Foilsithe ar 

Togra Nua chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i gCathair Bhaile Átha Cliath seolta ag an Aire Chambers

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D. go bhfuil maoiniú €325,000 ceadaithe aige do Chonradh na Gaeilge chun togra BÁC le Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt thar an tréimhse idir 2021 agus 2024. 

 

Is deis iontach í bunú BÁC le Gaeilge chun cur le húsáid na teanga i gcathair Bhaile Átha Cliath - áit a bhfuil pobal mór Gaeilge inti mar gheall ar an réimse leathan eagraíochtaí Gaeilge atá lonnaithe ann. Ina measc siúd, tá seirbhísí luathoideachais, gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, eagrais Gaeilge, dhá stáisiúin raidió a chraolann as Gaeilge, CLG na Gaeil Óga, cúrsaí thríú leibhéal i nGaeilge agus go leor eile.

 

Leag Conradh na Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, clár gníomhaíochtaí amach chun a chinntiú go mbeidh an teanga le cloisteáil agus le feiceáil níos mó timpeall chathair Bhaile Átha Cliath. Úsáidfear ard-oifig Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair mar lárionad tacaíochta do ghnólachtaí agus don phobal chun eolas a sholáthar faoi na seirbhísí atá ar fáil as Gaeilge agus iad a spreagadh leis na seirbhísí sin a úsáid.

 

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Tá áthas orm go bhfuil sé ar chumas mo Roinne maoiniú a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun BÁC le Gaeilge a bhunú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tionscadal seo chun an Ghaeilge a bheith beo beathach sa chathair, í a chur chun cinn san earnáil gnó agus aitheantas eacnamaíochta a thabhairt di. Tá sé go maith go mbeidh an obair seo déanta i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chomh maith.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Táimid an-bhuíoch don Aire Stáit Jack Chambers as an maoiniú fógartha aige inniu don tionscadal iontach tábhachtach Baile Átha Cliath le Gaeilge agus do chúnamh an Chomhairle Cathrach dó chomh maith. Tá borradh ag teacht ar an spéis sa teanga agus ar úsáid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirithe i measc daoine óga, agus tá BÁC le Gaeilge ann anois chun a chinntiú go mbeidh sí le feiceáil, le cloisteáil, agus in úsáid níos mó i ngnáthshaol na cathrach. I measc gníomhartha éagsúla a bheidh idir lámha ag BÁC le Gaeilge, cuirfear na buntáistí d’úsáid na Gaeilge os comhair lucht ghnó na cathrach agus agus meallfar iad le seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil amach anseo.”

 

Dúirt Alison Gilliland, Ardmhéara Cathair Bhaile Átha Cliath:

“Cuirim fáilte mhór roimh BÁC le Gaeilge. Is toradh díreach é maoiniú na Roinne ar a comhpháirtíocht le Fochoiste Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Molaim Cathaoirleach agus baill an Fhochoiste go mór as an dul chun cinn atá déanta le linn 2021. Tá áthas ar an gComhairle Cathrach an maoiniú a fógraíodh inniu a mhéadú agus táim ag tnúth le clár cuimsitheach cruthaitheach a thacaíonn le húsáid na Gaeilge sa Phríomhchathair.”

 

Creideann urlabhraí thar ceann Murphy’s Ice Cream, Niamh O’Kennedy, atá ag tacú le Baile Átha Cliath le Gaeilge, gur seoladh an tionscnamh  ag am maith:

“Tá méadú mór tagtha ar an spéis atá ag ár gcustaiméirí agus ár bhfoireann sa Ghaeilge. Ar an ábhar sin tá seans á thabhairt againn dár bhfoireann go léir freastal ar cheachtanna Gaeilge saor in aisce. Le tacaíocht ó eagraíochtaí ar nós Bhaile Átha Cliath le Gaeilge creidimid gur féidir le gach duine an Ghaeilge a úsáid agus taitneamh a bhaint aisti.”

 

Dúirt an comhlacht freisin go bhfuil sé beartaithe acu i mbliana níos mó Gaeilge a úsáid in ábhar margaíochta miondíola ar líne agus sa siopa.

 

Déanfar na gníomhartha seo a leanas mar chuid den tionscnamh BÁC le Gaeilge:

  • Gnólachtaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar chomharthaí, ar láithreáin ghréasáin, ar fhógraí agus ar bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna
  • Líonra Gaeilge a fhorbairt i measc gnólachtaí Bhaile Átha Cliath
  • Ceannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge a úsáid mar ionad eolais agus tacaíochta don phobal
  • Oibriú chun Ceathrú/Ceantar Gaeilge a fhorbairt agus oibriú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun plean teanga a fhorbairt don chathair amach anseo.

CRÍOCH