Foilsithe ar 

Óráid leis an Taoiseach, An Cruinniú Mullaigh Digiteach, Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

Móradh daoibh ar maidin.

Is deas liom fáilte a chur romhaibh go léir go Cruinniú Mullaigh Digiteach na bliana seo. Go raibh maith agaibh as teacht anseo inniu, ar thaisteal go leor díobh anseo ó áiteanna thar lear.

Tá fáilte romhaibh go léir.

Ba é mo chéad imeacht poiblí mar Thaoiseach an t-imeacht seo dhá go leith bliain ó shin, nuair ar tugadh an Cruinniú Mullaigh Sonraí air.

Bhí dul chun cinn tapa á dhéanamh ag domhan na teicneolaíochta agus an digitithe ag an tráth sin, agus is cosúil go bhfuil luas an athraithe ó shin i leith éirithe níos tapúla.

Seoltar an méid céanna ríomhphost in aon lá amháin inniu leis an méid litreacha a sheoltar sa phost i mbliain. Beagnach 300 billiún.

Tá an bealach a dhéanaimid idirghníomhú lena chéile athraithe go mór ag nascacht ar líne.

Cruthaíonn sé neasacht agus cruthaíonn sé costas, chomh maith.

Tá rudaí a bhíodh ina bhficsean eolaíochta cúpla bliain ó shin mar chuid dár saol laethúil anois.

Intleacht Shaorga,

gluaisteáin gan tiománaí,

máinliacht róbatach.

Cuireann sé ina luí orainn roinnt ceisteanna móra fealsúnacha agus praiticiúla a chur. Cé atá i gceannas, an mbeidh claontacht ann agus conas a chinntímid trédhearcacht agus cuntasacht?

Ar a fheabhas, tá domhan an ábhair agus an eolais daonlathaithe ag an teicneolaíocht nua;

Ar a mheasa, is féidir é a úsáid chun an daonlathas féin a threascairt.

Ní mór dúinn gach rud atá maith a chosaint agus cur in aghaidh gach rud atá olc.

Tá ár saol go léir á athrú ó bhonn ag an Réabhlóid Dhigiteach ar ráta nach raibh súil leis.

Chun aghaidh a thabhairt ar an todhchaí seo, teastaíonn cruthaitheacht, samhlaíocht agus misneach agus bíonn ról agaibh féin ann seo.

Ceist bhunúsach, ach buncheist, mar sin féin, é - ‘conas a chinntímid go bhfreastalaíonn forbairtí teicneolaíochta ar na daoine agus go gcuireann siad lenár bhfolláine?’

Tá orainn dúshlán a chur romhainn chun na freagraí a fháil agus chun leanúint le ceisteanna nua a chur. Agus is é sin díreach atá i gceist leis an gCruinniú Mullaigh Digiteach.

Spás atá ann seo inar féidir linn plé a dhéanamh ar conas na torthaí is fearr a bhaint amach don tsochaí ó gach ceann de na hathruithe seo.

Tionóladh an Cruinniú Mullaigh trí bliana ó shin mar bhealach chun cur le ról na hÉireann mar láthair a chuireann fáilte roimh chuideachtaí ardteicneolaíochta.

Theastaigh spás uainn ina bhféadfaimis plé a dhéanamh ar an tionchar a imríonn an teicneolaíocht ar phríobháideachas, cosaint sonraí, cibearshlándáil, agus saincheisteanna eile a bhí ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí i measc rialtas agus saoránach.

Tá Éire dea-shuite chun na díospóireachtaí seo a chur ar siúl agus a chothú. Is sinne príomhláthair theicneolaíochta na hEorpa. Atá ceangailte trínár stair agus ár ngnó leis na Stáit Aontaithe. Agus atá ceangailte leis an domhan trínár ndiaspóra.

Tá baint lárnach ag obair ár nIonad Taighde maidir leis seo – agus is eol dom go bhfuil taispeántas á dhéanamh inniu ag ADAPT, CONFIRM, CONNECT, FutureNeuro, INSIGHT, LERO agus VistaMilk Tá an taighde agus an tionscal á gceangal againn trí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann chun réitigh nua ar dhúshláin nua a fhorbairt. Infheistíocht amach anseo a bhfuil tairbhe á baint de cheana féin.

Bíonn rialtais i bponc níos minice mar gheall go mbíonn éilimh níos mó ann ar an teicneolaíocht a rialáil ach nach mbíonn sé i gceist srian a chur ar an nuálaíocht agus an tráchtáil.

Tugtar an cineál seo díospóireachta faoi deara níos minice ar leibhéal Eorpach agus caithfimid bealach a aimsiú chun an cúrsa ceart a rianú.

Cuireann an Cruinniú Mullaigh na huirlisí ar fáil dúinn chun ár mbealach a dhéanamh thart sna huiscí seo a d’fhéadfadh bheith an-chontúirteach. Cuirfear bhur gcuid breithniúchán inniu in iúl don Rialtas agus cabhróidh siad lenár ngníomhartha amach anseo a mhúnlú agus chun ár mbeartais a fhorbairt.

Creidim go gcothaíonn athrú digiteach nascacht agus oscailteacht.

Teastaíonn ceangail uainn a bhaineann gach cearn den domhan amach.

Is é seo bunchoincheap ár bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, go mór mór. Teastaíonn uainn a chinntiú go mbíonn na deiseanna céanna ag daoine a chónaíonn i mbailte agus sráidbhailte beaga i gceantair thuaithe a bhíonn acu siúd a chónaíonn i gceantair uirbeacha. Mar sin, tabharfaimid leathanbhanda ardluais, ar leathanbhanda snáithín é, a fhad leis an teach agus an t-áitreabh ar fud na tíre i rith na chéad 7 mbliana eile amach romhainn, agus beimid ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a thug leathanbhanda snáithnín a fhad le gach teach agus gnólacht sa tír.

Chomh maith leis sin, cuirfidh sé ar ár gcumas ár mbonneagar digiteach a uasghrádú.

Ar an mbealach seo, is féidir linn na tairbhí geilleagracha agus sochaíocha a uasmhéadú a chruthaíonn digitiú agus a éifeachtaí bunathraithe.

Cruthaíonn cibear-sceimhlitheoireacht agus cibearchoireacht, agus cibearionsaithe bagairt slándála timpeall an domhain atá ag dul i méid.

D’iarramar, mar sin, ar an ÚFT chun braisle cibearshlándála a bhunú i ndeisceart an chontae, chun mais chriticiúil d’eolas agus taighde a ghiniúint. Tá ár nIonad Náisiúnta a dhéileálann le cibearchoireacht neartaithe againn, chomh maith.

Tá réitigh ann, ach tá orainn na bagairtí a shainaithint ar dtús, iad a aonrú, agus iad a neodrú.

Faoi mar is eol dúinn, tá éifeacht throm ag digitiú ar gheilleagair agus sa mhargadh saothair ach go háirithe. Meastar gur dóchúil, i gcaitheamh na chéad fhiche bliain eile amach romhainn, go n-imreoidh uathoibriú tionchar ar dhá phost as gach cúig phost in Éirinn ar bhealach éigin agus, dar ndóigh, cuirfear deireadh le roinnt díobh.

Baineann rudaí dearfacha le leathadh teicneolaíochtaí nua – poist nua agus gnólachtaí nua agus saibhreas nua a chruthú, agus go deimhin, gairmeacha beatha nua.

Creidim gur gá na scileanna a thabhairt don chéad ghlúin eile chun na deiseanna seo a thapú a chruthaíonn na teicneolaíochtaí seo agus a dtábhacht agus a gcumas a thuiscint ó aois luath.

Déanfar airgeadra na todhchaí de scileanna TFC. Mar sin, i gcaitheamh na chéad deich mbliana eile amach romhainn, déanfaimid €2.2 billiún a infheistiú inár mbonneagar oideachais. Agus mar chuid den Tionscnamh Caipitil Dhaonna nua, tá €300 milliún á infheistiú againn in ardoideachais i gcaitheamh tréimhse 5 bliana.

Aithníonn an Rialtas go bhfuil domhan na hoibre ag athrú gach lá, mar sin, ní foláir dúinn athrú leis. Trínár mbeartas geilleagrach nua, Future Jobs Ireland, táimid ag oibriú chun go seasfaidh ár ngeilleagar agus ár bhfiontraíocht an aimsir.

Tá lánfhostaíocht beagnach bainte amach ag Éirinn, mar sin, ní féidir linn scíth a ligean - is eol dúinn nach mbeidh go leor de na poist seo ann sna blianta amach romhainn. Chomh maith leis sin, caithfimid a chinntiú, mar sin, go bhfuilimid chun tosaigh maidir leis na poist amach anseo; na gnólachtaí amach anseo agus an saibhreas amach anseo a aimsiú.

Táirgiúlacht a fheabhsú, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú, scileanna nua a fhorbairt agus tallann a mhealladh. Táimid ag teacht i dtír, chomh maith, ar dheiseanna atá ag teacht chun solais ó athrú nuálaíochta agus teicneolaíochta anuas ar an aistriú chuig an ngeilleagar ísealcharbóin.

Ar leibhéal Eorpach agus laistigh den Aontas Eorpach tá an Margadh Aonair Digiteach á fhás go gníomhach againn.

Dhearbhaigh an Coimisiún a thabharfar isteach, a bhfuil Ursula von der Leyen i gceannas air, go bhfuil sé i gceist acu an Eoraip a oiriúnú don Aois Dhigiteach.

Bhí an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir le cosaint sonraí, a bhuíochas leis an RGCS a thabhairt isteach, a bhfuil caighdeáin á n-ardú aige ar fud an domhain.

Is gá dúinn an dliteanas agus na rialacha sábháilteachta a uasghrádú le haghaidh ardáin dhigiteacha, freisin.

Chruthaigh an t-idirlíon tairbhe an-mhór, ach is féidir mí-úsáid a bhaint as, chomh maith.

Tá ardchéim bainte amach anois againn in Éirinn i dtaobh tograí a fhorbairt do Choimisiún um Shábháilteacht ar Líne, a mbeidh cumhachtaí forfheidhmiúcháin aige, a chinnteoidh go mbíonn struchtúir i bhfeidhm ag na seirbhísí seo chun úsáideoirí, go háirithe leanaí, a choimeád sábháilte ar líne.

Tuigimid, áfach, go sáraíonn an Gréasán Domhanda teorainneacha náisiúnta agus caithfimid oibriú le náisiúin a bhfuil an dearcadh céanna acu, dá bharr.

Ghlac Éire le hÉileamh Theampall Chríost chun deireadh a chur le hábhar sceimhlitheoireachta agus antoisceach foréigneach ar líne anuraidh, trí oibriú le náisiúin eile, go háirithe an Nua-Shéalainn agus an Fhrainc.

Pléifidh mé conas éileamh Theampall Chríost a thabhairt chun cinn an tseachtain seo chugainn i Nua-Eabhrac, ag Comhthionól Ginearálta na NA, le Cinn Stáit agus Rialtais eile.

Táimid tiomanta do chaighdeáin tionscail agus cleachtais rialála a fhorbairt atá ar aon dul le hidirlíon saor, ar oscailt agus slán.

Déanfaidh rialtais idirlíon níos sábháilte a fhorbairt trí ghníomhú i gcomhar le soláthraithe seirbhíse ar líne. Trí úsáid a bhaint as breithiúnas chun cinneadh a dhéanamh faoin méid atá agus nach bhfuil inghlactha.

Caithfimid iarracht a dhéanamh chun go n-oibríonn nascacht dhigiteach ar son gach duine: tuismitheoirí, gnólachtaí, fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus, dóibh siúd is tábhachtaí, saoránaigh.

Ceapaim go ndéanfaidh na comhráite a bheidh agaibh i rith an Chruinnithe Mullaigh seo agus ina dhiaidh todhchaí na teicneolaíochta agus an bheartais a mhúnlú. Mar sin, táimid ag tnúth le héisteacht leis an méid atá le rá agaibh.

Go raibh maith agaibh go léir as freastal ar an gCruinniú Mullaigh agus go raibh maith ag baill Fhóram Sonraí an Rialtais as é a chomhóstáil linn agus ag ár gcomhpháirtithe go léir as daoine a thabhairt le chéile.

Tá súil agam go mbaineann sibh go léir taitneamh as an imeacht, agus i gcás na ndaoine atá ar cuairt ó áiteanna lasmuigh den tír, tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as bhur gcuid ama i mBaile Átha Cliath agus in Éirinn.