Foilsithe ar 

Óráid leis an Taoiseach, Cruinniú Mullaigh Future Jobs

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

Seiceáil in aghaidh Soláthair

A Aire, a dhaoine uaisle, móradh daoibh ar maidin.

Is é Tangent, Spás Oibre Smaointe na Tríonóide, an t-ionad is oiriúnaí le haghaidh dara Cruinniú Mullaigh Future Jobs an lae inniu. Is in Éirinn atá an sciar is airde san AE de dhaoine fostaithe a bhfuil céimeanna tríú leibhéal bainte amach acu, agus tá daoine óga i gceartlár ár bhforbartha geilleagraí.

Go raibh maith agat, a Richard, as modhnóireacht a dhéanamh inniu. Gabhaim buíochas, chomh maith, lenár cainteoir, Saadia Zahidi, as bheith inár dteannta chun a léargas a roinnt ar na hathruithe ó bhonn atá ag teacht ar an ngeilleagar domhanda.

Snáithe éagsúil de shochaí na hÉireann atá i ngach uile dhuine atá anseo agus tá saineolas acu maidir le conas a d’fhéadfaimis freagairt do na dúshláin agus na deiseanna a bheidh romhainn sna blianta amach romhainn.

Is é Future Jobs Ireland ár bplean uaillmhianach chun geilleagar a dhéanamh dár ngeilleagar a sheasfaidh an aimsir, chun poist nua, saibhreas nua, agus gnólachtaí nua a chruthú. Ullmhaíonn sé sinn do na dúshláin mhóra - cibé acu má bhíonn cogaí trádála, teacht chun cinn an uathoibrithe agus na hintleachta saorga, nó an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin i gceist.


Tá na leibhéil is airde d’fhostaíocht bainte amach inniu againn, tá leibhéil ioncaim ag dul in airde, tá rátaí bochtaineachta agus díothachta ag ísliú, agus tá barrachas ann sa bhuiséad, in ainneoin timpeallacht dhúshlánach agus dhothuartha gheilleagrach dhomhanda.

Seo an bunchúis atá le Future Jobs Ireland – feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus athléimneacht gheilleagar na hÉireann chun caighdeáin mhaireachtála mhuintir na hÉireann a bhaint amach agus a fheabhsú don todhchaí.

Tá an líon is airde riamh 2.3 milliún duine ag oibriú anois, i ngeilleagar an-iomaíoch, agus tá lucht saothair againn ar cuireadh oideachas maith agus a bhfuil ardscileanna acu. Ach ní dhéantar dul chun cinn geilleagrach a thomhas díreach de réir staitisticí geilleagracha. Tomhaistear é de réir na difríochta a dhéanann sé do theaghlaigh, do dhaoine aosta, do thuismitheoirí a oibríonn go dian, agus do dhaoine a bhfuil streachailt orthu chun greim a choinneáil faoin bhfiacail.

Tá athrú tapa ag teacht ar an domhan. Leanann an teicneolaíocht le bealaí nua a thabhairt le fios chun gnó a dhéanamh agus le deiseanna nua geilleagracha a chruthú. Ní hé saghsanna na bpost a athróidh, ach tiocfaidh athrú ar an mbealach a dhéanaimid obair.

Cinntíonn Future Jobs Ireland, chomh maith, go mbíonn ar chumas oibrithe agus fiontar aistriú go rathúil de réir mar a thagann athrú ar ár ngeilleagar, agus go gcuirtear isteach ar thionscail agus cleachtais thraidisiúnta.

Má dhéanaimid oiriúnú anois, is féidir lenár bhfiontair bheith iomaíoch agus lenár sochaí bheith athléimneach i gcónaí. Mura ndéanaimid oiriúnú, titfimid ar gcúl go tapa.

Mar sin, is ionann Future Jobs Ireland – faoi stiúir an Aire Humphreys – agus cur chuige réamhghníomhach chun botún a rinneadh san am atá imithe thart a sheachaint, nuair a bhraitheamar an iomarca ar roinnt bheag earnálacha agus nuair a bhíomar réchúiseach faoi na rioscaí geilleagracha amach anseo.


Is simplí do mo theachtaireacht, ní ghlacfar le haon réchúis ar leibhéal ar bith laistigh den Rialtas, faoi mar a bhaineann le geilleagar na hÉireann.

Chonacthas dúinne le roinnt seachtainí beaga anuas gur féidir le caillteanais phoist tarlú de réir mar a imríonn forbairtí idirnáisiúnta tionchar ar an ngnó, fiú nuair a bhíonn geilleagar i gceist a bhfuil borradh ag teacht air, ar nós ár ngeilleagair féin. Mairimid i ndomhan ina mbíonn luas an athraithe ina chúis eagla, amanna, mura bhfuilimid ullmhaithe dó. Caithfimid bheith ar thús cadhnaíochta, dá bharr.

Cé go dtuigtear nach dtugann an pobal i gcoitinne aird ar an tsaincheist seo ach nuair a bhíonn géarchéim gheilleagrach ann, caithfidh gach duine sa seomra seo díriú air go leanúnach.

Níl orainn súil chomh fada siar a chaitheamh chun cuimhneamh ar thráth inar spreag feidhmíocht mhaith gheilleagrach ní hamháin réchúis ach mórtas.

Cé nach mór dúinn féachaint chun cinn i gcónaí, caithfimid súil siar a choimeád, chomh maith. Ní féidir linn a sheachaint na botúin chéanna a dhéanamh amach anseo ach tríd an am atá imithe thart a thuiscint.

Tá na botúin a rinneadh go gairid fós greanta go docht ar ár dtír go fóill.

Is féidir iad a thabhairt faoi deara i ndaonra a bhfuil eagla air go fóill go bhfillfimis ar an tréimhse ba mheasa de na laethanta siúd mar gheall ar aon suaitheadh seachtrach. Cruthúnas dearfach ina leith sin atá sa tionchar a d’imir éiginnteacht faoi Brexit ar mhuinín tomhaltóirí.

Is féidir iad a thabhairt faoi deara in earnáil tógála nach bhfuil ach ag filleadh go corrach ar an leibhéal ba cheart a bheith bainte amach aige. Is féidir na hiarmhairtí atá aige sin a thabhairt faoi deara sna dúshláin atá romhainn maidir leis an nganntanas tithíochta.


Is féidir na loirg a thabhairt faoi deara ar an mbealach gur éalaíomar glúin infheistíochta, nuair nach raibh an t-airgead ag an tír lena infheistiú sa bhonneagar a theastaíonn go géar uaithi – bíodh it leathanbhanda, bóithre, iompar poiblí, ospidéil nó uisce i gceist leis. Níl seo á chur ina cheart ach faoi láthair trí Thionscadal Éireann 2040, atá á sholáthar ar fud ár dtíre go léir.

Is féidir na loirg a fheiceáil ar leagáid ghlúine d’fhir agus mná Éireannacha arbh éigean dóibh Éire a fhágáil chun poist agus deiseanna a aimsiú thar lear. Daoine a bhfuil aithne againn orthu a chuir fúthu, a raibh leanaí acu agus a shaothraigh gairmeacha beatha dóibh féin ar fud na cruinne seachas ar fud ár n-oileáin.

Tá an díobháil a rinneadh an tráth sin curtha ina ceart, ach tá an lorg ann go fóill.

Is ar na cúiseanna soiléire agus pianmhara sin go bhfuil an Rialtas dírithe ar a chinntiú go leantar leis an dul chun cinn geilleagrach a rinneadh le blianta beaga anuas agus go gcosnaítear é. Ní chuirfear amú é, go brách.

Tá ina fhaisean le déanaí chun bheith amhrasach in aghaidh ár samhla d’infheistíocht dhíreach eachtrach. Thug roinnt daoine le fios nár cheart infheistíocht isteach a dhéanamh in Éirinn, agus gur cheart dúinn leanúint ar aghaidh gan é sin a dhéanamh.

Tá daoine eile ann a thosaigh le rogha bhréagach a chur ar fáil. Gur gá dúinn rogha a dhéanamh idir timpeallacht thacúil le haghaidh infheistíocht dhíreach eachtrach nó tacaíocht a thabhairt d’fhiontair dhúchasach fiontair agus ár bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Níl cúrsaí dubh agus bán.


Mar gheall ar thimpeallacht chomhsheasmhach agus fháilteach, agus tallann agus oscailteacht an lucht saothair, baineann Éire taitneamh as clú a bheith uirthi bheith ar cheann de na háiteanna is mealltaí le haghaidh infheistíocht dhíreach eachtrach. Táimid dírithe ar an gclú sin a chosaint agus cur leis.

Nuair a sheol mé Future Jobs Ireland siar i Márta, bheartaigh mé go mbeadh a mhacasamhail de chlú orainn faoin mbliain 2025 mar gheall ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide dinimiciúla ardghnóthachtála faoi úinéireacht Éireannach a bheith ann ina bhfuil lucht saothair ildánach agus oiriúnaithe. Sin é an chéad chéim eile dár bhforbairt gheilleagrach náisiúnta.

Ní thagann an dá sprioc seo in adharca a chéile. Is féidir leo, ní mór dóibh agus caithfidh siad cur lena chéile. Trí dhíriú ar an ngá atá lenár bhfiontair dhúchasacha a fhorbairt, níl sé i gceist agam in aon chor chun neamhaird a thabhairt ar infheistíocht dhíreach eachtrach.

Más mian linn go mbainfidh ár n-earnáil fiontair bheaga agus mheánmhéide taitneamh as ardleibhéil táirgiúlachta a theastaíonn uainn lena dheimhniú conas is féidir leis na cuideachtaí siúd foghlaim ón gcohórt ilnáisiúnta ardfheidhmíochta. Is gá dúinn réadúlacht, seachas ábhar cainte, a dhéanamh den éifeacht iarmhartach.

Cabhraíonn Cruinniú Mullaigh an lae inniu linn chun ullmhú do gheilleagar agus domhan an lae amáraigh.

Go raibh maith agaibh as páirt a ghlacadh agus táim agus tnúth le bhur gcuid plé.