Foilsithe ar 

TD Seoladh ar líne den scaoileadh is déanaí d’ábhar ó Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata (1916-1923) ag an Tánaiste agus an tAire Cosanta, an tUasal Micheál Martin, TD.

D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Cosanta, an tUasal Micheál Martin, TD inniu an scaoileadh is déanaí d’ábhar ó Bhailiúchán Pinsean (1916-1923) na Seirbhíse Míleata (BPSM) ar líne. Is é an scaoileadh taifead is déanaí seo an ceathrú scaoileadh déag d’ábhar faoin Tionscadal BPSM agus cuimsíonn sé os cionn 2,100 comhad a léiríonn taifid a bhaineann le 797 duine aonair. Is é seo an chéad scaoileadh ábhar i mbliana.

 

Feictear sa scaoileadh 416 iarratas a taisceadh faoi Acht na bPinsean Míleata 1934, agus 138 iarratas ar phinsin seirbhíse faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Iarratasóirí an tArm Náisiúnta). Ina theannta sin, taisceadh 169 iarratas breise ar phinsin/aiscí créachta agus 124 iarratas faoi na hAchtanna Arm-Phinsean (Liúntais Speisialta, créachta, míchumas agus cleithiúnaithe).

 

I measc na 797 duine a bhfuil a gcomhaid á scaoileadh, bhí seoladh ag 45 duine i dTuaisceart Éireann, 260 i mBaile Átha Cliath, 115 i gCorcaigh, 58 i gCiarraí, 35 i nGaillimh, 28 i nDún na nGall. Bhí seoladh ag 53 duine i Sasana, 62 i SAM, 12 in Albain, 2 i gCeanada, 1 san Astráil.

 

Ag cur san áireamh na sraithe comhad BPSM ar fad, tá breis agus 119,700 comhad catalógaithe anois agus tá timpeall 78,000 digitithe go hiomlán anois agus tá thart ar 2.5 milliún leathanach d’ábhar cartlainne ar fáil ar líne.

 

Maidir leis an scaoileadh is déanaí seo, dúirt an tAire “Tá an-áthas orm an scaoileadh is déanaí seo de thaifid stairiúla atá i mBailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata (1916-1923) a fhógairt. Cuireann an scaoileadh is déanaí seo de chomhaid leis an léargas luachmhar ar thaithí na ndaoine a bhí páirteach sa streachailt ar son neamhspleáchais. Mar gheall ar an bhfíric go bhfuil thart ar 2.5 milliún leathanach d'ábhar cartlainne ar fáil ar líne, cuireann sé deiseanna breise i láthair don phobal faisnéis a thaighde faoina sinsear agus a bpobal le linn na tréimhse roimh bhunú neamhspleáchais na hÉireann.”

 

Tá scaoileadh an ábhair ar fáil anois le féachaint ar www.militaryarchives.ie 

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Bunús agus raon feidhme:

Bhí na cartlanna a bhí i mBailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata tráth ina gcomhaid ghníomhacha riaracháin a gineadh trí reachtaíocht a d’achtaigh Saorstát Éireann nuabhunaithe ó Mheitheamh 1923. I gcoinníollacha iar-choinbhleachta, ceadaíodh gníomhartha dlí éagsúla chun comhaltaí eagraíochtaí áirithe agus a mbaintreach, a leanaí agus a gcleithiúnaithe a chúiteamh. Le himeacht ama, feabhsaíodh agus leathnaíodh an reachtaíocht chun níos mó seansaighdiúir a chuimsiú, lena n-áirítear baill Chumann na mBan.

 

Tá dhá shraith reachtaíochta ábhartha do Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata:

- Na hAchtanna Arm-Phinsean, ó 1923 go 1953: ag déileáil leis na rannpháirtithe créachtaithe agus cleithiúnaithe rannpháirtithe éagtha.

- Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924, 1934, 1949: ag déileáil leis na rannpháirtithe ar marthain a d'fhéadfadh seirbhís ghníomhach a léiriú.

Rinne Bord na nArm-Phinsean, Bord Measúnóirí measúnú ar iarratasóirí agus níos déanaí ag Réiteoir agus Coiste Comhairleach. Is toradh iad na comhaid ar an bpróiseas fíoraithe agus tá ábhar iontu a chuir na hiarratasóirí isteach maidir lena n-éilimh.

 

Tá foilseacháin BPSM “Treoir do Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata” agus treoir do “Thuairiscí Gníomhaíochta na Briogáide” ar fáil le híoslódáil ar shuíomh Gréasáin na Cartlainne Míleata www.militaryarchives.ie