Foilsithe ar 

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge Bunaithe

 

Tá bunú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D. le héifeacht ón 20 Meitheamh.

 

Is lá mór é seo agus céim eile chun tosaigh glactha anois ó thaobh chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a síníodh ina dhlí i mí na Nollag 2021. Sonraíodh faoi fhorálacha ábhartha an Achta sin go mbunófaí an Coiste Comhairleach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis achtú an Achta, rud atá déanta anois.

 

Leagtar amach feidhmeanna sonracha an Choiste Chomhairligh san Acht, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Tá ullmhú an Phlean Náisiúnta ag teacht le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach agus is é sin, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030.

 

Mar a sonraíodh san Acht, tá comhaltas an choiste comhdhéanta anois de:

  • ionadaithe ó na trí eagras a luadh go sonrach san Acht, is iad sin an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí;
  • ionadaithe ó 6 comhlacht poiblí eile a chinn na hAirí a bhí lárnach sa phróiseas ábharthach seo; agus
  • beirt chomhaltaí a ceapadh trí phróiseas earcaíochta a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí  - ionadaí amháin ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus ionadaí eile ar limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta iad. Baineadh leas as an bpróiseas earcaíochta chun a chinntiú go bhfuil an bheirt chomhaltaí seo a ceapadh inniúil i labhairt na Gaeilge agus go bhfuil taithí earnála acu ar réimse na pleanála teanga, na pleanála straitéisí agus taighde mar aon le hard-scileanna cumarsáide agus idirphearsanta.

 

Chuige sin, is mar seo a leanas atá ballraíocht an choiste:

 

  • *An Dr. Aodhán Mac Cormaic: An Roinn Turasóireachta Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
  • John Howlin: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • John Keegan: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
  • Eithne Fox: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Ceannfort Sean Glynn: An Garda Síochána
  • Eoin Ó Seaghdha: An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Ciara Molloy: An Roinn Oideachais
  • Breandán Mac Craith: Foras na Gaeilge
  • John Breen: An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
  • John Prendergast: Pobail Teanga Gaeltachta
  • Máiréad Ní Ghabháin: Pobail Teanga lasmuigh den Ghaeltacht

 

 

Tá an Dr. Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, roghnaithe ag an mbeirt Airí le bheith ina Chathaoirleach eatramhach ar an gcoiste go dtí go dtosóidh Príomhoifigeach breise sa Roinn i mí Lúnasa ar mhaithe le cur i bhfeidhm an Achta a thiomáint trasna an státchóras.

 

Ag labhairt faoi na ceapacháin inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge bunaithe anois. Measaim go bhfuil réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí atá roghnaithe le bheith ar an gcoiste agus go mbeidh ionchur fairsing ar ábhair éagsúla againn dá réir, rud a thagann le cuspóirí foriomlána an Achta a bhaint amach. Tréaslaím ach go háirithe a gceapacháin ar an gcoiste le Máiréad Ní Ghabháin agus John Prendergast thar ceann phobal na Gaeilge, lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht faoi seach. Beidh ról lárnach ag an gcoiste seo i dtaobh bealaí a aithint trína dtabharfar faoi mhéadú a chur ar sholáthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Táim buíoch do chomhaltaí uile an choiste as a gcuid ama a thabhairt agus as bheith páirteach ar an gcoiste.”

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

"Le bunú an choiste seo inniu, táim ar bís go bhfuil céim eile chun tosaigh glactha againn ó thaobh Acht na dTeangacha (Leasú) 2021 a chur i bhfeidhm. Is féidir linn aghaidh a thabhairt anois ar an taighde ábhartha atá de dhíth chun a chinntiú go ndéanfar an Plean Náisiúnta maidir le méadú a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge afhoilsiú, mar atá sonraithe san Acht, laistigh de dhá bhliain ó bhunú an choiste. Mar chuid den Phlean Náisiúnta beidh spriocdháta á shocrú faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Ghaeilge – beart atá á éileamh ag pobal na Gaeltachta le blianta fada anuas.

 

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh le comhaltaí nua an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, gach rath a ghuí orthu ina gcuid oibre amach anseo agus buíochas a ghabháil leo as a dtiomantas i leith na Gaeilge. Táim cinnte go dtabharfaidh siad faoin obair seo le díograis agus le dúthracht agus go mbeidh lorg a gcuid oibre le sonrú ar an dul chun cinn a dhéanfar i dtaobh na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí sna blianta fada amach romhainn.”

 

CRÍOCH