náisiúnta ríthábhachtach chun feasacht a mhúscailt ar na daoine ó Éirinn atá ar iarraidh.

 

Ba mhaith liom inniu na príomhtheachtaireachtaí a chuirimid chun cinn gach bliain a chur in iúl an athuair. Má bhíonn aon fhaisnéis agat, is cuma cé chomh neamhthábhachtach is atá sí de réir cosúlachta, mholfainn go mór duit teacht chun tosaigh agus an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis an nGarda Síochána. D’fhéadfadh aon fhaisnéis a thabharfaí rannchuidiú le cás duine ar iarraidh a réiteach.

 

Ba mhaith liom freisin na baill teaghlaigh le daoine ar iarraidh nach bhfuil sampla DNA tugtha acu fós smaoineamh ar dhéanamh amhlaidh. Cuirfear an sampla DNA uait i gcomparáid le samplaí atá á gcoimeád ar bhunachar sonraí DNA na hÉireann chun a sheiceáil an bhfuil a mhacasamhail de shampla DNA le fáil sa bhunachar sonraí cheana féin. Tá eolaithe fóiréinseacha ar fáil ag an searmanas inniu chun sampla DNA a thógáil uait, nó is féidir leat sampla DNA a sholáthar don Gharda Síochána. Tá bailiú samplaí DNA agus aimsiú macasamhlacha DNA ag rannchuidiú go mór le roinnt cásanna daoine ar iarraidh sa tír seo le blianta beaga anuas.”

 

Ag labhairt dó ar Lá Náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh, dúirt Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána:

 

“Tá dualgas ar an nGarda Síochána na fíorais faoi na daoine sin a chuaigh ar iarraidh in Éirinn a dhéanamh amach. Oibríonn Biúró an Gharda Síochána um Dhaoine ar Iarraidh agus Gardaí ar fud na tíre go dícheallach chun gach duine a théann ar iarraidh a aimsiú. Chun déanamh amhlaidh, is gá dúinn in amanna obair i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta póilíneachta amhail Europol agus Interpol.

 

“Le blianta beaga anuas, tá díriú comhchoiteann níos mó ag teacht ar a chinntiú go gcoinnítear teaghlaigh ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ar imscrúduithe. Is ag leathnú agus ag feabhsú freisin atá na huirlisí atá ar fáil dúinn chun cásanna daoine ar iarraidh a imscrúdú. Mar thoradh ar an dul chun cinn atá déanta ar Rianú DNA agus ar bhunachar sonraí DNA Náisiúnta um Dhaoine ar Iarraidh a bhunú, táimid i bhfad níos ábalta anois na daoine sin a théann ar iarraidh a shainaithint.

 

 “Molaimid d’aon duine ag a bhfuil faisnéis maidir le duine do dhul ar iarraidh, is cuma cé chomh neamhthábhachtach is atá an fhaisnéis sin de réir cosúlachta, teacht chun tosaigh agus labhairt le comhalta den Gharda Síochána.”

 

 

Dúirt an tAire de Brúin ina dhiaidh sin:

 

“Tá ríméad orm ar an gcomóradh bliana tábhachtach seo de Lá náisiúnta na hÉireann do Dhaoine ar Iarraidh treoir faisnéise a sheoladh do na baill teaghlaigh agus na cairde le daoine ar iarraidh. Tá sé mar aidhm leis an treoir daoine a threorú chuig faisnéis faoi ghníomhaireachtaí san earnáil ceartais agus faoin ról a imríonn siad i gcásanna daoine ar iarraidh. Tugtar faisnéis bhreise sa treoir freisin faoi eagraíochtaí eile Stáit, faoi eagraíochtaí tacaíochta agus faoi eagraíochtaí deonacha.

 

Lá comórtha uile-Éireann is ea Lá na nDaoine ar Iarraidh, agus tá áthas ar leith orm go labhróidh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ag an searmanas i mbliana den chéad uair riamh. Is mór ag an Roinn seo an tacaíocht atáimid ag fáil le fada an lá do Lá na nDaoine ar Iarraidh ó eagraíochtaí éagsúla i dTuaisceart Éireann.”

 

Dúirt an tAire mar fhocal scoir:

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a rannchuidigh leis an deichiú searmanas bliantúil i mbliana.  Gabhaim buíochas speisialta leis na baill teaghlaigh le daoine ar iarraidh a labhair ag an searmanas i mbliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le gach duine atá ag tacú le Lá na nDaoine ar Iarraidh ó uair a cheaptha i leith. A bhuí le bhur gcuid tacaíochta, beifear in ann Lá na nDaoine ar Iarraidh a fhorbairt thar na deich mbliana atá romhainn.”

 

Tosóidh an searmanas i mbliana ag 11.15 a.m. agus craolfar ar shruth beo é ag National Missing Person’s Day Ceremony 2022 - YouTube agus trínár gcainéil meán sóisialta (Twitter, Facebook agus YouTube). Chomh maith leis sin, beifear in ann amharc siar ar an searmanas ar shuíomh Gréasáin na Roinne tráth ar bith tar éis dheireadh na hócáide.

 

CRÍOCH../

 

Nótaí d’eagarthóirí:

 

An 4 Nollaig 2013, chuir Éire Lá náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh ar siúl den chéad uair riamh le searmanas comórtha a cuireadh ar siúl i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath. D’fhreastail na baill teaghlaigh agus na cairde le daoine ar iarraidh, mar aon le han-chuid de na heagraíochtaí a oibríonn sa phobal thar a gceann, ar an gcéad searmanas. Le linn an tsearmanais, thug daoine aithisc ómóis agus cuimhní cinn go pearsanta agus trí cheol sular cuireadh searmanas cuir crann ar siúl i dTeach Farmleigh.

 

Ar na daoine eile a d’fhreastail ar an ócáid bhí na daltaí dara leibhéal ó Choláiste an Dáibhisigh, Mala, Co. Chorcaí, a d’eagraigh feachtas chun feasacht a mhúscailt ar shaincheisteanna daoine ar iarraidh agus chun a iarraidh go mbunófaí Lá náisiúnta Daoine ar Iarraidh. I mbliana, seinnfidh na daltaí ó Choláiste an Dáibhisigh roinnt saothar ceoil chun comóradh deich mbliana an tsearmanais comórtha a cheiliúradh.

 

Forbraíodh Lá náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh ina fheachtas bliantúil i gcomhpháirt le roinnt eagraíochtaí. Beidh an searmanas i mbliana ar an gcéad searmanas a bheidh curtha ar siúl i bpearsa ó dheireadh phaindéim COVID-19 i leith.