Foilsithe ar 

Óráid an Taoisigh, Sraith Cheannaireachta don Óige Chistí na hÉireann, Dé Máirt

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

A dhaoine uaisle, a chairde, is mór an onóir dom a bheith anseo tráthnóna agus a bheith roghnaithe chun píosa cainte a thabhairt ag sraith na gCeannairí Domhanda.

Míle buíochas do Ryan as cathaoirleacht a dhéanamh ar an imeacht anocht. Ní raibh drogall ort riamh, Ryan, dul sa bhearna bhaoil ar mhaithe leis an tsochaí a fheabhsú, agus is mian liom buíochas a ghabháil leat as an méid sin.

Chomh maith leis sin, is mian liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag an Oirmhinneach Bill Shaw, laoch ciúin a chabhraigh lenár saol a athrú ar bhealaí go leor, go háirithe trí scileanna ceannaireachta a fhorbairt. Go raibh maith agat Bill.

Is maith a thuigimid an luach a bhaineann leis an obair atá ar bun ag Cistí na hÉireann, ag cothú nasc idir pobail agus ag soláthar deiseanna.

Cosúil le cuid agaibhse, bhain mise tairbhe as Clár na hÉireann-Washington, beagnach 20 bliain ó shin. D’fhoghlaim mé go leor fúm féin agus faoi dhaoine eile de thoradh an chláir.


Inniu, táim ag filleadh ar Washington mar Thaoiseach.

Nuair a thug mé cuairt ar Chnoc an Chaipeatóil i mí Márta, thairg an Spéicéir Pelosi duine dá cúntóirí a chur ar fáil chun mé a thabhairt ar thuras mórthimpeall an fhoirgnimh.

Seo a leanas a dúirt mé léi:

‘A Spéicéir, chaith mise tamall i mbun daoine a thabhairt ar an turas sin’.

Uaireanta, tugtar eolaíocht an uile ní agus ealaín an ní dodhéanta ar an bpolaitíocht. Agus tá sé sin fíor. Nuair is polaiteoir thú, ní mór duit a chreidiúint go bhfuil an ní dodhéanta indéanta. Thit Balla Bheirlín. Cloíodh an Chinedheighilt. Agus tagann náisiúin nua ar an saol.

Uaireanta, bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil na dúshláin romhainn – i dTuaisceart Éireann, ar ár n-oileán, ar ár bpláinéad – ollmhór agus dosháraithe.

Ní féidir linn brath ar dhaoine eile chun gach rud a réiteach dúinn.

Táimid ar fad freagrach as an gcineál sochaí a bhfuilimid ag maireachtáil inti, an cineál tíre atá againn. Is orainne atá an fhreagracht a chinntiú go léiríonn ár sochaí ár ndóchas, ár n-aislingí agus ár luachanna.

Tagann deireadh le haislingí sa dorchadas. Cuireann neamhshuim deireadh leo, daoine nach bhfuil spéis acu iontu, daoine a ghéilleann, daoine a fhágann cinntí faoi dhaoine eile go dtí go mbíonn sé ródheireanach.


Is ionann daonlathas agus saoirse, ach baineann freagrachtaí leis chomh maith. Ciallaíonn sé mura dtaitníonn rud éigin leat, nach féidir leat a bheith ag súil go n-athróidh duine éigin eile an méid sin duit. Caithfidh tú labhairt amach - caithfidh tú labhairt amach - caithfidh tú vóta a chaitheamh.

Agus murar mian leat vóta a chaitheamh do dhuine éigin, b’fhéidir go mbeidh ort féin seasamh i dtoghchán.

Uaireanta, bíonn drogall ar dhaoine dul san iomaíocht. Síleann siad nach bhfuil siad sách cliste, nó sách maith, nó síleann siad go ndéanfaidh daoine eile jab níos fearr, agus ansin bíonn aiféala orthu.

Is cuimhin liom an chéad uair a sheas mé i dtoghchán. Níor éirigh liom.

Toghchán don chomhairle áitiúil a bhí ann agus fuair mé 380 vóta – ceann de na vótaí is ísle sa tír do mo pháirtí féin. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air sin.

É sin ráite, d’fhoghlaim mé níos mó ón bhfeachtas sin agus ó chailleadh ná mar a d’fhoghlaim mé ó aon toghchán ina dhiaidh sin inár éirigh liom.

Sheas mé arís cúig bliana ina dhiaidh sin agus fuair mé 5,000 vóta, ceann de na vótaí is airde sa tír.

Ní haon chúis náire é nuair nach n-éiríonn leat, fad is go bhfoghlaimíonn tú ón méid a tharla.

Teip, ach bí ag breathnú romhat i gcónaí.

Is ionann géilleadh agus teip cheart. Is ionann teip agus a rá go mbaineann fadhb le duine éigin eile.


Tá an iomarca den chineál sin teipeanna ag tarlú ar ár nOileán féin. Tá sé in am anois smaoineamh ar bhealach nua agus níos mó féinmhuiníne a bheith againn asainn féin.

Bhí mé sásta dul sa bhearna bhaoil i mo shaol oibre agus tá botúin déanta agam. D’fhoghlaim mé ó na botúin sin, agus sílim gur chabhraigh siad liom a bheith i mo pholaiteoir níos fearr.

Cuid bhunúsach den cheannaireacht iad na rioscaí tomhaiste.

Dá réir sin, is mian liom trí cheacht a d’fhoghlaim mé faoin bpolaitíocht i rith mo shaoil pholaitiúil a roinnt libh, agus go háirithe le linn an dá bhliain atá caite agam mar Thaoiseach.

An chéad rud, caithfidh tú a chreidiúint go bhfuil an ní dodhéanta indéanta. Gach uair a thagann smaoineamh nua chun tosaigh tá duine éigin a deir: ní féidir linn é sin a dhéanamh, bheadh sé ródheacair, cosnóidh sé an iomarca, ní chloífidh tú leis, tá sé dodhéanta.

Uaireanta bíonn an ceart acu, ach ní bhíonn, níos minice ná a mhalairt.

Tá gach rud dodhéanta, go dtí go dtarlaíonn sé den chéad uair.

Nuair a shroich an Seanadóir George Mitchell Tuaisceart Éireann sna 1990idí cuireadh fáilte roimhe. Ghabh daoine a casadh air ar an tsráid buíochas leis as iarracht a dhéanamh cabhair a thabhairt.

Ach bhí daoine ann a dúirt leis go raibh sé ag cur a chuid ama amú freisin. Dúirt siad: ‘tá ár bpobal féin ag marú a chéile leis na céadta bliain, agus leanfaimid ar aghaidh ag marú a chéile go deo’.

Ba é an tsíocháin, i ndiaidh 700 bliain, an aisling dhofhaighte.

Ach tharla sé.


Nuair a bhí mise ag fás aníos, áit dhifriúil ba ea Éire. Bhí an colscaradh míbhunreachtúil, bhí an homaighnéasacht mídhleathach, ní raibh mórán post cumhachta nó saibhris ag mná, agus ní raibh mórán fáilte á cur roimh dhaoine a raibh cuma dhifriúil orthu, nó a raibh modh smaointeoireachta difriúil acu i gcomparáid le formhór an phobail.

Ní raibh ballaí sofheicthe idir ár bpobail, ach bhí siad ann mar sin féin.

Ní bheadh glacadh ar bith liomsa in Éirinn.

Tharla athrú, ní mar gheall ar dhuine amháin, ach mar gheall ar ghlúnta nua a bhí meáite ar rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil. Osclaíodh intinní a bhí dúnta de réir mar a roinn daoine a n-eispéiris agus a scéalta.

Cruthaíodh naisc idir na glúnta agus trasna na tíre, idir ceantair uirbeacha agus thuaithe.

Thugamar léargas ionraic orainn féin, ar ár ndifríochtaí, ar ár dteipeanna agus ar ár lochtanna.

Agus thugamar faoi deara go raibh ár gcomhbhá níos láidre ná ár gclaontachtaí.

Is é an dara ceacht ná gurb éard atá i gceist le ceannaireacht dóchas a thabhairt.

Smaoinigh ar an athrú aeráide, mar shampla. Ceann de na dúshláin is mó atá os comhair ár bpláinéid. Bagairt dhomhanda, bagairt a bhfuil tionchar aici orainn ar fad.

Tá a fhios agam go bhfuil sé ag cur isteach ar an nglúin seo go háirithe, an tuiscint go bhfuil apacailipsis aeráide os ár gcomhair agus go mb’fhéidir go bhfuil sé ródheireanach aon rud a dhéanamh chun an pláinéad a shábháil.

Dá réir sin, teastaíonn ceannaireacht chun gníomhú ar son na haeráide. Agus creidim chomh maith, go bhfuil gá le ceannaireacht lena chur ina luí ar dhaoine nach bhfuil sé ródheireanach rud éigin a dhéanamh. Is féidir linn stop a chur leis an athrú aeráide agus ár gcineál saoil, ár gcórais eacnamaíocha agus pholaitiúla a chosaint.

Níl gá le scriosadh ár bpláinéid. Níl sé dosheachanta. Is féidir stop a chur leis.

Is féidir gníomhú, agus is faoi cheannairí idirnáisiúnta atá sé, agus is faoi phobail atá sé gníomhaíocht a éileamh, agus is faoi dhaoine aonair atá sé gníomhú.


Ní mór go mbeadh ár gcuid uaillmhianta bunaithe ar an gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Sa bhaile, ní mór dúinn ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun cabhrú leis an aeráid a chobhsú do na glúnta amach anseo. Baineann tábhacht chomh maith le haer níos glaine, tithe níos teo agus poist agus gnóthaí na todhchaí a chruthú, deiseanna aeráide a thapú chun saibhreas nua a chruthú.

Ar leibhéal idirnáisiúnta, ní mór dúinn oibriú le daoine eile, tíortha i mbéal forbartha go háirithe.

Is iad na tíortha is lú forbartha ar domhan is mó atá thíos leis mar gheall ar athruithe aeráide suntasacha: fairsingiú fásaigh, aimsir níos measa, agus tuilte. Tá daonraí á ndíláithriú mar gheall air seo, mar aon le cur isteach eacnamaíoch agus sóisialta.

Beidh orainn gníomhú.

Is é an tríú ceacht nach mór duit glacadh le cáineadh.

Uaireanta, bíonn cáineadh tuillte, agus ní mór duit éisteacht fiú mura bhfuil tú ag iarraidh. Tá sé bailí go háirithe nuair a thagann sé ó dhaoine atá ag tacú leat, agus ar mian leo go n-éireoidh go maith leat féin agus leis an tír.

Ar ndóigh, uaireanta eile ní bhíonn aon bhunús leis, agus ní mór é a ligean i ndearmad. Léigh mé alt le déanaí ina raibh mo chur chuige maidir le Brexit á lochtú, bunaithe den chuid is mó ar chruinniú nár tharla riamh, agus tugadh ‘Lenny Verruca’ orm, Ní tráchtaireacht shofaisticiúil a bhí ann!

Fiú má cháintear thú, ní féidir éirí as an rud atá ceart dar leat. Uaireanta, is cuid den cheannaireacht rudaí a dhéanamh a cháinfear go géar.

Tá a fhios againn gur dúshlán ollmhór é Brexit dúinn ar fad ar an oileán seo.


Mar Thaoiseach, tá iarracht déanta agam an rud ceart a dhéanamh i gcónaí, i bhfianaise ról Rialtas na hÉireann mar chomhráthóir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Níl dearmad á dhéanamh agam ach oiread ar neamhláithreacht leanúnach Fheidhmeannacht agus Chomhthionól Thuaisceart Éireann.

I ré seo na géarchéime, ní mór go mbeadh guth dá chuid féin ag Tuaisceart Éireann.

Is léir óna stair gur féidir athruithe a dhéanamh.

Chuir sochaí phoiblí ina luí ar cheannairí polaitiúla céimeanna misniúla i dtreo an athraithe a thógáil. Idir ghluaiseacht Peace People agus Chomhghuaillíocht Ban Thuaisceart Éireann, agus Phobal Corrymeela agus na mílte fear agus ban a chothaíonn teachtaireacht na síochána agus an athmhuintearais gach lá ina bpobail féin.

Is é naisc a chothú idir pobail an bealach is fearr chun deireadh a chur le bacainní.

A dhaoine uaisle, nuair a bhí mise ag taisteal go Béal Feirste, mhol duine éigin dom gur cheart gur rosc catha do ghlúin nua de cheannairí polaitiúla a bheadh i m’óráid.

Dúirt mé nach raibh an ceart ag an duine a dúirt an méid sin.

Ní gá do cheannairí na todhchaí spreagadh a fháil uaimse. Mar oibrithe pobail, mar cheannairí gnó áitiúla, mar ghairmithe óga, tá sibh ag léiriú cheana féin céard is féidir a bhaint amach.


Is ábhar spreagtha sibhse domsa. Is ábhar spreagtha é go bhfuil glúin nua de mhic léinn agus de dhaoine óga ar spéis leo todhchaí Thuaisceart Éireann, todhchaí na hÉireann agus na hEorpa, agus todhchaí ár bpláinéid.

A thuigeann na baic, a thuigeann na bacainní, agus atá sásta dul sa seans.

Atá sásta botúin a dhéanamh.

A fhéachann ar fhadhbanna agus a chruthaíonn réitigh.

A chreideann gur féidir athrú a dhéanamh.

Sin é bhur scéal, agus guím gach rath oraibh.

Go raibh maith agaibh.