Foilsithe ar 

Téann an tAire Martin ar aghaidh le dlí tábhachtach sábháilteachta ar líne chun rialtóir nua a bhunú

Tá an Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne á fhoilsiú ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, ag réiteach an bhealaigh d’eagraíocht mhaoirseachta nua chun seirbhísí ar líne a rialáil agus chun soláthar ábhar díobhálach a laghdú.

 

Tá an tAire Martin tar éis cead a fháil ón Rialtas anois chun Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne a earcú, a fheidhmeoidh mar rialtóir cumhachtach chun cur le cuntasacht san earnáil.

 

Bunóidh an Bille rialtóir nua, Coimisiún Meán il-duine a chuimseoidh an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne. Beidh an foras nua seo freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rialacháin nuashonraithe maidir le seirbhísí craoltóreachta agus físe ar éileamh agus an creat rialála nua maidir le sábháilteacht ar líne a chruthaíonn an Bille.

 

Beidh róil ag Coimisiún na Meán freisin maidir le cosaint leanaí, taighde, oideachas, inniúlacht sna meáin, tacaíochtaí iriseoireachta agus cruthaitheacha. Agus na róil seo á gcur i gcrích ag an gCoimisiún, tacóidh agus cuirfidh sé timpeallacht oscailte, iontaofa agus iolraíoch meán agus ar líne chun cinn.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Cor cinniúna atá sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne agus muid ag bogadh ó fhéinrialú chuig ré ina mbeidh ardáin freagrach as sábháilteacht ar líne agus cur chuige níos comhtháite maidir le rialáil meán closamhairc. Tá an-áthas orm an píosa suntasach reachtaíochta seo a fhoilsiú.

 

“Ceann de na gnéithe is tábhachtaí den Bhille ná go gcuireann sé rialtóir cumhachtach nua ar bun chun cur le cuntasacht san earnáil. Cuimseoidh Coimisiún na Meán Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne chun ní hamháin an reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm, ach reachtaíocht agus bearta breise chomh maith a thabharfar ar aghaidh ag leibhéal na hEorpa sna blianta atá romhainn.

 

“Gabhaim buíochas le Comhchoiste an Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, na hEalaíona, Spórt agus na Meáin as a dtuarascáil chuimsitheach grinnscrúdaithe réamh-reachtaíochta ar Scéim Ghinearálta an Bhille. Is mór an sásamh dom a rá go dtugtar aghaidh ar an gcuid is mó de na 33 moladh atá sa tuarascáil sa Bhille atá á fhoilsiú agam.

 

“Tá roinnt moltaí ann, lena n-áirítear moltaí maidir le córas gearáin aonair a sholáthar d’ábhar díobhálach ar líne, ar gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh orthu agus a bhfuil sé ar intinn agam aghaidh a thabhairt orthu trí leasuithe féideartha ar an mBille ag Céim an Choiste. Maidir leis seo, cuirfidh mé grúpa saineolaithe ar bun go luath chun tuairisc a thabhairt dom laistigh de 90 lá le moltaí faoin mbealach is fearr le tabhairt faoin gceist seo."

 

Sábháilteacht ar Líne

 

Beidh ról ag an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne maoirseacht a dhéanamh ar an gcreat rialála maidir le sábháilteacht ar líne. Mar chuid den chreat, ceapfaidh an Coimisinéir cóid sábháilteachta ar líne atá ina gceangail a leagfaidh amach conas a mheastar go bpléifidh seirbhísí rialaithe ar líne, lena n-áirítear seirbhísí áirithe meán sóisialta, le catagóirí sainithe áirithe d’ábhar díobhálach ar líne ar a n-ardáin. I measc na gcatagóirí sainithe d’ábhar díobhálach ar líne tá ábhar coiriúil, ábhar tromchúiseach cibearbhulaíochta agus ábhar a chuireann féindochar, féinmharú agus neamhoird itheacháin chun cinn.

 

Beidh raon cumhachtaí ag an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne chun comhlíonadh a chinntiú, lena n-áirítear an chumhacht chun soláthar eolais a éileamh agus chun oifigigh údaraithe a cheapadh chun imscrúduithe a dhéanamh. Mura gcomhlíontar cód sábháilteachta ar líne ábhartha, agus ag brath ar fhaomhadh cúirte, beidh sé de chumhacht ag Coimisiún na Meán seirbhísí ar líne neamhchomhlíontacha a cheadú, lena n-áirítear trí smachtbhannaí airgeadais suas le €20m nó 10% den láimhdeachas.

 

Rialú na Meán

 

Glacfaidh Coimisiún na Meán feidhmeanna reatha Údarás Craolacháin na hÉireann agus rialóidh sé craoltóirí teilifíse agus raidió. Beidh an Coimisiún freagrach as rialáil seirbhísí físe ar éileamh chomh maith. Leagfar amach na rialacháin a bhaineann leis na seirbhísí seo i gCóid agus Rialacha na Meán agus tabharfaidh siad aghaidh ar cheisteanna cosúil le caighdeáin clár, fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí, inrochtaineacht agus nithe eile.

 

Beidh cuóta nua 30% ann freisin d’Oibreacha Eorpacha i gcatalóga na seirbhísí físe ar éileamh. Tá cuóta 50% ann cheana d’Oibreacha Eorpacha d’am craolta do chraoltóirí teilifíse.

 

Scrúdú Réamhreachtach

 

Sa Bhille, pléitear leis an gcuid is mó de na 33 moladh ón gComhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, na hEalaíona, Spóirt agus na Meáin ina dtuarascáil grinnscrúdaithe réamhreachtaíochta ar Scéim Ghinearálta an Bhille. Cuimsíonn sé seo moltaí maidir le sainmhíniú níos fearr a dhéanamh ar ábhar díobhálach ar líne, riachtanais tuairiscithe do sheirbhísí ar líne, ról níos mó do Choimisiún na Meán san oideachas agus neamhspleáchas agus acmhainní an Choimisiúin.

 

Tá sé i gceist ag an Aire Martin aghaidh a thabhairt ar roinnt moltaí breise trí leasuithe féideartha ag Céim an Choiste. Cuimsíonn sé seo na moltaí chun soláthar chóras gearáin aonair d’ábhar díobhálach ar líne a chur san áireamh. Ardaíonn na moltaí seo roinnt ceisteanna casta praiticiúla agus dlí, lena n-áirítear inscálaitheacht, próis chuí agus tráthúlacht. D’fhonn a chinntiú go ndéantar na hábhair seo a mheas ina n-iomláine, tá sé beartaithe ag an Aire grúpa saineolaithe a bhunú a bhreithneoidh na ceisteanna seo agus dea-chleachtas rialtóirí eile. Cuirfidh an grúpa seo tuairisc faoi bhráid an Aire laistigh de 90 lá ina mbeidh moltaí maidir le conas dul i ngleic leis na ceisteanna seo.