Foilsithe ar 

Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail don bhliain 2021 foilsithe ag an Aire Humphreys

Tá Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail do 2021 foilsithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (an 12ú, Lúnasa 2022).

Tugtar forléargas cuimsitheach sa tuarascáil ar réimse leathan beartas, clár agus tionscnamh a forbraíodh agus a cuireadh i gcrích laistigh den Roinn in 2021.

Áirítear ar roinnt de na príomhphointí dá dtagraítear sa Tuarascáil:

  • Rinne an Roinn maoirseacht maidir le caiteachas níos mó ná €344 milliún i rith na bliana 2021.
  • Rinneadh infheistíocht €169 milliún sa Chlár Infheistíochta maidir le Forbairt Tuaithe, lena n-áirítear Clár LEADER, Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte, an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil, an Scéim Bonneagair don Chaitheamh Aimsire Faoin Aer agus CLÁR.
  • Cuireadh €171 milliún ar fáil don phobal faoi chláir éagsúla, ina measc an Clár Cuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtúcháin Pobail (SICAP), an Clár Seirbhísí Pobail, an Scéim Foláirimh do Dhaoine Aosta, forbairt leabharlainne agus tacaíochtaí eile don earnáil Pobail agus Deonach.
  • Faoin gCiste Cobhsaíochta COVID-19 le tacaíocht ó Chistí na gCuntas Díomhaoin, bhíothas ábalta seirbhísí barrthábhachtacha a chur ar fáil do dhreamanna leochaileacha i rith na paindéime, de bharr maoiniú ar fiú €7 milliún é.
  • Leanadh le Ciste Athghiniúna agus Forbartha na Tuaithe a fheidhmiú i rith 2021 agus ceadaíodh cistí €84.5 milliún do 25 togra.
  • I mí an Mhárta 2021, foilsíodh "Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann", Beartas Forbartha Tuaithe an Rialtais 2021-2025. Leis an mbeartas seo cuirtear treoirphlean ar fáil don fhorbairt agus don infheistíocht inbhuanaithe i gceantair tuaithe na hÉireann i gcaitheamh cúig bliana go dtí 2025.
  • 40,897 seoladh báid farantóireachta paisinéirí ar a iompair 407,051 paisinéir chuig na hoileáin amach ó chósta na hÉireann Iompraíodh breis agus 38,000 tona ábhar i seirbhísí lasta le linn na tréimhse céanna.
  • Leanadh ar aghaidh leis an mBeartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta a chur i bhfeidhm chomh maith leis an straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn (Pobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha, Chumhachtaithe). 

 

Ag tagairt di d'fhoilsiú na tuarascála bliantúla, dúirt an tAire Humphreys:

 

“Le linn na Paindéime, leanadh ar aghaidh leis an obair ríthábhachtach a rinne an Roinn chun tacú le pobail ar fud na tíre, lena chinntiú gur leanadh de sheirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha.

 

Ábhar mórtais dom na tionchair dhearfacha atá ag cláir agus ag scéimeanna na Roinne i mbailte agus i sráidbhailte a fheiceáil.   

 

Is mian liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Joe O’Brien, as a chuid díograise i rith na bliana 2021 agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhúthracht agus d’ionchur sárluachmhar an lucht foirne agus an lucht bainistíochta sa Roinn, go háirithe ag tráth a raibh deacrachtaí móra á gcur rompu.

 

Tá an Roinn seo ar cheann de na Ranna is nuabhunaithe sa Rialtas.

 

Mar sin féin, trí scéimeanna agus trí chláir éagsúla na Roinne, chomh maith le beartas forbartha tuaithe nua na Roinne, ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’, táimid ag cur beocht arís i bpobail thuaithe agus ag déanamh áiteanna níos deise le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu agus le clann a thógáil iontu de Cheantair Thuaithe na hÉireann.”

 

Is féidir Tuarascáil Bhliantúil na Roinne a fháil anseo

 

CRÍOCH