Foilsithe ar 

Tugann an Rialtas tús áite do chuimsiú pobail trí shíneadh 5 bliana a chur le hÉire Ildánach.

An tseachtain seo, d'fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. roimh thacaíocht an Rialtais dá moladh chun síneadh a chur le Clár Éire Ildánach go 2027. In éineacht le cláir oibre seanbhunaithe i bPobail Chruthaitheacha agus in Óige Ildánach, saothrófar tosaíochtaí nua sna hEarnálacha Cruthaitheacha, sa tSláinte agus san Fholláine Chruthaitheach, sa Ghníomhaíocht ar son na hAeráide agus san Inbhuanaitheacht Shóisialta. Forbróidh mórghné Oileán Comhroinnte freisin sa Chlár le tacaíocht ó Roinn an Taoisigh. Cheadaigh an Rialtas an síneadh an tseachtain seo.

 

In 2017 seoladh Clár Éire Ildánach mar thionscnamh cultúir agus folláine uile-rialtais atá tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine in Éirinn a gcumas cruthaitheach a bhaint amach.

 

Ó shin i leith cruthaíodh na mílte deiseanna chun éiceachóras cruthaitheachta a spreagadh. Baineadh é seo amach trí chomhpháirtíochtaí láidre a thógáil idir an rialtas láir agus an rialtas áitiúil, ealaíontóirí agus an pobal cruthaitheach níos leithne agus go príomha na pobail ar fad inar seachadadh na tionscadail.

 

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Leanfaidh mo Roinnse lena cuid oibre le comhpháirtithe ar fud an rialtais láir agus áitiúil, trí Chlár Éire Ildánach, chun cumhacht na cruthaitheachta a úsáid chun tacú le folláine i ngach pobal. Cé go raibh fonn orm go gcoinneodh Éire Ildánach a tosaíochtaí maidir le daoine óga, pobail áitiúla agus deiseanna do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste, tá lúcháir orm gur aontaigh an Rialtas béim níos mó a chur ar shláinte agus ar fholláine, ar ár n-earnálacha cruthaitheacha, ar ghníomhú ar son na haeráide, agus ar inbhuanaitheacht shóisialta. Tá fonn ar leith orm, tríd an gclár seo, cur leis na deiseanna do rannpháirtíocht chruthaitheach na ndaoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste.”

 

Trí Éire Ildánach, leag an rialtas béim ar ról tacaíochta an chultúir agus na cruthaitheachta i bpolasaithe maidir le hoideachas, sláinte agus folláine, nuálaíocht, caidrimh idirnáisiúnta, forbairt áitiúil inbhuanaithe agus tacaíocht mhéadaithe do na tionscail chruthaitheacha.

 

Le cúig bliana anuas tháinig Clár Éire Ildánach chun cinn mar chreat dearfach don athrú. Chuir breis is 7,500 tionscnamh cruthaitheach faoi stiúir an phobail ar fud na tíre rannpháirtíocht, cuimsiú agus léiriú cultúrtha chun cinn. Ina measc seo tá tionscnaimh ar nós Cruinniú na nÓg, a thugann deis do na mílte páiste Éireannach iad féin a chur in iúl go cruthaitheach.

 

Tá Éire Ildánach i gceannas ar fhorbairt bheartais trí thacú le comhdhálacha ina bhfuil smaointe nua maidir le ról na cruthaitheachta in oideachas agus i saolta daoine óga, pléitear ról an chultúir inár gcóras cúram sláinte, agus an ról atá ag dearadh seirbhíse ar fud na seirbhíse poiblí.

 

I measc bhuaicphointí an chláir, tá:

 

Seoladh Cruinniú na nÓg in 2017. Is príomhimeacht anois é i saol cultúrtha dhaoine óga na hÉireann agus is é an t-aon imeacht dá leithéid ar domhan. In 2022 ghlac breis agus 101,000 duine óg páirt in 1,690 imeacht cultúrtha saor in aisce faoi stiúir níos mó ná 1,200 cleachtóir cruthaitheach. Thug na himeachtaí seo deis do dhaoine óga triail a bhaint as rud éigin nua agus a gcumas cruthaitheach féin a léiriú.

 

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide.Sa tionscnamh uathúil seo tugtar scileanna agus saineolas an phobail chruthaithigh, gníomhaithe aeráide, eagraíochtaí neamhrialtasacha, scoláirí, eagraíochtaí rialtais áitiúil agus pobail le chéile chun tionscadail a chruthú ina n-ardófar feasacht agus ina n-athrófar na hiompraíochtaí a chuidigh le géarchéim na haeráide a dhéanamh níos measa. Seoladh an dara ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide le tacaíocht airgeadais ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Roinn an Taoisigh.

 

Mar fhreagra ar an iargúltacht a mothaíodh mar gheall ar an dianghlásáil in 2020, d’oibrigh Clár Éire Ildánach le Mobile Music Machine chun áthas agus fuinneamh an cheoil bheo a thabhairt chuig tithe cúraim agus suíomhanna ospidéil ar fud na tíre. Ag taisteal gan staonadh le linn na géarchéime, sheachaid Mobile Music Machine breis agus 1650 ceolchoirm i dtithe altranais agus cúraim le breis agus 100 ceoltóir in 23 contae.

 

In 2022 chruthaigh an clár sé thionscadal chruthaitheacha Oileán Comhroinnte chun leas a bhaint as cumhacht na cruthaitheachta cultúrtha chun pobail a thabhairt le chéile agus chun ár bhféiniúlacht chomhroinnte a neartú. Tá an Rialtas tiomanta go hiomlán anois don tionscadal le caiteachas réamh-mheasta de €6 mhilliún thar trí bliana.

 

Tá Clár Éire Ildánach á stiúradh ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Dearadh é chun cruthaitheacht a chur chun cinn mar straitéis le haghaidh folláine, comhtháthú sóisialta agus rathúlacht eacnamaíoch. Is é a phríomh-mholadh ná go gcuireann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin chun cinn. Déanann an Roinn a dícheall trí Éire Ildánach tuiscint ar luach na cruthaitheachta de gach cineál a chur chun cinn agus cruthaitheacht a neadú i mbeartas poiblí.

 

Físeáin Seolta

 

CRÍOCH