Foilsithe ar 

Ráiteas leis an Taoiseach ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019, Nua-Eabhrac

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

A Shoilsí,

Baineann an dath glas le mo thír, Éire, le beagnach míle bliain. Oileán Iathghlas Éireann.

Ba mhaith liom dá dtabharfaí tír Ghlas ar Éirinn amach anseo, mar gheall ar an mbealach a fhreagraímid do na dúshláin aeráide agus chomhshaoil atá roimh ár bpláinéad.

Teastaíonn ceannaireacht chun dul i mbun gnímh. Agus creidim go dteastaíonn ceannaireacht, chomh maith, lena chur ina luí ar dhaoine nach bhfuil sé ró-dhéanach chun gníomhú.

Ábhar spreagtha dúinn go léir anseo na leanaí agus daoine óga atá ar son na cúise seo agus a leanann le tús áite a thabhairt dó.

D’éisteamar le dearcthaí ár ndaoine trí Thionól na Saoránach agus tá comhdhearcadh forbartha againn trí Choiste Parlaiminteach Uile-Pháirtí.

Is eol dúinn an méid a dhéanfaimid anois a bhuíochas lenár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Tacóimid go mór leis, an bhliain seo chugainn, trí reachtaíocht nua um Ghníomhú ar son na hAeráide, buiséadú carbóin ina measc sin.

Táimid tar cosc a chur ar fhraiceáil cheana féin.

Tá ciste um ghníomhú ar son na haeráide againn a n-íocann tobhach a ghearrtar ar ola as.

Tá ár gciste infheistíochta Stáit i ndiaidh fáil réidh le breoslaí iontaise.

Cuirfimid cosc ar phlaistigh aonúsáide go luath agus tá an cosc sin á chur cheana féin ag ár n-earnáil phoiblí.

Gearraimid cáin charbóin agus tá comhaontú traspháirtí againn chun é a mhéadú aníos go dtí €80 in aghaidh an tonna faoin mbliain 2030.


Ón mbliain seo chugainn, déanfar an t-ioncam nua go léir a thiomsaítear ó cháin charbóin a imfhálú chun gníomhú nua ar son na haeráide agus aistriú cóir a chistiú. Aistriú cóir chun iad siúd a chosaint is mó atá nochta do chostais níos airde bhreosla agus fuinnimh agus ar gá poist nua a aimsiú dóibh.

Gníomhú ar son na haeráide chun claochlú ár gcóras iompair, leictreachais, foirgneamh agus táirgthe bia a chistiú. Cuirfidh seo na billiúin ar fáil chun athrú a bhaint amach.

Bainfimid gual dár n-eangach leictreachais faoin mbliain 2025. Tiocfaidh ardú ar ár leictreachas in-athnuaite aníos ó 30% inniu go dtí 70% i ndeich mbliana.

Faoin mbliain 2030, beidh cosc curtha againn ar fheithiclí nua peitril agus díosail a dhíol. Beidh go leor dár bhflít leictrithe againn faoin tráth sin. Busanna hibride a bheidh sna busanna poiblí nua go léir a cheannófar as seo amach.

Cuirfimid 440 milliún crann agus oibreoimid le tíortha eile chun Comhbheartas Talmhaíochta an AE a athchóiriú chun íocaíochtaí a aistriú i dtreo feirmeoirí a dhéanann feirmeoireacht ar bhealaí níos inbhuanaithe agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Le seachtain anuas, i ndiaidh dom é a iarraidh, mhol ár gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide neamhspleách gur cheart deireadh a chur le taiscéaladh d’ola, mar gheall nach n-oireann sé do thodhchaí ísealcharbóin.

Mhol siad gur cheart leanúint le taiscéaladh le haghaidh gás nádúrtha i dturas an ama, mar bhreosla aistrithe a theastóidh uainn go ceann blianta fada amach romhainn fad a dhéantar roghanna eile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Glacaim leis an gcomhairle seo agus gníomhóidh Éire ina leith anois.


Tá an comhrialtas ullmhúcháin á stiúradh againn maidir le rannpháirtíocht daoine óga agus an phobail ar Oileáin Marshall, sa Nigéir agus sa Namaib.

Agus tugann ár mbeartas forbartha idirnáisiúnta nua tús áite do na tíortha siúd is mó is leochailí d’athrú aeráide – géarchéim nach bhfuil an locht orthu mar gheall air – go háirithe na Tíortha is Lú Forbartha agus Stáit Bheaga Oileáin atá i mbun Forbartha.

Creidim gur gá dúinn Aeráid Gnímh agus Deiseanna a chur in ionad Aeráid Eagla agus Imní.

Freagairt don dúshlán is mó le céad bliain anuas le cruthaitheacht, le samhlaíocht agus le misneach.