Foilsithe ar 

400 scoláireacht do na coláistí Gaeilge ar leas iar-bhunscoileanna DEIS fógartha

  • Ciste €400,000 fógartha chun tacú le hionchuimsiú sóisialta  mar a bhaineann sé leis an nGaeilge

 

  • Infheistíocht bhliantúil bhreise c. €860,000 ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge – idir DEIS Gaeltachta agus ardú ar dheontas Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

 

  • Ciste bliantúil ar fiú c. €5.2m á chur ar fáil de thoradh seo uile (c €4.3m go dtí seo)

 

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt, Jack Chambers TD, inniu go bhfuil ciste €400,000 ceadaithe acu chun leathnú suntasach a dhéanamh ar gciste scoláireachta do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh.

 

Faoin gciste breise atá ceadaithe faoin mbeartas dar teideal DEIS Gaeltachta - ar cuireadh tús leis in 2019, beidh suas le 400 scoláire in aghaidh na bliana as iar-bhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht seachas 50 scoláire mar a bhíodh go dtí seo. Is fiú suas le €850 na scoláireachtaí a chuirfear ar fáil faoin gciste – a bheidh á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) thar ceann na Roinne.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Tá sé mar sprioc agam féín agus ag an Aire Stáit Chambers níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga nach bhfaigheadh an deis de ghnáth, le dul chun na Gaeltachta ar chúrsa Gaeilge. Ní amháin gur ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá an beart praiticiúil seo ach beidh sé ar leas an tsochaí trí chéile mar a bhaineann sé hionchuimsiú sóisialta.”

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Mar thoradh ar an ardú suntasach ar an gciste DEIS Gaeltachta beidh seans ag suas le 400 scoláire in aghaidh na bliana ó iar-bhunscoileanna DEIS lasmuigh den Ghaeltacht freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht, le cúnamh mo Roinne. Tá tábhacht faoi leith le bearta mar seo agus níl aon amhras orm ach go mbainfear leas as an méid atá fógartha.”

 

Bunaíodh an ciste DEIS Gaeltachta in 2019 tráth a cuireadh €50,000 ar fáil chun seans a thabhairt do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal a dhéanamh ar cheann de na Coláistí Gaeilge atá aitheanta ag an Roinn. De thoradh an bheartais atá fógartha beidh 400 scoláireacht in aghaidh na bliana ar fáil seachas 50 scoláireacht ó bunaiodh an tionscnamh trí bliana ó shin.

 

Tá an chéim seo i gcomhréir leis an ngealltanas faoi leith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 maidir le hearnáil na gcoláistí Gaeilge agus beidh sé mar thacaíocht bhreise do théarnamh na hearnála a bhí dúnta le dhá bhliain anuas de bharr COVID-19. Tá na socruithe ina leith chun an beart a chur chun feidhme idir lámha cheana féin ag an GRTEB.

 

Tagann sé sna sála ar an ardú 10% atá ceadaithe le déanaí ar an deontas laethúil atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail chóras na gColáistí Gaeilge. Fágann na beartais faoi leith seo  - ar fiú c €860,000 iad le chéile, go mbeidh tuairim is €5.2m san iomlán á infheistiú feasta ag an Roinn go bliantúil san earnáil seo faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

 

CRÍOCH