Foilsithe ar 

Treoirlínte COVID-19 d’earnáil na gColáistí Gaeilge seolta inniu ag Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta

I gcomhthéacs an chúraim atá ar an Roinn tacú le hearnáil na gColáistí Samhraidh agus ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh oiread is féidir ar na bunriachtanais a chaithfí a chomhlíonadh i gcás go mbeadh cúrsaí Gaeilge in ann dul ar aghaidh an samhradh seo, tá Treoirlínte COVID-19 d’earnáil na gColáistí Gaeilge seolta inniu ag Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta.

 

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:

 

“Tá mé ag súil go mór le dul i gcomhairle leis na teaghlaigh agus ionadaithe na gcoláistí sna laethanta seo romhainn chun a gcuid tuairimí a fháil ar na treoirlínte seo, agus oibriú le chéile chun gach duine a choinneáil slán sábháilte agus chun inmharthanacht na hearnála tábhachta seo a chinntiú do na míonna agus na blianta amach romhainn.”

 

Is ar lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge agus ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh atá na treoirlínte dírithe.

 

In éindí le fáil a bheith orthu ar shuíomh na Roinne anseo seolfar cóip díobh inniu chomh maith chuig gach teaghlach atá cláraithe faoi scéim na Roinne, chuig lucht stiúrtha gach coláiste Gaeilge atá aitheanta faoin gcóras agus chuig scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh CONCOS.

 

D’fhostaigh an Roinn comhairleoirí sláinte agus sábháilteachta chun na treoirlínte a chur i dtoll a chéile agus tagann siad lena bhfuil leagtha amach amach i bPlean 5 Leibhéal an Rialtais: Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 – An Bóthar Amach Romhainn.

 

Faoi réir coinníollacha faoi leith, seo a leanas léargas ar na himpleachtaí a bheadh ann do theaghlaigh mar a bhaineann sé leis an líon is mó scoláirí a bheadh siad in ann a choinneáil ar iostas dá mba rud é go raibh cúrsaí in ann dul ar aghaidh ar an gcéad dul síos:

 

Leibhéal 1: bheadh cead ag scoláirí ó 3 theaghlach difriúil fanacht ar iostas

Leibhéal 2: bheadh cead ag scoláirí ó suas le 3 theaghlach difriúil fanacht ar iostas

Leibhéal 3, 4 agus 5: ní bheadh cead ag scoláire ar bith fanacht ar iostas.

Ós rud é go dtagann na treoirlínte seo faoi réir pé rialacháin agus comhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm ag aon am faoi leith, aithnítear go bhféádfadh athruithe teacht orthu le linn an ama. Is dréacht-cháipéis bheo í dá réir.

 

Ar mhaithe le tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil ó theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil faoin gcóras tá an tAire Stáit Chambers ag tabhairt cuireadh inniu do gach coláiste Gaeilge a aithnítear faoin gcóras teaghlach amháin dá gcuid a ainmniú chun freastal ar chruinniú ar líne leis féin agus le feidhmeannaigh na Roinne ar Dé hAoine 23 Aibreán.

 

Ina theannta sin tá cuireadh á thabhairt do pháirtithe leasmhara a dtuairimí faoi na treoirlínte a roinnt i scríbhinn leis an Roinn trí r-phost a chur chuig: colaistigaeilge@tcagsm.gov.ie tráth nach déanaí 27 Aibreán 2021

 

Reáchtálfar cruinniú faoi leith faoin ábhar le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS ar an Luan 26 Aibreán.

 

Críoch