Foilsithe ar 

Déanann an tAire Martin agus Byrne comhghairdeas le foireann Rugbaí na hÉireann as an gCaithréim Mhór a Bhuachan

Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, comhghairdeas le foireann Rugbaí na hÉireann as bua stairiúil ar Shasana agus Caithréim Mhór na Sé Náisiún a bhuachan i Staid Aviva.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Déanaim comhghairdeas le foireann Rugbaí na hÉireann as bua iontach inniu ar Shasana, agus teideal na Sé Náisiún a bhuachan. Le linn chraobh na bliana seo, léirigh foireann na hÉireann go bhfuil siad in ann freagairt do gach dúshlán, agus is mór an chreidiúint iad don tír. Léiríonn rath leanúnach na foirne go bhfuil todhchaí gheal i ndán do Rugbaí na hÉireann, agus d’fhéadfadh bliain thábhachtach a bheith ann agus muid ag druidim le Corn an Domhain sa Fhrainc.”

 

Dúirt an tAire Byrne:

 

“Leanann foireann Rugbaí na hÉireann ag dul ó neart go neart. Daingníonn bua láidir na Sé Náisiún a stádas reatha mar an fhoireann is fearr ar domhan. Déanaim comhghairdeas le Andy Farrell agus a fhoireann agus imreoirí go léir mbua iontach sa chraobh."

 

CRÍOCH