Tuarascáil Bhliantúil 2020 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail á foilsiú ag an Aire Humphreys

• Rinneadh beart maidir le riachtanais breise an phobail i rith Phaindéim COVID-19 le cúnamh díreach ón Roinn
D'fhoilsigh Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail i leith na bliana 2020 inniu (11 Lúnasa).
Tugtar forléargas cuimsitheach sa tuarascáil ar réimse leathan de pholasaithe, de chláir agus de thionscnaimh a tugadh chun cinn agus a cuireadh i gcrích sa Roinn i rith na bliana 2020.
Is suntasach an cur isteach a bhí ag paindéim COVID-19 ar shaoránaigh uile phobal na hÉireann.
Mar gheall air sin, chuir an Roinn cistíocht ar fáil do phobal chomharsanachtaí ar fud na hÉireann an tráth céanna ar coinníodh cúnamh agus seirbhísí buntábhachtacha ar bun.
Áirítear ar bhearta tábhachtacha na bliana 2020 an Ciste Cobhsaíochta COVID-19 dar luach €45 milliún.
Tugadh cúnamh leis an gCiste seo do na céadta grúpaí deonacha agus pobail, do charthanais agus d'fhiontair shóisialta, ionas go bhféadfaidís leanúint de sheirbhísí buntábhachtacha a chur ar fáil do dhreamanna leochaileacha i rith na Paindéime.
Rinneadh infheistíocht bhreise i rith na bliana 2020 freisin le Ciste Athghiniúna agus Forbartha na Tuaithe (RRDF).
Ceadaíodh cistíocht dar luach iomlán €168 milliún maidir le 139 togra i rith na bliana.
Rinneadh infheistíocht €152 milliún a infheistiú chomh maith tríd an gClár Infheistíochta maidir le Forbairt Tuaithe, lena n-áirítear an Clár LEADER, Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte, an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil, an Scéim Bonneagair don Chaitheamh Aimsire Faoin Aer agus CLÁR.
B'ionann an caiteachas iomlán faoin gclár LEADER i rith na bliana 2020 agus €45.4 milliún.
Ceadaíodh cistí €15.7 milliún i ndáil le 226 togra faoin Scéim Bonneagair don Chaitheamh Aimsire Faoin Aer agus níos mó ná €25 milliún i ndáil le 500 togra faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte.
Lean an Roinn de chláir a chur i bhfeidhm d'fhonn cuidiú le forbairt pobail ar fud na tíre. Cuireadh cistíocht €7 milliún ar fáil faoin gClár Feabhsúcháin Poiblí maidir le tograí ar fud na tíre ionas go bhféadfadh grúpaí pobail feabhas a chur ar áiseanna i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Tugadh cúnamh breise freisin d'eagraíochtaí áitiúla agus do dhaoine leochaileacha le cláir forbartha pobail, mar shampla an Clár Cuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtúcháin Pobail (SICAP).
Maidir le cúrsaí beartais, d'fhoilsigh an Roinn an Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021 - 2025 i mí na Nollag a bhfuil de chuspóir leis aird a thabhairt ar an bhfiúntas agus ar an gcion tairbhe a dhéanann oibrithe deonacha do phobal na hÉireann, bonn treise a chur faoi agus é a chothú. Rinneadh obair shuntasach freisin i ndáil leis an mBeartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta a chur i bhfeidhm chomh maith leis an straitéis cúig bhliana chun treisiú leis an earnáil pobail agus deonach in Éirinn (Pobal Inbhuanaithe, Cuimsitheach, Cumasach).
Rinneadh dul chun cinn suntasach i rith na bliana 2020 maidir leis an gcéad chéim eile den bheartas náisiúnta maidir le forbairt na tuaithe a leagan amach.
Rinneadh fairsingiú freisin ar réimsí beartais na Roinne nuair a leagadh cúram maidir leis na hoileáin uirthi ar an Rialtas nua a bhunú sa bhliain 2020. Rinneadh obair mhór maidir leis an mbeartas náisiúnta maidir leis na hoileáin a thabhairt chun cinn i rith na bliana 2020.

Ag tagairt di d'fhoilsiú na tuarascála bliantúla, dúirt an tAire Humphreys:
“Tarraingíodh deacrachtaí móra don uile dhuine den phobal leis an bpaindéim. Bhí tábhacht ar leith le hobair na Roinne i rith na bliana 2020 d'fhonn treisiú leis an bpobal agus a chinntiú go leanfaí ag cur seirbhísí cinniúnacha ar fáil do ghrúpaí leochaileacha.
“Ábhar mórtais dom an tionchar sochrach atá ag cláir agus ag scéimeanna na Roinne ar fud na tíre ar fad.
“De réir mar a thagaimid ón bPaindéim seo, is den bhuntábhacht go leantar ag treisiú leis an bpobal agus ag cuidiú le háit chónaithe níos fearr, áit oibre níos fearr agus áit níos fearr le clann a thógáil ann a dhéanamh as ceantair thuaithe na hÉireann.”
“Is mian liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Joe O’Brien, as a chuid díograise i rith na bliana 2020 agus dúthracht agus cion mór tairbhe an lucht foirne agus an lucht bainistíochta sa Roinn a admháil, go háirithe tráth a raibh deacrachtaí móra á gcur rompu.”
Tá Tuarascáil Bhliantúil na Roinne, arna fhoilsiú go dátheangach, ar fáil: anseo.

CRÍOCH
Comhfhreagras:
Oifig Preasa na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail
076-1006843 / 087-1734633
Press.office@drcd.gov.ie

Nótaí don Eagarthóir:
• Baineann an Tuarascáil Bhliantúil leis an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2020.
• Tugtar achoimre sa tuarascáil ar phríomhghéithe obair na Roinne agus forléargas cuimsitheach maidir le polasaithe, cláir agus tionscnaimh a cuireadh i gcrích i rith na bliana 2020.
• Áirítear ar roinnt de na príomhphointí dá dtagraítear sa Tuarascáil:
o Rinne an Roinn maoirseacht maidir le caiteachas níos mó ná €359 milliún i rith na bliana 2020.
o Rinneadh infheistíocht €152 milliún sa Chlár Infheistíochta maidir le Forbairt Tuaithe, lena n-áirítear an Clár LEADER, Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte, an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil, an Scéim Bonneagair don Chaitheamh Aimsire Faoin Aer agus CLÁR.
o Cuireadh €202 milliún ar fáil don phobal faoi chláir éagsúla, ina measc an Clár Cuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtúcháin Pobail (SICAP), an Clár Seirbhísí Pobail, an Scéim Foláirimh do Dhaoine Aosta, forbairt leabharlainne agus bearta cúnta eile don earnáil Pobail agus Deonach.
o Faoin gCiste Cobhsaíochta COVID-19 dar luach €45 milliún, a raibh bonn treise á chur faoi le Cistí na gCuntas Díomhaoin, bhíothas ábalta seirbhísí barrthábhachtacha a chur ar fáil do dhreamanna leochaileacha i rith na paindéime.
o Leanadh le Ciste Athghiniúna agus Forbartha na Tuaithe a fheidhmiú i rith na bliana 2020 agus ceadaíodh cistí €168 milliún maidir le 139 togra.
o Foilsíodh An Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021 – 2025, an chéad straitéis den chineál sin.