Foilsithe ar 

An Fleadh ar Siúl den Chéad Uair le Dhá Bhliain Anuas le Tacaíocht ón Roinn

Cuireann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, fáilte ar ais roimh Fhleadh Cheoil na hÉireann den chéad uair le dhá bhliain anuas de bharr na Paindéime. 

 

Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), a fuair maoiniú €2 mhilliún ón Roinn in 2022, ag eagrú na hócáide tábhachtaí cultúrtha seo ó reáchtáladh an chéad cheann sa Mhuileann gCearr in 1951.

 

Breathnaítear air anois mar an ceiliúradh bliantúil is mó ar domhan ar cheol, ar theanga, ar amhránaíocht agus ar dhamhsa na hÉireann agus mar cheann de na féilte cultúrtha is mó san Eoraip.

 

Fillfidh Fleadh Cheoil na bliana seo, dar teideal ‘An Teacht Abhaile’ ar an Muileann gCearr ón 31 Iúil go dtí an 7 Lúnasa. Cheadaigh an tAire Martin leithdháileadh sonrach €100,000 i dtreo chostais eagrúcháin Fhleadh na bliana seo atá san áireamh i leithdháileadh maoinithe foriomlán CCÉ 2022.

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Cuirim fáilte ar ais roimh Fhleadh na hÉireann den chéad uair le dhá bhliain anuas. Ócáid chultúrtha atá thar a bheith tábhachtach dár náisiún is ea í seo, ach spreagann sí an turasóireacht áitiúil ar bhealach mór chomh maith agus ní bheadh ​​sé indéanta ar chor ar bith gan an iliomad oibrithe deonacha agus lucht tacaíochta i gComhaltas agus sa phobal i gcoitinne.

 

Tá áthas orm saibhreas tallainne a fheiceáil ag teacht chun cinn arís ag leibhéal réigiúnach agus pobail tar éis tréimhse fhada dhúshlánach ina raibh daoine ag iarraidh a bheith cúramach le linn na srianta. Táimid ag tnúth anois le freastal arís ar na himeachtaí agus na cruinnithe sóisialta a bhaineann leis an bhFleadh Bliantúil. Gabhaim buíochas le agus guím gach rath orthu siúd a eagraíonn an imeacht iontach bliantúil seo.

 

I mbliana, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do dhúthracht agus tacaíocht shuntasach Chomhairle Chontae na hIarmhí agus Bhord Comhaltais Chontae na hIarmhí, a rinne i gcomhar lena sheacht gcraobh sa Mhuileann gCearr, Baile na Carraige, Baile Chaisleán na nGeochagán, Ráth Conarta, an Mhóta, agus Baile na gCros an tairiscint an Fleadh a thabhairt go baile bunaithe an Chomhaltais. D’éirigh lena a n-iarrachtaí agus a gcuid dianseasmhachta, agus tá súil agam go bhfaighidh siad luach a saothair ó thacaíocht agus freastal an phobail ar chlár na Fleidhe.”

 

Beidh TG4 ag craoladh beo ón bhFleadh Cheoil ón Aoine 5ú go dtí an Domhnach, 7ú Lúnasa gach oíche ón 9:30i.n go dtí a 11 i.n. Beidh na cláracha ar fáil ar fud na cruinne ar Seinnteoir TG4.

 

 

Críoch