Foilsithe ar 

Uaslíon 16 scoláire i dtithe lóistín na gcoláistí Gaeilge ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le córas na gcoláistí Gaeilge tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan inniu, Dé hAoine 10 Márta, go bhfuil cead feasta ag tithe lóistín atá cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge na Roinne uaslíon 16 scoláire a bheith ar iostas acu ach an spás a bheith acu. Is uaslíon 12 scoláire a bhí i bhfeidhm faoin scéim ó 2014 i leith. Tagann an t-athrú seo i bhfeidhm láithreach.

 

Fágfaidh sé seo go bhféadfadh ioncam breise ar fiú €3,168 in aghaidh na bliana a bheidh á shaothrú ag tithe lóistín faoi scéim na Roinne – gan an táille a íocann na coláistí iad féín leis na tithe a bheith san áireamh (4 scoláire breise x 22 oíche x €12 x 3 chúrsa an tsamhraidh).

 

Tagann an beart seo sna sála ar thacaíochtaí eile atá ceadaithe ag an Roinn ar leas na gcoláistí Gaeilge le bliain anuas; In éindí le hardú beagnach 20% a bheith ceadaithe ag an Roinn ar an deontas laethúil atá iníoctha faoi scéim na Roinne le lucht lóistín na gcoláistí Gaeilge d’fhógair an Roinn ardú ó €2,000 go dtí €6,000 ar an deontas tosaithe aon-uaire atá ar fáil do theaghlaigh a chláraíonn faoin scéim den chéad uair nó a athchláraíonn faoin scéim tar éis tréimhse nach lú ná cúig bliana.

 

Dúirt an tAire Stáit O'Donovan:

 

 "Is cúis áthais dom a bheith ábalta an beart praiticiúil seo a cheadú ar leas theaghlaigh na scéime agus chóras na gcoláistí Gaeilge araon. Ní amháin go gcuirfidh an t-athrú seo ar chumas tithe cáilithe na scéime breis ioncaim a fháil as a bheith ag cur lóistín breise ar fáil, ach cabhróidh sé chomh maith leis na coláistí iad féin. De thoradh seo beidh tithe agus coláistí araon in ann deiseanna breise a chur ar fáil d’aos óg na tíre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge i bhfearann dúchais na teanga, an Ghaeltacht – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta ar ndóigh."

 

Críoch

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 01 6437610 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Suíomh gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

 

Nóta don Eagarthóir:

 

Seo a leanas na príomhchoinníollacha cóiríochta a bhaineann le Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge:

  •  ní foláir 8.5 méadar ciúbach spáis urláir in aghaidh an scoláire a bheith ar fáil sna seomraí codlata agus ní féidir níos lú ná beirt nó níos mó ná seisear a bheith in aon seomra faoi leith;
  • Is gá báisín lámha do gach seisear sa teach (muintir an tí san áireamh), leithreas agus cithfholcadán do gach deichniúr sa teach (muintir an tí san áireamh)

I gcás teaghlaigh atá cláraithe cheana faoin scéim agus atá ag iarraidh glacadh le tuilleadh scoláirí faoin mbeart seo, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh leis na coláistí lena mbaineann siad mar chéad chéim.

I gcás teaghlaigh atá ag iarraidh clárú faoin scéim den chéad uair beidh siad in ann teagmháil a dhéanamh ar bhonn díreach leis an Roinn mar is iondúil.

Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil anseo